An difríocht idir athruithe ar: "Na Máigigh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
clib: Mobile edit Mobile web edit
m Ag cur le naisc
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Distribution-myn.png|thumb|Léarscáil a thaispeánann dáileachán na Máigeach i ndeisceart Mheicsiceo agus sna tíortha ina aice]]
[[Íomhá:Distribution-myn.png|thumb|Léarscáil a thaispeánann dáileachán na Máigeach i ndeisceart Mheicsiceo agus sna tíortha ina aice]]
Grúpa eitneach iad '''na Máigigh''' a raibh sibhialtacht fhorbartha acu san áit a bhfuil stáit dheisceartacha [[Meicsiceo|Mheicsiceá]] inniu, is é sin, [[Chiapas]], [[Tabasco]] agus stáit [[Leathinis Yúcatan]], mar atá, [[Yúcatan]], [[Quintana Róo]], agus [[Campeche]]. Ba iad na Máigigh an t-aon sibhialtacht bhundúchasach amháin i [[Meiriceá Theas]] ar éirigh léi [[teanga]] scríofa a fhorbairt, de réir dealraimh.
Grúpa eitneach iad '''na Máigigh''' a raibh sibhialtacht fhorbartha acu san áit a bhfuil stáit dheisceartacha [[Meicsiceo|Mheicsiceá]] inniu, is é sin, [[Chiapas]], [[Tabasco]] agus stáit [[Leathinis Yúcatan]], mar atá, [[Yucatán]], [[Quintana Roo]], agus [[Campeche]]. Ba iad na Máigigh an t-aon sibhialtacht bhundúchasach amháin i [[Meiriceá Theas]] ar éirigh léi [[teanga]] scríofa a fhorbairt, de réir dealraimh.


== Sibhialtacht ==
== Sibhialtacht ==
Líne 7: Líne 7:
Is follasach go ndeachaigh sibhialtacht na Máigeach féin i bhfeidhm ar na grúpaí eitneacha eile, nó is féidir tionchar na Máigeach a aithint i Lár Mheicsiceo, sa t[[An tSalvadóir|Salvadóir]], i [[Hondúras]] agus i n[[Guatamala]]- na céadta ciliméadar ó lárcheantar an chultúir Mháigigh.
Is follasach go ndeachaigh sibhialtacht na Máigeach féin i bhfeidhm ar na grúpaí eitneacha eile, nó is féidir tionchar na Máigeach a aithint i Lár Mheicsiceo, sa t[[An tSalvadóir|Salvadóir]], i [[Hondúras]] agus i n[[Guatamala]]- na céadta ciliméadar ó lárcheantar an chultúir Mháigigh.


[[Íomhá:Tulum sverzel.jpg|thumb|Tulum i dtuaisceart Yúcatan. Bhí Tulum ar na cathracha deireanacha Máigeacha a raibh daoine ina gcónaí iontu go fóill nuair a tháinig na ''Conquistadores'' go dtí an tOileán Úr. Is dealraitheach gur shiúil éag mór ar mhuintir na háite go gairid ina dhiaidh sin, de dheasca na ngalar nua a tháinig sna sálaí ag na Spáinnigh.]]
[[Íomhá:Tulum sverzel.jpg|thumb|[[Tulum]] i dtuaisceart Yúcatan. Bhí Tulum ar na cathracha deireanacha Máigeacha a raibh daoine ina gcónaí iontu go fóill nuair a tháinig na ''Conquistadores'' go dtí an tOileán Úr. Is dealraitheach gur shiúil éag mór ar mhuintir na háite go gairid ina dhiaidh sin, de dheasca na ngalar nua a tháinig sna sálaí ag na Spáinnigh.]]
Tháinig sibhialtacht na Máigeach i gcrann sa tréimhse réamh-Chlasaiceach ó [[2000 RC]] go [[250|250 AD]], agus ba iad na blianta ó [[250|250 AD]] go [[900|900 AD]] bláth Clasaiceach na Máigeach. San [[8ú haois|ochtú]] agus san [[9ú haois|naoú haois]], áfach, thosaigh an tóin ag titim as an tsibhialtacht Mháigeach i ndeisceart an réigiúin. Is dealraitheach gur rith an bia gann ar na Máigigh ansin ar chúiseanna [[éiceolaíocht]]a - b'fhéidir go raibh na Máigigh i ndiaidh an iomarca [[foraois]]e a leagan, rud a chuir an aeráid ó mhaith ar na barraí - agus gur thréig siad na cathracha ar lorg bia. Mar sin féin, mhair iarsmaí na sibhialtachta seo i dtuaisceart Yúcatan go dtí gur tháinig na [[An Spáinn|Spáinnigh]] ag forghabháil na hilchríche.
Tháinig sibhialtacht na Máigeach i gcrann sa tréimhse réamh-Chlasaiceach ó [[2000 RC]] go [[250|250 AD]], agus ba iad na blianta ó [[250|250 AD]] go [[900|900 AD]] bláth Clasaiceach na Máigeach. San [[8ú haois|ochtú]] agus san [[9ú haois|naoú haois]], áfach, thosaigh an tóin ag titim as an tsibhialtacht Mháigeach i ndeisceart an réigiúin. Is dealraitheach gur rith an bia gann ar na Máigigh ansin ar chúiseanna [[éiceolaíocht]]a - b'fhéidir go raibh na Máigigh i ndiaidh an iomarca [[foraois]]e a leagan, rud a chuir an aeráid ó mhaith ar na barraí - agus gur thréig siad na cathracha ar lorg bia. Mar sin féin, mhair iarsmaí na sibhialtachta seo i dtuaisceart Yúcatan go dtí gur tháinig na [[An Spáinn|Spáinnigh]] ag forghabháil na hilchríche.


