An difríocht idir athruithe ar: "An Chéad Chogadh Domhanda"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 28: Líne 28:


Sa bhliain 1888, áfach, ba é an tImpire [[Uilliam II na Gearmáine|Uilliam a Dó]] a tháinig chun cumhachta sa Ghearmáin. Ní raibh sé sásta le polasaithe ciallmhara measartha Bismarck, agus thug sé bata is bóthar don tSeansailéir sa bhliain 1890. Bhí dearcadh [[Náisiúnachas|náisiúnaíoch]] impiriúlach ag Uilliam, agus é dianbharúlach go raibh sé daite dó "áit faoin ngrian" a bhaint amach don Ghearmáin. Ní raibh mórán suime aige sa taidhleoireacht ná sna conarthaí arbh iad for agus fónamh Bismarck iad.
Sa bhliain 1888, áfach, ba é an tImpire [[Uilliam II na Gearmáine|Uilliam a Dó]] a tháinig chun cumhachta sa Ghearmáin. Ní raibh sé sásta le polasaithe ciallmhara measartha Bismarck, agus thug sé bata is bóthar don tSeansailéir sa bhliain 1890. Bhí dearcadh [[Náisiúnachas|náisiúnaíoch]] impiriúlach ag Uilliam, agus é dianbharúlach go raibh sé daite dó "áit faoin ngrian" a bhaint amach don Ghearmáin. Ní raibh mórán suime aige sa taidhleoireacht ná sna conarthaí arbh iad for agus fónamh Bismarck iad.
[[Íomhá:"Onward to Victory", World War I Allied propaganda postcard.jpg|clé|mion|300x300px|Feachtas bolscaireachta, cárta phoist, Carruthers & Batsford, Winnipeg Canada 1916]]

Chuir stiúir nua bhagrach na Gearmáine míchompord ar na [[Sasanaigh]], go háirithe an dóigh a raibh [[Cabhlach cogaidh|loingeas]] cogaidh na Gearmáine ag dul i méadaíocht. Ba iad na [[long]]<nowiki/>a Sasanacha a bhí "ag rialú na dtonnta" ar fud an [[An Domhan|domhain]]. Ba dóigh le lucht [[Rialtas na Ríochta Aontaithe|rialtais na Ríochta Aontaithe]] go raibh na Gearmánaigh ag tabhairt a ndúshláin lena gcuid longa nua cogaidh. Mar sin, thosaigh na Sasanaigh féin ag tógáil longa láidre cogaidh de chineál nua - ''dreadnoughts'', a fuair a n-ainm ón gcéad long chogaidh den chineál seo, an ''HMS Dreadnought''.
Chuir stiúir nua bhagrach na Gearmáine míchompord ar na [[Sasanaigh]], go háirithe an dóigh a raibh [[Cabhlach cogaidh|loingeas]] cogaidh na Gearmáine ag dul i méadaíocht. Ba iad na [[long]]<nowiki/>a Sasanacha a bhí "ag rialú na dtonnta" ar fud an [[An Domhan|domhain]]. Ba dóigh le lucht [[Rialtas na Ríochta Aontaithe|rialtais na Ríochta Aontaithe]] go raibh na Gearmánaigh ag tabhairt a ndúshláin lena gcuid longa nua cogaidh. Mar sin, thosaigh na Sasanaigh féin ag tógáil longa láidre cogaidh de chineál nua - ''dreadnoughts'', a fuair a n-ainm ón gcéad long chogaidh den chineál seo, an ''HMS Dreadnought''.



