An difríocht idir athruithe ar: "Martin Luther"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 31: Líne 31:
Is gnách glacadh leis gurbh é Máirtín Liútar a chuir bun leis an nGearmáinis scríofa mar is aithnid dúinn inniu í<ref>Panu Hoglund, [https://irishforenglishspeakers.blog/2017/04/10/ciclipeid-eile-another-unfinished-science-encyclopaedia-in-irish/ 10.4.2017] https://irishforenglishspeakers.blog/2017/04/10/ciclipeid-eile-another-unfinished-science-encyclopaedia-in-irish/</ref>.
Is gnách glacadh leis gurbh é Máirtín Liútar a chuir bun leis an nGearmáinis scríofa mar is aithnid dúinn inniu í<ref>Panu Hoglund, [https://irishforenglishspeakers.blog/2017/04/10/ciclipeid-eile-another-unfinished-science-encyclopaedia-in-irish/ 10.4.2017] https://irishforenglishspeakers.blog/2017/04/10/ciclipeid-eile-another-unfinished-science-encyclopaedia-in-irish/</ref>.


Chuir Liútar [[Gearmáinis]] ar an m[[An Bíobla|Bíobla]]. Rinne sé a dhícheall le teanga nádúrtha na cosmhuintire – caint na ndaoine – a aithris ina stíl féin. Bhí an-tábhacht leis an aistriúchán a rinne sé, nó bhí stíl líofa thíriúil dá chuid féin aige a chuir cor i gcinniúint na Gearmáinise mar [[Teanga (cumarsáid)|theanga]] [[Litríocht|liteartha]].
Chuir Liútar [[Gearmáinis]] ar an m[[An Bíobla|Bíobla]]. Rinne sé a dhícheall le [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] nádúrtha na cosmhuintire – caint na ndaoine – a aithris ina stíl féin. Bhí an-tábhacht leis an aistriúchán a rinne sé, nó bhí stíl líofa thíriúil dá chuid féin aige a chuir cor i gcinniúint na Gearmáinise mar [[Teanga (cumarsáid)|theanga]] [[Litríocht|liteartha]].
[[Íomhá:Luther-Catechism-1560-Leipzig.png|mion|Caiticeasma, 1560, Leipzig]]
[[Íomhá:Luther-Catechism-1560-Leipzig.png|mion|Caiticeasma, 1560, Leipzig]]
Mar sin féin, bhí traidisiúin áirithe liteartha ann roimh a lá-san, agus Liútar ag tabhairt airde ar nósanna na dtraidisiún seo lena chinntiú go mbeadh glacadh chomh fairsing lena shaothar agus ab fhéidir. I gcoimhthéacs amháin, ar a laghad, dúirt Liútar féin go raibh sé ag baint úsáid as teanga na Seansailéireachta Impiriúla, ar a dtugtaí ''Gemeines Deutsch'' nó an Ghearmáinis Choitianta, agus is léir go raibh tionchar nár bheag ag cleachtais na Seansailéireachta ar an nGearmáinis a scríobhadh sé. Pé scéal é, chuir sé casadh stíle ar an teanga seo a rinne i bhfad ní b’intuigthe ag an gcosmhuintir í, agus sin é an fáth gur glacadh lena aistriúchán Bíobla go fairsing forleathan.
Mar sin féin, bhí traidisiúin áirithe liteartha ann roimh a lá-san, agus Liútar ag tabhairt airde ar nósanna na dtraidisiún seo lena chinntiú go mbeadh glacadh chomh fairsing lena shaothar agus ab fhéidir. I gcomhthéacs amháin, ar a laghad, dúirt Liútar féin go raibh sé ag baint úsáid as teanga na Seansailéireachta Impiriúla, ar a dtugtaí ''Gemeines Deutsch'' nó an Ghearmáinis Choitianta, agus is léir go raibh tionchar nár bheag ag cleachtais na Seansailéireachta ar an nGearmáinis a scríobhadh sé. Pé scéal é, chuir sé casadh stíle ar an teanga seo a rinne i bhfad ní b’intuigthe ag an gcosmhuintir í, agus sin é an fáth gur glacadh lena aistriúchán Bíobla go fairsing forleathan.


== Gaeilge ==
== Gaeilge ==

Leagan ó 23:54, 31 Deireadh Fómhair 2017

Teimpléad:Bosca Sonraí Duine

B'é Máirtín Liútar (Gearmáinis: Martin LutherMartin Luder, Laidin: Martinus Lutherus. 10 Samhain 1483 - 18 Feabhra 1546) a chuir tús leis an Athleasú Creidimh, nuair a d'fholisigh sé na Cúig Théis Déag is Ceithre Scór i Wittenberg na Gearmáine ar an 31 Deireadh Fómhair 1517. B'eisean athair an Reifirméisin sa Ghearmáin.

