An difríocht idir athruithe ar: "Máire Mhic Giolla Íosa"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Líne 57: Líne 57:
[[Catagóir:Uachtaráin na hÉireann]]
[[Catagóir:Uachtaráin na hÉireann]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1951]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1951]]
[[Catagóir:Daoine beo]]

Leagan ó 17:36, 31 Lúnasa 2017

Teimpléad:Bosca Sonraí Uachtarán na hÉireann

Ba í Máire Pádraigín Mhic Giolla Íosa (27 Meitheamh 1951 i mBéal Feirste a rugadh í) ochtú hhUachtarán na hÉireann ó 1997 go 2011.

Saol

Saolaíodh Máire Pádraigín Ní Lionnacháin in Ard Eoin i mBéal Feirste ar an 27 Meitheamh, 1951, an duine is sine de naonúr clainne: ba í an chéad uachtarán a rugadh agus a tógadh i dTuaisceart Éireann. Is Caitliceach í. Bhí na Trioblóidí faoi lán seoil agus í ag fás aníos, agus chuir dílseoirí iachall ar mhuintir Uí Lionnacháin ceantar Ard Eoin a fhágáil. Bhain Máire céim le dlí amach ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste sa bhliain 1973 agus glaodh chun Barra Thuaisceart Éireann í sa bhliain 1974. Sa bhliain 1975, ceapadh í mar Ollamh Reid le Dlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Pionóseolaíocht i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Sa bhliain 1976 phós sí an Dr. Máirtín Mac Giolla Íosa, cuntasóir agus fiaclóir. Tá triúr clainne orthu, Emma, a rugadh sa bhliain 1982 agus cúpla, Justin agus SaraMai, a rugadh sa bhliain 1985.

D'fhill sí ar Ollscoil na Ríona sa bhliain 1987 nuair a ceapadh í mar Stiúrthóir ar Institiúid an Léinn Dlí Ghairmiúil. Bhí sí ina hiarrthóir d'Fhianna Fáil in olltoghcán 1987, ach níor toghadh í. Sa bhliain 1994, ceapadh í mar an chéad Leas-Seansailéir Cúnta mná riamh ar Ollscoil na Ríona Béal Feirste.

D'oibrigh sí mar iriseoir cúrsaí reatha agus mar láithreoir raidió agus teilifíse le Radio Teilifís Éireann.

A cuid uachtaránachta

Sa bhliain 1997 bhuail Máire Mhic Giolla Íosa iar-Thaoiseach Ailbhe Mac Raghnaill agus roghnaíodh mar iarrthóir Fhianna Fáil don Uachtaránacht í. Toghadh í mar uachtarán sa bhliain 1997. Ar 11 Samhain insealbhaíodh Máire Mhic Giolla Íosa mar ochtú Uachtarán na hÉireann. Tháinig sí i gcomharbas ar Mháire Mhic Roibín. "Droichid a thogáil" an téama a bhain lena huachtaránacht dar léi.

Átoghadh Máire Mhic Giolla Íosa ar an 1 Deireadh Fómhair 2004: ba í an t-aon iarrthóir a bhí ainmnithe go bailí.

Postanna eile

  • Stiúrthóir Cainéal Teilifíse Channel 4.
  • Stiúrthóir, Northern Ireland Electricity.
  • Stiúrthóir, Royal Group of Hospitals Trust.
  • Toscaire chuig Comhdháil an Tí Bháin i 1995 ar Thrádáil agus Infheistíocht in Éirinn agus an Chomhdháil leantach i Pittsburg i 1996.
  • Comhalta de thoscaireacht na hEaglaise Caitlicí i 1996 chuig Coimisiún an Tuaiscirt ar Pharáideanna Conspóideacha.
  • Comhalta de Thoscaireacht Easpagach na hEaglaise Caitlicí chuig Fóram Nua-Éireann i 1984.
  • Comhalta bunaidh de Choimisiún na hÉireann um Príosúnaigh Thar Lear.

Leabharliosta

  • Máire Mhic Giolla Íosa: Beathaisnéis, Ray Mac Mánais. (aistrithe go Béarla mar The Road From Ardoyne: The Making Of A President')
  • Mary McAleese-The Outsider: An Unauthorised Biography, Justine McCarthy, Dublin, Blackwater Press, 1999
  • First citizen: Mary McAleese and the Irish Presidency, Patsy McGarry, Dublin, O'Brien Press, 2008

Naisc