An difríocht idir athruithe ar: "Giorgio Perlasca"

Jump to navigation Jump to search
m
no edit summary
m
m
 
== Tús a shaoil ==
Nuair a bhí Perlasca óg, bhí sé go mór faoi thionchar an fhile Iodálaigh [[Gabriele d'Annunzio]]. [[Náisiúnachas|Náisiúnaí]] rómánsach ab ea é d'Annunziod’Annunzio, agus páirt nach beag aige agus ag a chuid filíochta i bhforbairt an Fhaisisteachais san Iodáil. Nuair a chuaigh an Iodáil chun cogaidh in aghaidh na h[[An Aetóip|Abaisíne]], ghlac Perlasca páirt sna cathanna, agus ansin, nuair a chabhraigh an Iodáil le Franco i g[[Cogadh Cathartha na Spáinne]], liostáil Perlasca sna saighdiúirí arís eile.
 
De réir a chéile, áfach, d'éirigh Perlasca drochamhrasach i leith an Fhaisisteachais. Go háirithe, bhí sé míshásta leis na dlíthe frith-Ghiúdacha a reachtaíodh sa bhliain 1939 agus leis an dóigh a raibh an Iodáil ag comhoibriú leis [[an Ghearmáin|na Gearmánaigh]] sa chogadh.
I Mí na Samhna 1944, theip an misneach ar Sanz Briz, nach raibh siúráilte go mbeadh rialtas na Spáinne sásta é a chosaint ar an [[SS]] a bhí ag éirí bagrach ar na tithe sábháilte. D'éalaigh sé go dtí [[an Eilvéis]], agus é ag áitiú ar Perlasca a shampla a leanúint.
 
Ní mar sin a rinne Perlasca, áfach. D'fhan sé thiar i mBudapest. Is é an chiall a bhain na húdaráis Ungáracha go raibh an Spáinn tar éis an caidreamh dioplómatúil a bhriseadh, ó bhí an tAmbasadóir féin imithe. Mar sin, d'ullmhaigh siad na tithe sábháilte a shealbhú agus na Giúdaigh a cheapadh. Ansin, áfach, d'inis Perlasca bréag dóibh: dúirt sé go raibh Sanz Briz tar éis cumhachtaí sealadacha an Ambasadóra a dhílsiú dó féin. Chreid na hUngáraigh é, agus creidiúnaíodh é mar Ambasadóir nua. Bhí siad dóchasach as mar idirghabhálaí idir iad féin agus na Comhghuaillithe le comhchainteanna síochána a thosú roimh theacht an Airm Dheirg. Thairis sin, bhí sé tuigthe ag na Faisistithe Ungáracha go raibh an cogadh caillte, agus go raibh tearmann ag teastáil uathu leis an díoltas Sóivéadach a sheachaint. Ós rud é gur deachtóireacht ab ea í an Spáinn a raibh blas an Fhaisisteachais uirthi, shíl siad go mbeadh fáilte rompu ansin.
 
Faoi na himthoscaí seo, bhí Perlasca ábalta na mílte Giúdaigh a shábháil ón Uileloscadh. Ba mhinic a rachadh sé idir lucht na Saighdeadchroise agus na Giúdaigh agus é á chur féin i ndainséar an bháis leis na daoine faoina choimirce a chosaint.
5,690

edits

Roghchlár nascleanúna