An difríocht idir athruithe ar: "Ár Jokela"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 21 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q600836 (translate me)
mNo edit summary
Líne 14: Líne 14:
Bhí cárta ballraíochta aige ón ''Helsinki Shooting Club'', club aimsitheoireachta i [[Heilsincí]]. Bhí an cárta ar fáil do chách, ar acht go bhfreastlódh sé ar chúrsa gairid slándála. Nuair a chuaigh sé ar lorg ceadúnais, thaispeáin sé an cárta ballraíochta do na póilíní lena chruthú go raibh an aimsitheoireacht mar chaitheamh aimsire aige. Theastaigh uaidh piostal ar chalabra naoi milliméadar a cheannach, ach níor thug na póilíní ceadúnas dó le haghaidh a leithéide. Is é an cineál piostal a ceadúnaíodh dó ná piostal ar chalabra .22, a bhí ní b'oiriúnaí don tosaitheoir. Ní raibh drogall ar na póilíní an ceadúnas a bhronnadh air, ó nach raibh taifead coiriúil aige. Fuair sé an ceadúnas ar an 19 Deireadh Fómhair 2007, cupla seachtain roimh an ár.
Bhí cárta ballraíochta aige ón ''Helsinki Shooting Club'', club aimsitheoireachta i [[Heilsincí]]. Bhí an cárta ar fáil do chách, ar acht go bhfreastlódh sé ar chúrsa gairid slándála. Nuair a chuaigh sé ar lorg ceadúnais, thaispeáin sé an cárta ballraíochta do na póilíní lena chruthú go raibh an aimsitheoireacht mar chaitheamh aimsire aige. Theastaigh uaidh piostal ar chalabra naoi milliméadar a cheannach, ach níor thug na póilíní ceadúnas dó le haghaidh a leithéide. Is é an cineál piostal a ceadúnaíodh dó ná piostal ar chalabra .22, a bhí ní b'oiriúnaí don tosaitheoir. Ní raibh drogall ar na póilíní an ceadúnas a bhronnadh air, ó nach raibh taifead coiriúil aige. Fuair sé an ceadúnas ar an 19 Deireadh Fómhair 2007, cupla seachtain roimh an ár.


Ceoltóir proifisiúnta is ea é athair Auvinen, agus a mháthair páirteach i saol na polaitíochta sna Glasaigh. Maidir leis an mac, bhí sé ag cur suime i gcúrsaí na polaitíochta ó bhí sé ina bhrín óg, ach le déanaí, bhí sé ag éirí díograiseach i leith smaointí [[Friedrich Nietzsche]] faoin osduine. D'fhág sé ina dhiaidh cineál forógra ina raibh sé ag caitheamh anuas ar an gcuid ba mhó den chine dhaonna, agus é den bharúil go raibh meath ag teacht ar an gcine daonna, ó nach raibh an roghnú nádúrtha ag dealú na rogha ón díogha a thuilleadh. Mar sin, thug sé le fios go raibh sé ag iarraidh an roghnú sin a chur i gcrích ina scoil féin tríd na daoine laga a mharú. Bhí tionchar ón náisiúnachas Fionlannach, ón gciníochas agus ón nua-[[Naitsíochas]] le haithint ar a chuid scríbhinní chomh maith, ach san am céanna, cháin sé na maolchloignigh, ó bhí sé barúlach gur daoine den droch-chineál a bhí iontu, agus é féin ina osduine.
Ceoltóir proifisiúnta is ea athair Auvinen, agus a mháthair páirteach i saol na polaitíochta sna Glasaigh. Maidir leis an mac, bhí sé ag cur suime i gcúrsaí na polaitíochta ó bhí sé ina bhrín óg, ach le déanaí, bhí sé ag éirí díograiseach i leith smaointí [[Friedrich Nietzsche]] faoin osduine. D'fhág sé ina dhiaidh cineál forógra ina raibh sé ag caitheamh anuas ar an gcuid ba mhó den chine dhaonna, agus é den bharúil go raibh meath ag teacht ar an gcine daonna, ó nach raibh an roghnú nádúrtha ag dealú na rogha ón díogha a thuilleadh. Mar sin, thug sé le fios go raibh sé ag iarraidh an roghnú sin a chur i gcrích ina scoil féin tríd na daoine laga a mharú. Bhí tionchar ón náisiúnachas Fionlannach, ón gciníochas agus ón nua-[[Naitsíochas]] le haithint ar a chuid scríbhinní chomh maith, ach san am céanna, cháin sé na maolchloignigh, ó bhí sé barúlach gur daoine den droch-chineál a bhí iontu, agus é féin ina osduine.