== Teanga ==
== Teanga ==
Labhraítear teangacha Máigeacha sa réigiún i gcónaí, agus aithne agus tuiscint cuíosach maith ag na saineolaithe ar na teangacha seo. Dealraíonn sé gur fhorbair na teangacha seo go léir as aon teanga amháin, an Phróta-Mháigis, a bhí á labhairt cúig mhíle bliain ó shin. Má thagraítear don "Mháigis" mar aon teanga amháin inniu, is éard a bhíonn i gceist léi ná an teanga Yucatec, agus í le cloisteáil i Leathinis Yúcatan.<ref>[http://www.inegi.gob.mx/est/contenidos/espanol/rutinas/ept.asp?t=mlen10&c=3337 Población hablante de lengua indígena de 5 y más años por principales lenguas, 1970 a 2005] INEGI</ref><ref name="Gordon, Raymond G. 2005">Gordon, Raymond G., Jr. (ed.). Ethnologue, (2005).</ref>
Labhraítear teangacha Máigeacha sa réigiún i gcónaí, agus aithne agus tuiscint cuíosach maith ag na saineolaithe ar na teangacha seo. Dealraíonn sé gur fhorbair na teangacha seo go léir as aon teanga amháin, an Phróta-Mháigis, a bhí á labhairt cúig mhíle bliain ó shin. Má thagraítear don "Mháigis" mar aon teanga amháin inniu, is éard a bhíonn i gceist léi ná an teanga [[Yucatec]], agus í le cloisteáil i Leathinis Yúcatan.<ref>[http://www.inegi.gob.mx/est/contenidos/espanol/rutinas/ept.asp?t=mlen10&c=3337 Población hablante de lengua indígena de 5 y más años por principales lenguas, 1970 a 2005] INEGI</ref><ref name="Gordon, Raymond G. 2005">Gordon, Raymond G., Jr. (ed.). Ethnologue, (2005).</ref>


== Sna Meáin ==
== Sna Meáin ==


Sa bhliain 2006 rinne [[Mel Gibson]] scannán faoi laethanta deireanacha na sibhialtachta Máigí roimh theacht na Spáinneach, faoin teideal ''Apocalypto''. Ba í an teanga ''Yucatec'' an t-aon teanga a bhí le cloisteáil ar an scannán, agus fotheidil ag dul leis an gcomhrá. Bhí na léirmheastóirí idir eatarthu faoin scannán. Dúirt cuid acu go raibh an-chraiceann fírinne ar an scannán, ach fuair an chuid eile locht ar an gcur síos a thug an scannán ar íobairt na ndaoine: bhí sé ní ba chosúla le nósanna na n[[Na hAstacaigh|Astacach]], dar leo.
Sa bhliain [[2006]] rinne [[Mel Gibson]] scannán faoi laethanta deireanacha na sibhialtachta Máigí roimh theacht na Spáinneach, faoin teideal ''[[Apocalypto]]''. Ba í an teanga ''Yucatec'' an t-aon teanga a bhí le cloisteáil ar an scannán, agus fotheidil ag dul leis an gcomhrá. Bhí na léirmheastóirí idir eatarthu faoin scannán. Dúirt cuid acu go raibh an-chraiceann fírinne ar an scannán, ach fuair an chuid eile locht ar an gcur síos a thug an scannán ar íobairt na ndaoine: bhí sé ní ba chosúla le nósanna na n[[Na hAstacaigh|Astacach]], dar leo.