Óige Mhairtín Liútair

Tháinig Máirtín Liútar chun saoil in Eisleben ar an 10 Samhain 1483. B'é Hans Luder a athair, agus Margaretha Lindemann a bhí ar a mháthair. Baisteadh an buachaill ar fhéile Máirtín ó Tours. B'as an naomh seo a d'ainmnigh a thuismitheoirí é.

Bhí a athair ina mháistir i bpoll mianaigh i Mansfeld, áit a rabhthas ag baint copair as an talamh, agus é in ann bia agus beatha a choinneáil lena theaghlach ionas nach raibh siad in aon chruachás. Theastaigh ó Hans státseirbhíseach a dhéanamh as a mhac, agus chuir sé ar scoil é. Fuair Máirtín a chuid scolaíochta i Mansfeld, Magdeburg agus Eisenach.

In aois a sheacht mbliana déag, sa bhliain 1501, chuaigh Máirtín ag staidéar in Ollscoil Erfurt. Bhain sé amach céim an bhaitsiléara sa bhliain 1502 agus céim an mháistir sa bhliain 1505. Is é an cineál léinn a roghnaigh sé san ollscoil ná an dlí, mar a theastaigh óna athair.

Scríobhneoireacht Martin Luther, 1581

I samhradh na bliana 1505, áfach, chuir cith tóirní cor ina chinniúint. Bhuail splanc thoirní an talamh in aice leis, díreach nuair a bhí sé ag dul chun na scoile. "A Naomh Áine", a sciorr air a rá, "cuidigh liom! Rachaidh mé sna manaigh!" [Brecht, vol. 1, p. 48]. Ó shíl sé gurb í Naomh Áine a tháinig chun tarrthála dó an lá áirithe sin, chomhlíon sé an gheallúint a bhí tugtha aige, nó d'éirigh sé as an dlí agus chuaigh sé sna manaigh.

Diagacht

Nuair a bhí sé ina mhanach Agaistíneach, agus é ag obair ina ollamh le diagacht, thosaigh Liútar ag éirí míshásta leis an Eaglais Chaitliceach. Fuair sé locht ar éilliú agus ar lobhadh na hEaglaise Caitlicí, agus é ag éileamh go bhfillfeadh an Eaglais ar ais ar na foinsí agus ar bhunteagasc Íosa Críost. Theastaigh uaidh briathar Dé a scaipeadh i measc na ndaoine ina dteanga féin.

An fabhalscéal

Chuir Liútar tús le scoilt na hEaglaise Caitlicí agus le forbairt na hEaglaise Liútaránaí, arb í an chéad mhóreaglais Phrotastúnach a tháinig ar an bhfód.

Gearmáinis

Is gnách glacadh leis gurbh é Máirtín Liútar a chuir bun leis an nGearmáinis scríofa mar is aithnid dúinn inniu í[1].

Chuir Liútar Gearmáinis ar an mBíobla. Rinne sé a dhícheall le teanga nádúrtha na cosmhuintire – caint na ndaoine – a aithris ina stíl féin. Bhí an-tábhacht leis an aistriúchán a rinne sé, nó bhí stíl líofa thíriúil dá chuid féin aige a chuir cor i gcinniúint na Gearmáinise mar theanga liteartha.

Caiticeasma, 1560, Leipzig

Mar sin féin, bhí traidisiúin áirithe liteartha ann roimh a lá-san, agus Liútar ag tabhairt airde ar nósanna na dtraidisiún seo lena chinntiú go mbeadh glacadh chomh fairsing lena shaothar agus ab fhéidir. I gcomhthéacs amháin, ar a laghad, dúirt Liútar féin go raibh sé ag baint úsáid as teanga na Seansailéireachta Impiriúla, ar a dtugtaí Gemeines Deutsch nó an Ghearmáinis Choitianta, agus is léir go raibh tionchar nár bheag ag cleachtais na Seansailéireachta ar an nGearmáinis a scríobhadh sé. Pé scéal é, chuir sé casadh stíle ar an teanga seo a rinne i bhfad ní b’intuigthe ag an gcosmhuintir í, agus sin é an fáth gur glacadh lena aistriúchán Bíobla go fairsing forleathan.

Gaeilge

Sa Ghaeilge, is gnách "Clann Liútair" a thabhairt, mar leasainm díspeagúil, ar na Protastúnaigh go léir, na Preispitéirigh Ultacha ach go háirithe. Is féidir samplaí den úsáid seo a fháil ag na hamhránaithe Seacaibíteacha agus ag Micí Mac Gabhann araon.

Tagairtí