Bhí sé ina ábhar mór diospóireachta i ndiaidh an áir, cén tionchar a bhí ag [[Pentti Linkola]] ar smaointeachas anordúil Pekka-Eric Auvinen. Ceannródaí don Ghlasachas ab ea é Pentti Linkola san Fhionlainn, scríbhneoir a thug rabhadh faoi na dainséir a bhí ag bagairt ar an timpeallacht nádúrtha thiar sna seachtóidí, nuair nach raibh sé faisiúnta go fóill. De réir a chéile, d'iompaigh Linkola in aghaidh an daonlathais agus é ag fógairt gur chóir na lagracháin a mharú agus na daoine láidire a chur i gceannas ar na cúrsaí. Cé go bhfuil blas láidir an Darwineachais shóisialta ar a mbíonn sé a rá ar na saolta seo, agus a lán daoine ag cur "éicea-fhaisisteachas" ina leith, bíonn fáilte roimhe i gcónaí ina lán áiteanna toisc an stádas a bhain sé amach sna ciorcail acadúla leis an ról a bhí aige mar cheannródaí do ghluaiseacht na nGlasach. Bhí máthair Pekka-Eric Auvinen ina ball den fhaicsean Ghlasach a bhí tugtha do ghnéithe áirithe de smaointeachas Linkola, agus chuir an fear óg féin in iúl ina chuid scríbhinní go raibh urraim aige do Linkola.
Bhí sé ina ábhar mór diospóireachta i ndiaidh an áir, cén tionchar a bhí ag [[Pentti Linkola]] ar smaointeachas anordúil Pekka-Eric Auvinen. Ceannródaí don Ghlasachas ab ea Pentti Linkola san Fhionlainn, scríbhneoir a thug rabhadh faoi na dainséir a bhí ag bagairt ar an timpeallacht nádúrtha thiar sna seachtóidí, nuair nach raibh sé faisiúnta go fóill. De réir a chéile, d'iompaigh Linkola in aghaidh an daonlathais agus é ag fógairt gur chóir na lagracháin a mharú agus na daoine láidire a chur i gceannas ar na cúrsaí. Cé go bhfuil blas láidir an Darwineachais shóisialta ar a mbíonn sé a rá ar na saolta seo, agus a lán daoine ag cur "éicea-fhaisisteachas" ina leith, bíonn fáilte roimhe i gcónaí ina lán áiteanna toisc an stádas a bhain sé amach sna ciorcail acadúla leis an ról a bhí aige mar cheannródaí do ghluaiseacht na nGlasach. Bhí máthair Pekka-Eric Auvinen ina ball den fhaicsean Ghlasach a bhí tugtha do ghnéithe áirithe de smaointeachas Linkola, agus chuir an fear óg féin in iúl ina chuid scríbhinní go raibh urraim aige do Linkola.


[[Catagóir:An Fhionlainn]]
[[Catagóir:An Fhionlainn]]

Leagan ó 19:14, 20 Meitheamh 2017

Thit Ár Jokela (Fionlainnis: Jokelan kouluammuskelutapausJokelan koulusurmat) amach ar an 7 Samhain, 2007, i Lárionad Scoile Jokela (Jokelan koulukeskus) i sráidbhaile Jokela i gceantar Tuusula san Fhionlainn. Chaith duine de dhaltaí na scoile, Pekka-Eric Auvinen (Meitheamh 1989-7 Samhain 2007), na céadta urchar ina thimpeall agus mharaigh sé naonúr daoine, mar atá, cúigear buachaillí óga a bhí ag foghlaim sa scoil, banaltra scoile, ardmháistreás na scoile agus bean cúig bliana fichead a bhí ag freastal ar chlár oideachais aosaigh sa scoil. Sa deireadh, chuir sé lámh ina bhás féin. Cé go raibh sé beo i gcónaí nuair a tháinig na póilíní air agus é ina luí ar an urlár, shíothlaigh sé go gairid ina dhiaidh sin in ospidéal Töölö i Heilsincí.

Na hImeachtaí

Ar an 7 Samhain 2007, timpeall is ag a 11.40 a'chlog, thosaigh Pekka-Eric Auvinen, duine de dhaltaí na scoile, ag lámhach ina thimpeall leis an bpiostal (SIG Sauer Mosquito, calabra .22) a thug sé leis go dtí an scoil. Bhí an piostal aige go dlíthiúil, nó bhí sé díreach tar éis ceadúnas a fháil. I rith an chéad fhiche nóiméad eile, mharaigh sé ochtar daoine de dhaltaí nó d'fhoireann na scoile. Cuid de na daltaí agus de na múinteoirí, d'fhan siad socair sna seomraí ranga, agus glas ar an doras, ach d'éalaigh cuid mhaith eile as foirgneamh na scoile lena n-anam. Ghortaigh cuid acu iad féin nuair a bhris siad fuinneoga le teacht amach.

Ag a 11.44 a'chlog, cuireadh fios ar na póilíní, agus tháinig an chéad chonstábla go dtí an scoil ag a 11.55. Sa deireadh, bhí timpeall is céad póilín san áit, ina measc Grúpa Karhu, aonad speisialta na bpóilíní. Nuair a fuair na póilíní radharc ar Auvinen, scaoil sé urchar ina dtreo, ach níor bhuail an t-urchar aon duine acu. Ansin, chuaigh sé as radharc orthu arís, sula raibh d'uain acu aimsiú a fháil air ná dul i dteagmháil cumarsáide leis. Ag a 13.53 a'chlog, tháinig na póilíní trasna ar Auvinen, agus é ina luí i leithreas na scoile. Bhí sé tar éis é féin a chaitheamh sa chloigeann, ach bhí sé beo i gcónaí. Tugadh go hOspidéal Töölö é, áit ar bhásaigh sé ag a 22.15 a'chlog.