Leagan ó 20:20, 30 Iúil 2017

An Chéad Chogadh Domhanda
An Chéad Chogadh Domhanda
Dáta: 28 Iúil 1914 – 11 Samhain 1918
Áit: An Eoraip, an Afraic agus an Meánoirthear
Toradh: Bua na Chomhghuaillithe. Cuireadh Conradh na Náisiún ar bun. Deireadh le hImpireacht na Gearmáine, hImpireacht na hOstaire-Ungáire, srl.
Céilí comhraic
An Comhghuaillithe:
An Fhrainc
Ríocht Aontaithe
Impireacht na Rúise (1914-1917)
Ríocht na hIodáil (1915-)
Stáit Aontaithe Mheiriceá (1917-)
An tSeapáin
An tSeirbia
An Bheilg
Hejaz
An Ghréig (1917-)
An Phortaingéil
… srl ...
Na Cumhachtaí Láir:
Impireacht na Gearmáine
An Ostair-Ungáir
Impireacht Otamánach
An Bhulgáir (1915-)
… srl ...
Ceannasaithe
Nioclás II
Lavr Kornilov
Raymond Poincaré
Georges Clemenceau
Seoirse V
H. H. Asquith
Horatio Kitchener
D. Lloyd George
Albert I
Victor Emmanuel III
Woodrow Wilson
An tImpire Taishō
Petar I
... srl ...
Franz Iosaf I
Séarlas I
A von Straussenburg
Uilliam II
Erich von Falkenhayn
Paul von Hindenburg
Mehmed V
Ferdinand I
... srl ...
Slua
Taismigh
Básanna: 5,525,000
Gortaithe: 12,831,500
In easnamh: 4,121,000
Básanna: 4,386,000
Gortaithe: 8,388,000
In easnamh: 3,629,000

Is éard a bhí i gceist leis an gCéad Chogadh Domhandaan Cogadh Mór ná coimhlint dhomhanda a mhair ón mbliain 1914 go dtí an bhliain 1918. Sháraigh sé na cogaí go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an gcogadh ba mhó agus ba scriosúla i stair an chine dhaonna roimh an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san Eoraip. Fágadh na milliúin marbh, agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh.

Is gnách na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir a thabhairt ar an dá thaobh sa chogadh seo. Ba iad na Comhghuaillithe an Ríocht Aontaithe, Impireacht na Rúise, agus an Fhrainc, is é sin, an Entente Triarach, chomh maith leis an Iodáil nach ndeachaigh sa chogadh ach ní ba déanaí. Le fírinne bhí an chuma ar an scéal i dtús an chogaidh go dtaobhódh an Iodáil leis na Cumhachtaí Láir, ach ní mar sin a tharla. Ba iad na Cumhachtaí Láir ná Dé-mhonarcacht na hOstaire is na hUngáire agus Impireacht na Gearmáine, an Bhulgáir agus an Tuirc Otamánach.

Cúiseanna an chogaidh

Rás na nArm

Deirtear gurb as aontú na Gearmáine sa bhliain 1870 a d'eascair an Cogadh Mór, nó nuair a tháinig na mion stáit Ghearmánacha le chéile in aon mhór stát amháin, b'ionann sin agus cothromaíocht na gcumhachtaí san Eoraip a chur ag guagaíl.

Ar dtús, ní raibh cuma ró-dhona ar na cúrsaí, nó bhí Otto von Bismarck, Seansailéir na Gearmáine, meáite ar an tsíocháin a choinneáil le tíortha eile na hEorpa, agus é ag dul i muinín taidhleoireachta agus conarthaí éagsúla leis an gcuspóir seo a bhaint amach.

Thar aon rud eile, níor theastaigh ó Bismarck go bhfágfaí an Ghearmáin ag cur troda ar dhá chathéadan san am chéanna, agus mar sin, bhí sé dírithe ar chaidreamh cairdiúil a choinneáil le hImpireacht na Rúise, nó ba é an rud ba mhó a chuir eagla air ná an Fhrainc agus an Rúis a bheith ag ionsaí a thíre ón dá thaobh.

