An difríocht idir athruithe ar: "Stair mhíleata"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
mNo edit summary
m Bhog Ériugena an leathanach Stair Míleata go Stair Mhíleata: Aontaíonn an aidiacht aitreabúideach leis an ainmfhocal i gcás, uimhir agus inscne!
(No difference)

Leagan ó 16:35, 24 Iúil 2017

Is é atá i ceist le Stair Míleata ná an chuid den stair a dhéanann cur síos agus staidéar ar chogaí, airm, cogaíocht agus a dtionchar ar sochaithe, a gcultúir, geilleagair agus ar caidreamh idirnáisiúnta tharr na mblianta.

Sé croí an ábhar ná dian-fhéachaint ar chúiseanna cogaí, a dtionchar cultúrtha agus sóisialta, straitéisí, lóistíochta, ceannasaíocht, teicneolaíocht, modhanna troda agus mar a d’athraigh siad thar na mblianta.

Tá an ábhar mar chuid dá cheird do lucht na n-arm agus is minic go bhfuil sé a mhúineadh do oifigí agus saighdiúirí mar chuid dá bhfóbairt proifisiúnta. Sé atá beartaithe ná na sean botúin a sheachaint agus a gcuid straitéisí a fheabhsú sa la ata inniu ann trí cosúlachtaí a aithint leis an méid a tharla san am a bhí. Bíonn níos mó béime ar téamaí ginearálta agus comhthéacs na cogaíocht sa lá atá inniu ann ná ar dhátaí cathanna agus ainmneacha ginearáil mar a bhí.

Mar gheall gur ábhar é ata in úsáid go laethúil, tá se de síoraí ag athrú fad is a athríonn na sochaí ina bhfuil sé á mhúineadh. Deirtear go mbaineann an luas seo le luas na hathraithe i dteicneolaíochta agus airm le gairid, ón Réabhlóid Thionsclaíoch go dtí an Ré Núicléach agus anois, isteach i n-Aois an Eolais.

Ní ritheann Aoiseanna an Stair Míleata le Aoiseanna na Staire, tá deilt idir Cogaíocht Ársa, Cogaíocht Meánaoiseach, Cogaíocht an Phúdar, Cogaíocht Tionsclaíoch agus Cogaíocht Comhaimseartha.

Dílleachta na Staire

Mar chuid den stair, níl sé chomh fite fuaite leis an saol acadúil le gnéithe eile den stair cé go bhfuil an-dúil air i measc an phobail. Tá deilt eile le feiceáil taobh istigh den ábhar, idir na staraithe acadúla agus na staraithe áitiúla. De ghnáth, bíonn an béim ag an lucht proifisiúnta ar na tionchair mhóra agus bíonn níos béime ag an lucht neamh-proifisiúnta ar gnéithe bheaga de cathanna, cultacha agus airm.

Feictear go bhfuil sé mar ábhar scoilte on na gnéithe acadúla eile den stair san ollscoileanna agus go bhfuil dímheas éigin ina leigh mar ábhar acadúil. Mar ábhar acadúil, ta sé ceangailte leis na hairm agus a gcuid gnó, rud nach ritheann ró mhaith le scoláirí ó lár na seascaidí.

Scríobh na Staire

Ta fadhbanna airithe a bhaineann leis an stair míleata, dár lena gcáinteoirí. Ní ritheann na réanna leis an leagan amach ginearálta agus cuirtear ina léigh an ábhar go bhfuil sé ró-tuigthe leis an Eoraip. Bíonn an bhéim go minic ar an dream is láidre.

Tá deacrachtaí leis má ábhar staidéar freisin. Bíonn an-chuid rúndacht ag baint le cúrsaí míleata. Mar shampla, níl fhios fós san la ata inniu ann cé déanamh a bhí ar an “ignis graecus”, an uirlis cogaíocht cáiliúla a d’úsáid na Biosántaigh.