An difríocht idir athruithe ar: "An Túinéis"
mNo edit summary |
No edit summary |
||
Líne 15: | Líne 15: | ||
|cineál_rialtais=Poblacht |
|cineál_rialtais=Poblacht |
||
|teidil_na_gceannairí=[[Uachtarán]] <br /> [[Príomh aire]] |
|teidil_na_gceannairí=[[Uachtarán]] <br /> [[Príomh aire]] |
||
|ainmneacha_na_gceannairí=[[Beji Caid Essebsi]] <br /> [[ |
|ainmneacha_na_gceannairí=[[Beji Caid Essebsi]] <br /> [[Youssef Chahad]] |
||
|cineál_ardcheannais=[[Neamhspleáchas]] |
|cineál_ardcheannais=[[Neamhspleáchas]] |
||
|tarluithe_bunaithe='' '' |
|tarluithe_bunaithe='' '' |
||
Líne 30: | Líne 30: | ||
|dlús_daonra=65.5 |
|dlús_daonra=65.5 |
||
|rang_an_dlús_daonra=133ú |
|rang_an_dlús_daonra=133ú |
||
|bliain_OTI_PCC= |
|bliain_OTI_PCC=2017 |
||
|OTI_PCC=$ |
|OTI_PCC=$136.797 billiún <!--CIA--> |
||
|rang_OTI_PCC=63ú |
|rang_OTI_PCC=63ú |
||
|OTI_PCC_an_duine=$ |
|OTI_PCC_an_duine=$12,065 |
||
|rang_OTI_PCC_an_duine=71ú |
|rang_OTI_PCC_an_duine=71ú |
||
|Crios ama=CET |
|Crios ama=CET |
||
Líne 45: | Líne 45: | ||
|fonótaí=}} |
|fonótaí=}} |
||
[[Íomhá:Tunisie carte.png|thumb|left|200px|An Túinéis]] |
[[Íomhá:Tunisie carte.png|thumb|left|200px|An Túinéis]] |
||
Is [[tír]] í '''an Túinéis''' ([[An Araibis|Araibis]]: تونس) atá suite i dTuaisceart na h[[An Afraic|Afraice]]. Tá teorainn aici leis [[an Ailgéir]], agus [[an Libia]]. Is í an Túinéis an tír is faide ó thuaidh san Afraic. Bhí 10. |
Is [[tír]] í '''an Túinéis''' ([[An Araibis|Araibis]]: تونس) atá suite i dTuaisceart na h[[An Afraic|Afraice]]. Tá teorainn aici leis [[an Ailgéir]], agus [[an Libia]]. Is í an Túinéis an tír is faide ó thuaidh san Afraic. Bhí 10.98 milliún duine ina gcónaí ann sa bhliain 2014. Is í [[Túinis]] an phríomh[[Cathair (lonnaíocht)|chathair]]. |
||
Tá an Túinéis mar chuid de chomhaontú comhlachais leis an [[Aontas Eorpach]] agus is ballstát den 'Francophonie' í. Tá sí mar bhall de Aontas na Magraibe Arabaí, Léig na nArabach agus an tAontas Afracach. |
Tá an Túinéis mar chuid de chomhaontú comhlachais leis an [[Aontas Eorpach]] agus is ballstát den 'Francophonie' í. Tá sí mar bhall de Aontas na Magraibe Arabaí, Léig na nArabach agus an tAontas Afracach. |
Leagan ó 18:42, 21 Meán Fómhair 2017
Is tír í an Túinéis (Araibis: تونس) atá suite i dTuaisceart na hAfraice. Tá teorainn aici leis an Ailgéir, agus an Libia. Is í an Túinéis an tír is faide ó thuaidh san Afraic. Bhí 10.98 milliún duine ina gcónaí ann sa bhliain 2014. Is í Túinis an phríomhchathair.
Tá an Túinéis mar chuid de chomhaontú comhlachais leis an Aontas Eorpach agus is ballstát den 'Francophonie' í. Tá sí mar bhall de Aontas na Magraibe Arabaí, Léig na nArabach agus an tAontas Afracach.
Stair na tíre
Faoi riail an Impireacht Otamánach
Tharla an chéad ghabháil Otamánach ar an Túinéis sa bhliain 1534 faoi cheannas Barbarossa Hayreddin Pasha le linn ré Suleiman Ollásach. Bhí ar an Impireacht Otamánach athghabháil a dhéanamh ar an Túinéis chun smacht ar an tír a fháil ar ais ón Spáinn sa bhliain 1574. Bhí siad i gceannas ar an tír go dtí gabháil na Francaigh sa bhliain 1881.