De réir mar a d'aithin na póilíní, scaoil Auvinen 76 urchar, ar a laghad. Bhí leathmhíle de chartúis ar fad aige, áfach. Bhí sé ag iompar canna peitriliam leis, fosta, agus rinne sé iarracht an scoil a chur trí thine.

An Gunnadóir

Tá idir ardranganna bunscoile (peruskoulun yläaste, do dhaltaí ó 13 bliana go 15 bliana d'aois) agus coláiste (lukio, do dhaltaí ó 16 bliana go 18 mbliana d'aois) ag oibriú i Lárionad Scoile Jokela. Bhí Pekka-Eric Auvinen ag freastal ar an tríú rang den lukio, agus é lena scrúduithe ardteistiméireachta (ylioppilastutkinto) a chur de sa bhliain a bhí chugainn. Bhí sé ocht mbliana déag d'aois. Ní raibh taifead coiriúil aige, ach b'é an scéal a bhí ag dul timpeall i ndiaidh na n-imeachtaí go bhfuair sé bulaíocht ar scoil. Tá an dá bh'fhéidir ann, áfach.

Bhí cárta ballraíochta aige ón Helsinki Shooting Club, club aimsitheoireachta i Heilsincí. Bhí an cárta ar fáil do chách, ar acht go bhfreastlódh sé ar chúrsa gairid slándála. Nuair a chuaigh sé ar lorg ceadúnais, thaispeáin sé an cárta ballraíochta do na póilíní lena chruthú go raibh an aimsitheoireacht mar chaitheamh aimsire aige. Theastaigh uaidh piostal ar chalabra naoi milliméadar a cheannach, ach níor thug na póilíní ceadúnas dó le haghaidh a leithéide. Is é an cineál piostal a ceadúnaíodh dó ná piostal ar chalabra .22, a bhí ní b'oiriúnaí don tosaitheoir. Ní raibh drogall ar na póilíní an ceadúnas a bhronnadh air, ó nach raibh taifead coiriúil aige. Fuair sé an ceadúnas ar an 19 Deireadh Fómhair 2007, cupla seachtain roimh an ár.

Ceoltóir proifisiúnta is ea athair Auvinen, agus a mháthair páirteach i saol na polaitíochta sna Glasaigh. Maidir leis an mac, bhí sé ag cur suime i gcúrsaí na polaitíochta ó bhí sé ina bhrín óg, ach le déanaí, bhí sé ag éirí díograiseach i leith smaointí Friedrich Nietzsche faoin osduine. D'fhág sé ina dhiaidh cineál forógra ina raibh sé ag caitheamh anuas ar an gcuid ba mhó den chine dhaonna, agus é den bharúil go raibh meath ag teacht ar an gcine daonna, ó nach raibh an roghnú nádúrtha ag dealú na rogha ón díogha a thuilleadh. Mar sin, thug sé le fios go raibh sé ag iarraidh an roghnú sin a chur i gcrích ina scoil féin tríd na daoine laga a mharú. Bhí tionchar ón náisiúnachas Fionlannach, ón gciníochas agus ón nua-Naitsíochas le haithint ar a chuid scríbhinní chomh maith, ach san am céanna, cháin sé na maolchloignigh, ó bhí sé barúlach gur daoine den droch-chineál a bhí iontu, agus é féin ina osduine.

Bhí sé ina ábhar mór diospóireachta i ndiaidh an áir, cén tionchar a bhí ag Pentti Linkola ar smaointeachas anordúil Pekka-Eric Auvinen. Ceannródaí don Ghlasachas ab ea Pentti Linkola san Fhionlainn, scríbhneoir a thug rabhadh faoi na dainséir a bhí ag bagairt ar an timpeallacht nádúrtha thiar sna seachtóidí, nuair nach raibh sé faisiúnta go fóill. De réir a chéile, d'iompaigh Linkola in aghaidh an daonlathais agus é ag fógairt gur chóir na lagracháin a mharú agus na daoine láidire a chur i gceannas ar na cúrsaí. Cé go bhfuil blas láidir an Darwineachais shóisialta ar a mbíonn sé a rá ar na saolta seo, agus a lán daoine ag cur "éicea-fhaisisteachas" ina leith, bíonn fáilte roimhe i gcónaí ina lán áiteanna toisc an stádas a bhain sé amach sna ciorcail acadúla leis an ról a bhí aige mar cheannródaí do ghluaiseacht na nGlasach. Bhí máthair Pekka-Eric Auvinen ina ball den fhaicsean Ghlasach a bhí tugtha do ghnéithe áirithe de smaointeachas Linkola, agus chuir an fear óg féin in iúl ina chuid scríbhinní go raibh urraim aige do Linkola.