An difríocht idir athruithe ar: "An Ghréigis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
mNo edit summary
Líne 59: Líne 59:
{{DEFAULTSORT:Ghreigis, An}}
{{DEFAULTSORT:Ghreigis, An}}


[[Catagóir:Teangacha na hEorpa|Greigis]]
[[Catagóir: Teangacha na hEorpa|Greigis]]
[[Catagóir:An Ghréig]]
[[Catagóir: An Ghréig]]
[[Catagóir: An Ghréigis]]

Leagan ó 01:03, 13 Lúnasa 2017

Teimpléad:Teanga

Is í an Ghréigis (Ελληνικά, /eliniˈka/) an teanga Ind-Eorpach is sine dá maireann. Is féidir í a rianú siar go dtí an teanga a labhair cine a tháinig go dtí an Ghréig timpeall na bliana 2000 RC. Chuir an dream sin cathair Micéanae ar bun agus tugadh na Micéanaigh orthu dá bhrí sin. Bhí na Micéanaigh i mbarr a réime go dtí timpeall 1100 RC nuair a tháinig meath orthu. Níl mórán eolais againn faoin teanga díreach i ndiaidh mheath na cathrach úd tar éis ionradh ón tuaisceart. Tá an ceithre chéad bliain ina dhiaidh sin doiléir. Pé scéal é, thosaigh na Gréagaigh ar aibítir a úsáid i rith na tréimhse sin. Scríobh siad a gcuid seanchais seachas é a chur ó bhéal go béal. Chum Hóiméar an Íliad agus an Odaisé, deirtear. Tosaíonn Ré Ársa na Sean-Ghréige ag an bpointe seo.

An Ghréigis taobh amuigh den Ghréig

An Airméin

De réir dhaonáireamh na hAirméine sa bhliain 2011 bhí idir 700-1000 cainteoirí dúchasacha na Gréigise ina gcónaí san Airméin.

An Albáin

Is mionteanga aitheanta í an Ghréigis san Albáin. Is í an mhionteanga leis an líon cainteoirí dúchasacha is mó san Albáin agus í mar mháthairtheanga ag 3% de dhaonra na tíre. Tá eolas ar an nGréigis ag thart ar 40% de dhaonra ná hAlbáine.

An Astráil

Sa bhliain 2001 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 252,220 duine san Astráil.

Ceanada

I 2011 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 108,925 (0.3% de dhaonra Cheanada) duine i gCeanada, shíos ó 117,285 (0.4%) i 2006.

An Chipir

Tá an Ghréigis mar theanga oifigiúil (chomh maith leis an Tuircis) sa Chipir.

An Iodáil

Tá an Ghréigis aitheanta mar theanga mionlach in áiteanna áirithe san Iodáil.

An Rómáin

I 2002 bhí 4,146 cainteoirí dúchasacha na Gréigise ina gcónaí sa Rómáin.

S.A.M.

De réir shuirbhé ó 2006-2010 bhí an Ghréigis mar phríomtheanga ag 321,144 duine sna S.A.M..

An Úcráin

I 2000 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 5,829 duine san Úcráin, síos ó 7,210 i 1970.

Tagairtí

An Ghréigis
Vicipéid le fáil as An Ghréigis freisin