An difríocht idir athruithe ar: "Liam Ó Flaithearta"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leag amach
mionathruithe
Líne 1: Líne 1:
Scríbhneoir ab ea '''Liam Ó Flaitheartaigh'''. Rugadh ar an [[28 Lúnasa|28ú de Lúnasa]] [[1896]] é agus cailleadh ar an [[7 Meán Fómhair|7ú de Mheán Fómhair]], [[1984]] é). Ba i m[[Béarla]] a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, ''Dúil'' mar aon le roinnt dánta ó am go chéile as [[Gaeilge]]. Tugtar ''Liam Ó Flaithearta'', nó ''Liam O'Flaherty'' as Béarla, air freisin. Ba scríobhneoir freisin é [[Tom O'Flaherty]], deartháir leis.
Scríbhneoir [[Éire|Éireannach]]ab ea '''Liam Ó Flaitheartaigh''' ( [[28 Lúnasa]] [[1896]] - [[7 Meán Fómhair]], [[1984]]). Ba i m[[Béarla]] a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, ''Dúil'', mar aon le roinnt dánta ó am go chéile as [[Gaeilge]]. Tugtar ''Liam Ó Flaithearta'', nó ''Liam O'Flaherty'' as Béarla, air freisin. Ba scríobhneoir freisin é [[Tom O'Flaherty]], deartháir leis.


== Saol ==
== Saol ==
Rugadh an Flaitheartach i [[Gort na gCapall|nGort na gCapall]] in [[oileáin Árann]]. Chuaigh sé ar an meánscoil i gColáiste Rockwell i g[[Contae Thiobraid Árann]], agus as sin go [[Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath]]. Ach níor lean sé i bhfad ann. Chuaigh sé in arm Shasana sa [[Chéad Chogadh Domhanda]], ach cuireadh as an líne é mar go raibh 'shell shock' air. Rinne sé roinnt mhaith taistil ar an mór-roinn ina dhiaidh sin. Níos deireanaí, bhí plé aige le [[cumannachas]], agus bhí páirt aige in éirí amach sóisialach sa Rotunda i m[[Baile Átha Cliath]], nár mhair ach lá nó dhó. Chuaigh sé go [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] freisin, áit ar mhol a dheartháir, Tom, dó dul ag scríobh, i dtús báire do iris Cumannach a bhí á chur in eagar aige féin.
Rugadh an Flaitheartach i n[[Gort na gCapall]] in [[oileáin Árann|Árainn]]. Chuaigh sé ar meánscoil i g[[Coláiste Charraig an Tobair]] i g[[Contae Thiobraid Árann]] agus [[Coláiste na Carraige Duibhe]] i m[[Baile Átha Cliath]], agus as sin go [[Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath]]. Ach níor lean sé i bhfad ann. Chuaigh sé in arm Shasana sa [[Chéad Chogadh Domhanda]], ach cuireadh as an líne é mar go raibh 'shell shock' air. Rinne sé roinnt mhaith taistil ar an mór-roinn ina dhiaidh sin. Níos deireanaí, bhí plé aige le [[cumannachas]], agus bhí páirt aige in éirí amach sóisialach sa Rotunda i m[[Baile Átha Cliath]], nár mhair ach lá nó dhó. Chuaigh sé go [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] freisin, áit ar mhol a dheartháir, Tom, dó dul ag scríobh, i dtús báire do iris Cumannach a bhí á chur in eagar aige féin.


== Saothair ==
== Saothair ==
Líne 10: Líne 10:




[[Rang:Scríbhneoirí Éireannacha|O Flaithbheartaigh, Liam]]
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|O Flaithbheartaigh, Liam]]
[[Rang:Daoine a rugadh i 1896|O Flaithbheartaigh, Liam]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1896|O Flaithbheartaigh, Liam]]
[[Rang:Básanna i 1984|O Flaithbheartaigh, Liam]]
[[Catagóir:Básanna i 1984|O Flaithbheartaigh, Liam]]


[[br:Liam Ó Flaitheartaigh]]
[[br:Liam Ó Flaitheartaigh]]

Leagan ó 19:48, 19 Márta 2007

Scríbhneoir Éireannachab ea Liam Ó Flaitheartaigh ( 28 Lúnasa 1896 - 7 Meán Fómhair, 1984). Ba i mBéarla a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, Dúil, mar aon le roinnt dánta ó am go chéile as Gaeilge. Tugtar Liam Ó Flaithearta, nó Liam O'Flaherty as Béarla, air freisin. Ba scríobhneoir freisin é Tom O'Flaherty, deartháir leis.

Saol

Rugadh an Flaitheartach i nGort na gCapall in Árainn. Chuaigh sé ar meánscoil i gColáiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann agus Coláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath, agus as sin go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ach níor lean sé i bhfad ann. Chuaigh sé in arm Shasana sa Chéad Chogadh Domhanda, ach cuireadh as an líne é mar go raibh 'shell shock' air. Rinne sé roinnt mhaith taistil ar an mór-roinn ina dhiaidh sin. Níos deireanaí, bhí plé aige le cumannachas, agus bhí páirt aige in éirí amach sóisialach sa Rotunda i mBaile Átha Cliath, nár mhair ach lá nó dhó. Chuaigh sé go Stáit Aontaithe Mheiriceá freisin, áit ar mhol a dheartháir, Tom, dó dul ag scríobh, i dtús báire do iris Cumannach a bhí á chur in eagar aige féin.

Saothair

Bhain sé an-cháil amach ó na fichidí anonn mar scríbhneoir ghearrscéalta agus úrscéalta. Scríobh sé roinnt filíochta freisin. I measc a chuid úrscéalta, tá Famine, The Black Soul, Return of the Brute, The Informer, The Assassin, The Martyr, Land, The Pilgrim, Insurrection, The Wilderness, Thy Neighbour's Wife, Mr Gilhooley, agus Skerritt. Cuireadh trí leabhar beatháisnéise leis i gcló, I went to Russia, Two Years of my Life, agus b'fhéidir an ceann is suimiúla acu, Shame the Devil. I measc a leabhair gearrscéalta, tá Spring Sowing, Two Lovely Beasts agus cnuasaigh éagsúla eile, maraon le ceann amháin Gaeilge, Dúil. Scríobh sé an dán 'Na Blátha Craige' ina léiríonn sé a ghrá don dúlra, ag úsáid íomhanna ón nádúr in Árainn. Fásann na blátha craige, bláthanna beaga bán-dearg ar thalamh nó ar charraigeacha aolchloiche.