An difríocht idir athruithe ar: "Uachtarán na hÉireann"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Ag baint Flag_President_of_Ireland.svg amach, agus ag chur Presidential_Standard_of_Ireland.svg isteach mar ionadúchán. (Scrios [[commons:User:CommonsDelinke...
File renamed. (GlobalReplace v0.6.5)
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Presidential Standard of Ireland.svg|thumb|Brat an Uachtaráin a thógadh isteach sa bhliain 1945]]
[[Íomhá:Flag of the President of Ireland.svg|thumb|Brat an Uachtaráin a thógadh isteach sa bhliain 1945]]
Is é ceann stáit na h[[Poblacht na hÉireann|Éireann]] an t'''Uachtarán'''. Bunaíodh an post seo le [[Bunreacht na hÉireann|Bunreacht]] na bliana [[1937]] nuair a cuireadh post an [[Gobharnóir|Ghobharnóra]], a bhí ina ionadaí ag [[Rí]] [[Sasana|Shasana]] in Éirinn agus í ina ballstát de [[Comhlathas na Breataine|Chomhlathas na Breataine]], ar ceal.
Is é ceann stáit na h[[Poblacht na hÉireann|Éireann]] an t'''Uachtarán'''. Bunaíodh an post seo le [[Bunreacht na hÉireann|Bunreacht]] na bliana [[1937]] nuair a cuireadh post an [[Gobharnóir|Ghobharnóra]], a bhí ina ionadaí ag [[Rí]] [[Sasana|Shasana]] in Éirinn agus í ina ballstát de [[Comhlathas na Breataine|Chomhlathas na Breataine]], ar ceal.



Leagan ó 00:30, 23 Deireadh Fómhair 2017

Brat an Uachtaráin a thógadh isteach sa bhliain 1945

Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.

Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháín i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is é Mícheál D. Ó hUiginn an tUachtarán reatha.

Toghadh

De réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhíonuisce, Baile Átha Cliath.

Áras an Uachtaráin.

Dualgais

Is é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach (Príomh-Aire) agus baill eile an Rialtais de réir molta nó ainmnithe ó Dháil Éireann. Is é chomh maith a achtaíonn gach dlí de chuid an Oireachtais agus atá in ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó hIrighile dhá thréimhse san Áras agus chaith Máire Mhic Ghiolla Íosa dhá thréimhse ann leis.

Cumhachtaí

I measc cumhachtaí an Uachtaráin tá:

  • Baill an Rialtais, chomh maith le breithimh agus oifigigh eile a cheapadh
  • An Dáil a chomóradh agus a lánscoir
  • An tOireachtas a chomóradh
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar son na ndaoine
  • Billí a shíniú agus a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí
  • Feidhmiú mar Ardcheannasaí na bhFórsaí Cosanta (Óglaigh na hÉireann)


Uachtaráin na hÉireann 1938-

Mícheál D. Ó hUiginn - an tUachtarán reatha

Ba é Dubhghlas de hÍde, a toghadh gan iomaíocht, an chéad Uachtarán i 1938.

Uimhir Ainm Pictiúr In oifig As oifig Páirtí
1. Dubhghlas de hÍde 25 Meitheamh, 1938 24 Meitheamh, 1945 Ainmniúchán uile-pháirti
2. Seán T. Ó Ceallaigh 25 Meitheamh, 1945 24 Meitheamh, 1959 Fianna Fáil
3. Éamon de Valera 25 Meitheamh, 1959 24 Meitheamh, 1973 Fianna Fáil
4. Erskine H. Childers 24 Meitheamh, 1973 17 Samhain, 1974 Fianna Fáil
5. Cearbhall Ó Dálaigh 19 Nollaig, 1974 22 Deireadh Fómhair, 1976 Fianna Fáil
6. Pádraig Ó hIrighile Íomhá:Hillery.jpg 3 Nollaig, 1976 2 Nollaig, 1990 Fianna Fáil
7. Máire Mhic Róibín 3 Nollaig, 1990 12 Meán Fómhair, 1997 Lucht Oibre, Páirtí na nOibrithe
agus Neamhspleách
8. Máire Mhic Giolla Íosa 10 Samhain, 1997 10 Samhain, 2011 Fianna Fáil / Neamhspleách
9. Mícheál D. Ó hUiginn 11 Samhain, 2011 in oifig fós Lucht Oibre,
agus Neamhspleách

Naisc sheachtracha