I dtosach bhí an tír faoi rialtóir (Pasha) ach roimh bhfad is réigiún uathrialaitheach faoi ceannas áitiúil (na 'Beyigh') taobh istigh den Impireacht a bhí ann. Mhair an féinriail seo faoi na Beyigh Hussein idir 1705 go dtí neamhspleáchas i 1957. Le linn an thréimhse seo, bhí scothaicme iasachta i gceannas ar an tír agus bhí Tuircis mar teanga gnó an stáit.
Faoi riail na Fraince
In 1869, d'fhógair an Túinéis go raibh sí bancbriste. Tháinig coimisiún idirnáisiúnta isteach chun geilleagar na tíre a riaradh. Tháinig na Francaigh i gcumhacht le linn na 1880'í. Rinne an Fhrainc ionradh ar an Túinéis in 1881 le thart ar 36,000 saighdiúir. Bhí an Túinéis mar choimirceas de chuid an Fraince ón bhliain 1883.
Faoi na Francaigh, bhí béim ar áitreabh Eorpach a fhorbairt agus tháinig méadú ar líon na Francaigh sa tír. Faoi 1945 bhí 144,000 daoine ón Fhrainc sa tír.
Idir 1942 agus 1943 bhí an Túinéis mar suíomh de Feachtas na Túinéise. Bhí roinnt catha ann idir An Ais agus na Comhghuaillithe. Is é an Túinéis an t-aon Tír Arabach a bhí faoi forghabháil na Gearmánaigh le linn An Dara Cogadh Domhanda. Bhí na Gearmánaigh chun cinn i dtosach, ach bhí an lámh in uachtar ag na Comhghuaillithe ar deireadh.
Neamhspleáchas
Bhain an Túinéis a neamhspleáchas amach sa bhliain 1956. Bhí Habib Bourguiba chun thosaigh san feachtas chun neamhspleáchas a bhaint amach. Bhí sé mar chéad Uachtarán na tíre tar éis neamhspleáchas chomh maith. Is é an gluaiseacht shaolta 'Rassemblement Constitutionnel Démocratique' (RCD) a bhí i gcumhacht sa tír tar éis neamhspleáchas a bhaint amach.
In 1987 d'fhógair dochtúirí go raibh Habib Bourguiba ró-thinn chun a bheith mar cheannaire na tíre agus tháinig Príomh Aire Zine El Abidine Ben Ali isteach mar Uachtarán ó 1987 go dtí an bhliain 2011. Bhí corbadh curtha ina leith go minic le linn a cheannaireacht. D'áitigh eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós "Tarscaoileadh Idirnáisiúnta" agus 'Freedom House' go raibh cearta daonna sáraithe ag an rialtas le linn ceannaireacht Ben Ali agus chur sé bac ar obair eagraíochtaí ar son cearta daonna sa tír.
Earrach na nArabach agus réabhlóid
Bhí Réabhlóid na Túinéise ina fheachtas dian easumhlaíocht shibhialta. Bhí na ceardchumann chun cinn sna hagóidí. Bhí na hagóidí seo mar spreagadh do Earrach na nArabach. Is é bás Mohamed Bouazizi, díoltóir sráide a chur lámh ina bhás féin nuair a chur sé é féin trí thine ar 17 Nollag 2010 toisc go raibh a chuid earraí coigistithe agus é náirithe ag oifigeach bardasach, a bhí mar thúsphointe den réabhlóid. Bhí olc ar na daoine agus bhí feachtas agóidíochta agus foréigean ar na sráideanna. D'éirigh an tUachtarán Zine El Abidine Ben Ali as oifig ar [[14 Eanáir]] [[2011]] tar éis 23 bliain mar cheannaire na tíre. Lean na agóidí ar aghaidh go dtí go raibh cosc curtha ar an páirtí a bhí i gcumhacht, an 'Rassemblement Constitutionnel Démocratique'.
Ar an 23ú Deireadh Fómhair 2011 bhí toghchán agus d'fhógair breathnóir neamhchlaonta idirnáisiúnta go raibh sé saor agus cothrom. Is é an gluaiseacht 'Ennahda' a bhfuair an méid suíochán is mó, 90 as 217. Ar 12 Nollaig 2011 bhí Moncef Marzouki, iar-ghníomhaí ar son cearta daonna, tofa mar uachtarán.
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |