An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó hEochaidh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Líne 52: Líne 52:
{{Teachtaí Dála an 18ú Dáil}}
{{Teachtaí Dála an 18ú Dáil}}
{{Teachtaí Dála an 19ú Dáil}}
{{Teachtaí Dála an 19ú Dáil}}
{{Teachtaí Dála an 20ú Dáil}}


{{DEFAULTSORT:Eochaidh, Cathal}}
{{DEFAULTSORT:Eochaidh, Cathal}}

Leagan ó 13:07, 27 Iúil 2017

Teimpléad:Taoiseach na hÉireann bosca eolais Ba é Cathal Séamas Ó hEochaidh (16 Meán Fómhair, 1925 - 13 Meitheamh 2006), Charles James Haughey as Béarla, nó Charlie Haughey de ghnáth; 6ú Taoiseach na hÉireann ar feadh trí théarma (ó mí na Nollag 1979 go mí an Mheithimh 1981, Márta 1982 go Nollaig 1982 agus Márta 1987 go Feabhra 1992). Bhí sé mar an gceathrú ceannaire ar Fianna Fáil chomh maith idir 1979 agus 1992. Toghadh Ó hEochaidh go Dáil Éireann don chéad uair mar Theachta Dála (TD) i 1957 agus atoghadh é i ngach toghchán go dtí 1992, thar ceann Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh, Baile Átha Cliath Ard Aidhin agus Baile Átha Cliath Thuaidh-Láir. Rinne Ó hEochaidh seirbhís mar an tAire Sláinte agus Leasa Shóisialaigh (1977-1979), an tAire Airgeadais (1966-1970, an tAire Talmhaíochta (1964-1966) agus an tAire Dlí agus Cirt (1961-1964). Bhí sé mar rúnaí parlaiminte don tAire Dlí agus Cirt go luath ina ghairm parliaminteach.

Tá cáil ar Ó hEochaidh mar an bpolaiteoir ceannasach dá ghlúin, chomh maith leis an bpolaiteoir is conspóidí. Nuair a chuaigh sé isteach sa rialtas go luath sna 1960idí, ba siombal é de ghlúin nua d'airí Éireannacha. Tugann roinnt daoine aitheantas dó as tús a chur leis an athrú dearfach a tháinig ar an ngeilleagar ag deireadh na 1980idí agus é mar Thaoiseach. Mar sin féin, bhí Ó hEochaidh bainteach le roinnt mórscannal le linn a ghairm. Cuireadh cuid den mhilleán faoi Ghéarchéim na nArm i 1970 air agus ba bheag nár scriosadh a ghairm ar fad dá bharr. Rinne an Cás GUBU i 1982 níos mó damáiste dá ghairm; seasadh ina choinne do cheannaireacht an páirtí ceithre huair ach níor éirigh le haon iarracht agus ghnóthaigh sé an leasainm 'The Great Houdini'. I ndiadh scannal cúléisteacht teileafóin i 1992 ní raibh aon rogha aige ach éirí as mar Thaoiseach agus as an bpolaitíocht go hiomlán.

I ndiadh gur éirigh Ó hEochaidh as, nochtaíodh níos mó eolas faoi éilliú, cúbláil, imghabháil cánach agus faoi chaidreamh lasmuigh den phósadh a mhair 27 bliain agus bhí a chlú smalaithe a thuilleadh. Fuair sé bás le hailse phróstataigh i 2006.

Luathshaol

Saolaíodh é i gCathair na Mart, Contae Mhaigh Eo i 1925, an tríú páiste de seachtar go Seán Ó hEochaidh agus Sarah McWilliams, an beirt acu ón Suaitreach i nDoire ó dhúchas. Bhí athair Ó hEochaidh in Óglaigh na hÉireann i rith Cogadh na Saoirse, agus ansin in Arm Náisiúnta Saorstát Éireann. D'fhág Seán Ó hEochaidh an arm i 1928 agus bhog an clann go Contae na Mí, áit a tháing scléaróis iolrach air agus bhog an clann arís go nDomhnach Cearna, áit a chaith Cathal a óige.

Fuair Ó hEochaidh a oideachas i Meánscoil Naomh Iósaf na mBráithre Críostaí i bhFionnradharc, áit ab ea Seoirse Ó Colla ceann dá chomhscoláirí, a bhí mar a chomhghleacaí agus céile comhairc i bhFianna Fáil ina dhiadh sin. I rith a óige bhí sé an-tughta don spórt agus d'imir sé Peil Ghaelach leis An gCumann Parnell C.L.G. i nDomhnach Cearna. Bhuaigh sé bonn Craobhchomórtas Sinsir Baile Átha Cliath sa Pheil i 1945. Léigh Ó hEochaidh Tráchtáil ins An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), áit a thug sé faoi Chéim Chéadonóracha i 1946. Ghlac Ó hEochaidh suim sa pholaitíocht i UCD agus toghadh é mar Reachtaire ar an Sochaí Tráchtála agus Eacnamaíochta. Bhuail sé le ceann de na céile comhairc polaitiúla a bhí aige i ndiadh sin i UCD, Gearóid Mac Gearailt.

Chuaigh sé isteach sa Fórsa Cosanta Áitiúil i rith "Ré na Práinne" i 1941 agus d'fhan sé ann go dtí gur toghadh é go Dáil Éireann i 1957.

Ar Lá an Bhua san Eoraip dhóigh Ó hEochaidh agus roinnt scoláirí UCD eile brat na Ríocht Aontaithe ar Faiche an Choláiste, lasmuigh de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath nuair a chuir an Coláiste bratanna na Comhghuaillaithe ag eitilt ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda.

Luathshaol Polaitíochta

Triail na n-Arm

Ag deireadh na seascaidí, bhris foréigean amach i dTuaisceart na hÉireann. Bhí Ó hEochaidh ina Aire Dlí i gcaibinéad Sheáin Uí Loingsigh ag an am. Ní fhacthas Ó hEochaidh mar taobhaitheoir leis an bhfeachtas foréigin ó thuaidh agus mar sin, bhí ionadh ann nuair a sacáladh Ó hEochaidh agus Niall Blaney ón gcaibinéad mar gheall ar líomhaintí gur úsáideadh airgead Stáit le airm a iompórtáil don IRA. Tógadh an bheirt chun triail in éineacht leis an gCaptaein James Kelly, agus fear gnó ón mBeilg darbh ainm Albert Luykx. Éigiontaíodh an ceathrar agus ceapadh go raibh saol polaitíochta Uí Eochaidh thart. Chaith sé roinnt blianta ar na cúlbhinsí ag iarraidh tacaíocht a ghineadh dó féin ón mbonn aníos.

Tréimhsí mar Thaoiseach

D'éirí Jack Lynch as mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil sa bhliain 1979. Toghadh Ó hEochaidh i gcomharbacht air nuair a bhuaigh sé comórtas don cheannaireacht i gcoinne Seoirse Ó Colla a bhí ina Thánaiste ag an am. Chaith sé ceithre théarma mar Thaoiseach - (1979-1981; 1982 (Feabhra-Samhain); 1987-1989; 1989-1992).

Conspóid

D'éirigh sé as an bpolaitíocht i 1992 mar gheall ar ábhair chonspóideacha a tháinig chun solais. Bhí an chonspóid mar chuid lárnach dá shaol, go háirithe tar éis dó éirí as. D'ardaíodh roinnt ceisteanna thar na blianta maidir le foinse maoinithe a shaol rachmasach. Tháinig sé chun solais i mBínse Fiosruithe McCracken agus i mBinse Fiosruithe Uí Mhuircheartaigh go raibh ard-chaimiléireacht ar bun ag Ó Eochaidh trí íocaíochtaí neamh-fhógartha a bhfuair sé ó lucht ghnó na tíre a phróiseáil i gcuntais thar sáile chomh maith le mí-úsáid a bhain sé as cuntas costaisí an Taoisigh.

Bás

D'éag sé ar an 13 Meitheamh 2006 agus cuireadh é i Reilig Naomh Fionntán i gCill Fhionntáin i dtuaisceart chathair Átha Cliath. Bhí ceathrar clainne aige; Emer Mulhern, Seán (Teachta Dála anois), Conor agus Ciarán.

Tagairtí