Sa bhliain 1888, áfach, ba é an tImpire Uilliam a Dó a tháinig chun cumhachta sa Ghearmáin. Ní raibh sé sásta le polasaithe ciallmhara measartha Bismarck, agus thug sé bata is bóthar don tSeansailéir sa bhliain 1890. Bhí dearcadh náisiúnaíoch impiriúlach ag Uilliam, agus é dianbharúlach go raibh sé daite dó "áit faoin ngrian" a bhaint amach don Ghearmáin. Ní raibh mórán suime aige sa taidhleoireacht ná sna conarthaí arbh iad for agus fónamh Bismarck iad.

Feachtas bolscaireachta, cárta phoist, Carruthers & Batsford, Winnipeg Canada 1916

Chuir stiúir nua bhagrach na Gearmáine míchompord ar na Sasanaigh, go háirithe an dóigh a raibh loingeas cogaidh na Gearmáine ag dul i méadaíocht. Ba iad na longa Sasanacha a bhí "ag rialú na dtonnta" ar fud an domhain. Ba dóigh le lucht rialtais na Ríochta Aontaithe go raibh na Gearmánaigh ag tabhairt a ndúshláin lena gcuid longa nua cogaidh. Mar sin, thosaigh na Sasanaigh féin ag tógáil longa láidre cogaidh de chineál nua - dreadnoughts, a fuair a n-ainm ón gcéad long chogaidh den chineál seo, an HMS Dreadnought.

Chuir an rás armála idir an Bhreatain Mhór agus an Ghearmáin spreagadh i dtíortha eile na hEorpa téisclim a dhéanamh do chogadh mhór, agus an caiteachas míleata ag dul i méadaíocht ar fud na hilchríche.

Míleatachas agus uathlathas

Saighdiúirí Éireannacha ag ligean scíth le linn Chath na Somme, 1 Iúil, 1916

Chuir Uachtarán na Stát Aontaithe, Woodrow Wilson, agus daoine eile an pobal i dtreo an mhíleatachais. Cheap siad go raibh an cogadh ina iarmhairt ar an méid cumhachta a bhí cruinnithe ag an aicme uachtarach. Bhí Wilson ag súil go gcuirfí Conradh na Náisiún ar bun agus cheap sé dá bhfaigheadh na Stáit réidh lena n-airm go mbeadh síocháin ar domhan.

Impiriúlachas eacnamaíochta

Cheap Vladimir Lenin go raibh cúis an chogaidh ag baint leis an impiriúlachas domhanda. Mar fhianaise d'úsáid sé tuairimí Karl Marx agus John A. Hobson, a dúirt níos luaithe go mbrisfeadh cogadh domhanda amach dá leanfaí ar aghaidh leis an impiriúlachas. Chuir sé an argóint chun tosaigh go raibh na bainc shaibhre taobh thiar den rialtas i stáit áirithe. An rud faoin tuairim seo ná: Cén fáth nach raibh cogadh idir an Fhrainc agus Sasana? Bhí an bheirt acu ag leathadh amach a n-impireachtaí san Aifric agus san Áise, agus ba bheag nár thosaigh cogadh i Fashoda. Chun an fhírinne a rá, thosaigh impiriúlachas na hOstair-Ungáire agus na Rúise i dtaobh na mBalcán.

Iomaíocht i dtaobh eitneach agus an polaitíocht , sean agus nua

Bhí an Impireacht Otamánach ag iarraidh díoltas a bhaint amach sa bhliain 1914: Rumeliya Muhacirin-i Islamiyesi Cemiyeti,

Chreid an domhan go raibh cogadh idir an Ostair-Ungáir agus an tSeirbia chun teacht pé scéal é (cé nach n-aontaíonn an staraí A. J. P. Taylor leis sin), de dheasca go raibh an tír ag titim as a chéile agus an náisiúnachas ag fás ar fud na mBalcán. Tharla an fás seo de bharr gur thit an Tuirc as a chéile (bhí cogadh sa Libia idir iad féin agus an Iodáil inar chaill siad). Thug an Rúis tacaíocht dóibh toisc go raibh nasc reiligiúnda agus eithneach eatarthu, ach freisin ón uair go raibh suim acu i dteacht ar phoirt uisce te.

