An difríocht idir athruithe ar: "Leon Trotscaí"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 29: Líne 29:
* [http://www.marxists.org/archive/trotsky/ Cartlann Béarla le téacsanna a scríobh Trotscaí]
* [http://www.marxists.org/archive/trotsky/ Cartlann Béarla le téacsanna a scríobh Trotscaí]


== Tagairtí ==
[[Catagóir:Polaiteoirí na Rúise|Trotscaí, Leon]]
[[Catagóir:Polaiteoirí na Rúise|Trotscaí, Leon]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1879|Trotscaí, Leon]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1879|Trotscaí, Leon]]
[[Catagóir:Básanna i 1940|Trotscaí, Leon]]
[[Catagóir:Básanna i 1940|Trotscaí, Leon]]

{{stumpa}}
{{stumpa}}

Leagan ó 21:26, 20 Lúnasa 2017

Leon Trotscaí, sa bhliain 1929.

Ba réabhlóidí Boilséiveach agus Marxach é Leon Trotscaí (Rúisis: Лев Давидович Троцкий, Béarla: Leon, Leo, Lev, Trotsky, Trotskii, Trotski, Trotskij agus amanta Trotzky), (7 Samhain, 1879 - 21 Lúnasa, 1940). As an Úcráin dó, rugadh leis an ainm Lev Davidovich Bronstein é (Rúisis: Лев Давидович Бронштейн).

Réabhlóid agus cumhacht

B'iad Léinín, Trotscaí agus an páirtí Boilséiveach a ghlac an chumhacht chuige féin sa bhliain 1917 (Réabhlóid na Rúise). Bhí siad i mbun an rialtais sealadach, agus iad ag tabhairt le fios go raibh siad ag gníomhú ar mhaith leis an lucht oibre.

Ceannaire tábhachtach ab ea é go luath in Aontas na Sovéide.

Bhunaigh Trotscaí an tArm Dearg.

Bhí coimhlint idir Trotscaí agus an ceannaire nua, Iósaf Stailín sna 1920idí. Mar thoradh, cuireadh an ruaig air as an rialtas ar dtús (Deireadh Fómhair 1927), agus díbríodh Trotscaí as an Rúis i mí Feabhra 1929.

Fealsúnacht

San Idirchlár[1][2], cáineann Trotscaí an seanmhodh a bhíodh, agus atá go fóill, ag na páirtithe sóisialta daonlathacha, an dóigh a mbíonn siad sásta leasuithe taobh istigh de theo- rainneacha an chórais chaipitligh a iarraidh, gan dúshlán an chórais a thabhairt[3].

Thug Trotsky tréimhse mhírathúil san arm, раскрашенная фотография, 1925

Deoraíocht agus feallmharú

Nuair a díbríodh é i mí Feabhra 1929, chuaigh Trotscaí go dtí na Tuirce agus bhí cónaí air ann idir 1929-1933.

1930idí

Bhí cónaí air san Fhrainc ó 1933 go dtí 1935 agus san Iorua idir 1935 agus 1937. Chuir rialtas na hIorua amach ón tír é sa bhliain 1937.

Fuair Trotscaí cead fanacht sa Mheicsiceo.

D'ionsaigh Ramón Mercader, spiaire na Rúise, é ar an 20 Lúnasa 1940, le piocóid oighir. Fuair Trotscaí bás an lá dar gcionn.

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. An tidirchlár : arraingeacha báis an chaipitleachais agus cúraimí an cheathrú hidirnáisiúntán / le Leon Trotscaí. Lysaght, D. R. O'Connor, translator, writer of added commentary.
  2. Seán Ó Gadhra, The Red Banner, CLASAICÍ SÓISIALACHA Leon Trotscaí, An tIdirchlár, Buanna agus lochtanna shaothar mór an Trotscaíochais 75 bliana ar aghaidh
  3. Senan Mac Aoidh, Comhar 73 (10), L 27-28, 2013-10-01