{{commonscat|Maya|Máigigh}}
{{commonscat|Maya|Máigigh}}
Líne 21: Líne 21:
== Tagairtí ==
== Tagairtí ==
{{reflist}}
{{reflist}}



[[Catagóir:Meiriceá Thuaidh]]
[[Catagóir:Meiriceá Thuaidh]]

Leagan ó 23:41, 26 Lúnasa 2017

Léarscáil a thaispeánann dáileachán na Máigeach i ndeisceart Mheicsiceo agus sna tíortha ina aice

Grúpa eitneach iad na Máigigh a raibh sibhialtacht fhorbartha acu san áit a bhfuil stáit dheisceartacha Mheicsiceá inniu, is é sin, Chiapas, Tabasco agus stáit Leathinis Yúcatan, mar atá, Yucatán, Quintana Roo, agus Campeche. Ba iad na Máigigh an t-aon sibhialtacht bhundúchasach amháin i Meiriceá Theas ar éirigh léi teanga scríofa a fhorbairt, de réir dealraimh.

Sibhialtacht

Tá clú agus cáil ar réalteolaíocht, ealaín agus ailtireacht na Máigeach chomh maith. Bhí na Máigigh i síortheagmháil le sibhialtachtaí eile an réigiúin, agus níorbh iad féin a chéadcheap an scríbhneoireacht ná an féilire ansin, ach rinne siad an-fhorbairt ar na bunsmaointe a fuair siad ó na sibhialtachtaí eile.

Is follasach go ndeachaigh sibhialtacht na Máigeach féin i bhfeidhm ar na grúpaí eitneacha eile, nó is féidir tionchar na Máigeach a aithint i Lár Mheicsiceo, sa tSalvadóir, i Hondúras agus i nGuatamala- na céadta ciliméadar ó lárcheantar an chultúir Mháigigh.

Tulum i dtuaisceart Yúcatan. Bhí Tulum ar na cathracha deireanacha Máigeacha a raibh daoine ina gcónaí iontu go fóill nuair a tháinig na Conquistadores go dtí an tOileán Úr. Is dealraitheach gur shiúil éag mór ar mhuintir na háite go gairid ina dhiaidh sin, de dheasca na ngalar nua a tháinig sna sálaí ag na Spáinnigh.

Tháinig sibhialtacht na Máigeach i gcrann sa tréimhse réamh-Chlasaiceach ó 2000 RC go 250 AD, agus ba iad na blianta ó 250 AD go 900 AD bláth Clasaiceach na Máigeach. San ochtú agus san naoú haois, áfach, thosaigh an tóin ag titim as an tsibhialtacht Mháigeach i ndeisceart an réigiúin. Is dealraitheach gur rith an bia gann ar na Máigigh ansin ar chúiseanna éiceolaíochta - b'fhéidir go raibh na Máigigh i ndiaidh an iomarca foraoise a leagan, rud a chuir an aeráid ó mhaith ar na barraí - agus gur thréig siad na cathracha ar lorg bia. Mar sin féin, mhair iarsmaí na sibhialtachta seo i dtuaisceart Yúcatan go dtí gur tháinig na Spáinnigh ag forghabháil na hilchríche.

Teanga

Labhraítear teangacha Máigeacha sa réigiún i gcónaí, agus aithne agus tuiscint cuíosach maith ag na saineolaithe ar na teangacha seo. Dealraíonn sé gur fhorbair na teangacha seo go léir as aon teanga amháin, an Phróta-Mháigis, a bhí á labhairt cúig mhíle bliain ó shin. Má thagraítear don "Mháigis" mar aon teanga amháin inniu, is éard a bhíonn i gceist léi ná an teanga Yucatec, agus í le cloisteáil i Leathinis Yúcatan.[1][2]

Sna Meáin

Sa bhliain 2006 rinne Mel Gibson scannán faoi laethanta deireanacha na sibhialtachta Máigí roimh theacht na Spáinneach, faoin teideal Apocalypto. Ba í an teanga Yucatec an t-aon teanga a bhí le cloisteáil ar an scannán, agus fotheidil ag dul leis an gcomhrá. Bhí na léirmheastóirí idir eatarthu faoin scannán. Dúirt cuid acu go raibh an-chraiceann fírinne ar an scannán, ach fuair an chuid eile locht ar an gcur síos a thug an scannán ar íobairt na ndaoine: bhí sé ní ba chosúla le nósanna na nAstacach, dar leo.

Tagairtí