An fhadhb i gcomhair na Gearmáine ná go raibh sé suite i lár na hEorpa agus éasca le hionsaí ar an ábhar sin. Freisin, bhí an Fhrainc fós feargach mar gheall ar chailliúint Alsace agus Lorraine sa chogadh leis an bPrúis. Ar deireadh rinne na Fhrancaigh comhghuaillíocht leis na Rúisigh, ionas go raibh rudaí ag éirí dainséarach don Ghearmáin.

Forógra cogaidh agus tús an chogaidh

Plean Schlieffen i 1914

Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú Franz Ferdinand, Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na hOstaire, i Sairéavó sa Bhoisnia. D'fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire agus a bhean chéile Sophie, Bandiúc Hohenberg, ar an 28 Meitheamh 1914, i Sairéavó ag Gavrilo Princip. Ba ea dúnmharú Franz Ferdinand a chuir tús ar shraith imeachtaí a tharla go gairid ina dhiaidh.

Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Go bunúsach, tharraing an Ostair agus an tSeirbia a gcuid comhghuaillithe isteach sa chogadh, agus bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh. Chuir an cogadh deireadh leis na himpireachtaí ilnáisiúnta san Eoraip agus tháinig stáit nua ar an bhfód: an tSeicslóvaic, an Iúgslaiv, an Eastóin, an Fhionlainn, an Laitvia, an Pholainn agus an Liotuáin.

Na Pleananna Cogaidh, an Mhímhuinín agus an Slógadh

Na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir

Ceann de chúiseanna an chogaidh ab ea na pleananna réamhcheaptha a bhí ag na cumhachtaí go léir leis an gcogadh a bhuachan. Ba é Plean Schlieffen, plean slógtha na Gearmána, a tharraing an cogadh anuas ar an ilchríoch. Go bunúsach, bhí sé bunaithe ar an smaoineamh go n-ionsófaí an Fhrainc gan seans a fhágáil aici eagar ceart cogaidh a chur ar a cuid saighdiúirí in am.

An plean a bhí ag na Francaigh bhí sé dírithe ar an gceantar tionsclaíoch chois abhainn Ruhr, an Ruhrgebiet, a fhorghabháil, nó ní fhéadfadh an Ghearmáin cogadh a chur in uireasa na tionsclaíochta ansin. De réir plean eile de chuid na bhFrancach shlógfaí an t-arm go sciobtha le teorainn na Gearmáine agus na hOstaire-Ungáire a bhaint amach. Chruthaigh na pleananna seo atmaisféar cogúil so-adhainte idir na tíortha.

An cogaíocht

úsáid as gás nimhe le linn an chogaidh, 1918

Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar, ach le fírinne chuaigh ascnamh an dá thaobh i bhfostú ansin, agus d'fhan na saighdiúirí sna trinsí ar feadh na mblianta fada, ag iarraidh latrach an áir idir an dá thrinse a thrasnú. Rith an cathéadan seo ón Muir Thuaidh go teorainn na hEilvéise.

Bhí cathanna farraige agus aeir ann chomh maith.

Conradh Versailles

Fuair naoi milliún saighdiúir bás i machaire an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith.

Deireadh an chogaidh

Ba é Conradh Versailles a chuir deireadh leis an gcogadh go hoifigiúil. Sa bhliain 1919 a síníodh é. Conradh síochána idirnáisiúnta ab ea an Conradh Versailles, a chuir deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda idir na Comhghuaillithe agus an Ghearmáin. Síníodh é ar an 28 Meitheamh 1919 i bPálás Versailles i bPáras na Fraince. Féach freisin: Conradh Versailles.

Torthaí

Cuireadh tús le deich dtír nua, agus tógadh a lán talaimh ón Ghearmáin.

Bhí a lán torthaí ag an gcogadh sin.

Féach freisin

Tagairtí