An difríocht idir athruithe ar: "The Irish Times"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 17: Líne 17:
|suíomh = http://www.irishtimes.com/
|suíomh = http://www.irishtimes.com/
}}
}}
[[Nuachtán]] [[Mórbhileog|mórbhileoige]] [[Poblacht na hÉireann|Éireannach]] is ea '''''The Irish Times''''' ([[Gaeilge]]: '''''Tráthscéal Éireann''''') a bunaíodh ar an 29 Márta 1859. [[Kevin O'Sullivan]] an t-eagarthóir reatha - tháinig sé i gcomharbas ar [[Geraldine Kennedy]] a roghnaíodh tar éis [[Conor Brady]] sa bhliain [[2002]].
[[Nuachtán]] [[Mórbhileog|mórbhileoige]] [[Poblacht na hÉireann|Éireannach]] is ea '''''The Irish Times''''' (is annamh go mbaintear úsáid as leagan [[Gaeilge]] den teideal: '''''Tráthscéal Éireann''''') a bunaíodh ar an 29 Márta 1859. [[Kevin O'Sullivan]] an t-eagarthóir reatha - tháinig sé i gcomharbas ar [[Geraldine Kennedy]] a roghnaíodh tar éis [[Conor Brady]] sa bhliain [[2002]].


Meastar go ginearálta go mbuntar an nuachtán ar bhunús [[liobrálachas|liobrálach]] [[daonlathas sóisialach|daonlathach sóisialach]]; mar chomparáid, smaointear go bhfuil an [[Irish Independent]] ar an [[eite dheis]] ó thaobh na heacnamaíochta agus [[cosmhuintireachas|cosmhuintireachais]] de. Bhí ''The Irish Times'' ar son fheachtas [[Máire Mhic Róibín|Mháire Mhic Róibín]] chun a bheith [[Uachtarán na hÉireann]], agus ar son athchóirithe dlí in Éirinn maidir le cúrsaí [[Colscaradh|colscartha]], [[Frithghiniúint|frithghiniúna]] agus [[Ginmhilleadh|ginmhillte]].
Meastar go ginearálta go mbuntar an nuachtán ar bhunús [[liobrálachas|liobrálach]] [[daonlathas sóisialach|daonlathach sóisialach]]; mar chomparáid, smaointear go bhfuil an [[Irish Independent]] ar an [[eite dheis]] ó thaobh na heacnamaíochta agus [[cosmhuintireachas|cosmhuintireachais]] de. Bhí ''The Irish Times'' ar son fheachtas [[Máire Mhic Róibín|Mháire Mhic Róibín]] chun a bheith [[Uachtarán na hÉireann]], agus ar son athchóirithe dlí in Éirinn maidir le cúrsaí [[Colscaradh|colscartha]], [[Frithghiniúint|frithghiniúna]] agus [[Ginmhilleadh|ginmhillte]].

Leagan ó 13:08, 15 Lúnasa 2017

Teimpléad:Bosca Sonraí Nuachtáin Nuachtán mórbhileoige Éireannach is ea The Irish Times (is annamh go mbaintear úsáid as leagan Gaeilge den teideal: Tráthscéal Éireann) a bunaíodh ar an 29 Márta 1859. Kevin O'Sullivan an t-eagarthóir reatha - tháinig sé i gcomharbas ar Geraldine Kennedy a roghnaíodh tar éis Conor Brady sa bhliain 2002.

Meastar go ginearálta go mbuntar an nuachtán ar bhunús liobrálach daonlathach sóisialach; mar chomparáid, smaointear go bhfuil an Irish Independent ar an eite dheis ó thaobh na heacnamaíochta agus cosmhuintireachais de. Bhí The Irish Times ar son fheachtas Mháire Mhic Róibín chun a bheith Uachtarán na hÉireann, agus ar son athchóirithe dlí in Éirinn maidir le cúrsaí colscartha, frithghiniúna agus ginmhillte.

Stair

Deirtear gur bunaíodh The Irish Times le guth a thabhairt do Phrotastúnaigh agus aontachtaithe a bhí ar son aontais pholaitiúla na hÉireann leis an mBreatain Mhór. Le linn an fichiú haois, agus deisceart na hÉireann ag éirí níos neamhspleáchaí ón Ríocht Aontaithe agus ón gComhlathas, d'athraigh an nuachtán a dhearcadh agus d'éirigh sé níos radacaí i measc na meán in Éirinn.

Sa bhliain 1895, rinne an nuachtán aistriú óna chéad oifigí i mBaile Átha Cliath ar Sráid na Mainistreach Láir go dtí Sráid D'Olier. (Suas chun deireadh na bliana 2004, bhí an Irish Independent suite ar an sráid sin fós). Fógraíodh in Eanáir 2005 go mbeadh an nuachtán ag déanamh athaistriú go dtí Sráid na Teamhrach.

Gaeilge san nuachtán

Póstaer saor ón Irish Times, an taobh Gaeilge

Tá leathanach iomlan Gaeilge, uair sa tseachtain sa nuachtán ón mbliain 2012 nuair a rinneadh é a athdhearadh. Bíonn Gaeilge le feiceáil san nuachtáin gach seachtain.[1]

Tá colún Gaeilge ag Alan Titley ann dar ainm Crobhingne. Is é Pól Ó Muirí an t-eagarthóir Gaeilge.

Freisin cuireann siad póstaeir srl ar fáil le Gaeilge ar thaobh amháin, agus Béarla ar an taobh eile (féach ar dheis) ach den chuid is mó déantar é seo le tacaíocht ó ranna éagsúla rialtais.

Úsáidtear Tráthscéal Éireann mar leagan Gaeilge de ainm an nuachtáin ar uairibh.

Leagan reatha

Lógó an nuachtáin.

Tagairtí

  1. Irishtimes.com/search/keywords=gaeilge