An difríocht idir athruithe ar: "Led Zeppelin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 10: Líne 10:
idirlíon = [http://www.ledzeppelin.com.net Ledzeppelin.com (suíomh oifigiúil)]|
idirlíon = [http://www.ledzeppelin.com.net Ledzeppelin.com (suíomh oifigiúil)]|
}}
}}
Rac-bhanna [[Sasana]]ch ab ea é '''Led Zeppelin''', a bunaíodh sa bhliain 1968 agus a bhí gníomhach le linn na seascaidí agus na seachtóidí. Bhí siad ar cheann de na grúpaí ba mhó suas go dtí a mbriseadh suas tar éis bháis an drumadóra [[John Bonham]] sa bhliain 1980. Cé go raibh an-tionchar imeartha ag [[na gormacha]] agus [[rac-cheol]] ar a gcuid ceoil, chruthaigh Led Zeppelin fuaim úr nua a bhí ní ba chrua agus ní ba throime. Luaitear go minic iad mar cheann de na céad bhannaí sna seánraí [[rac crua]] agus [[miotal trom|miotail troime]] mar a thugtar orthu anois. Mar sin féin, is iomaí stíleanna éagsúla a bhí le cloisteáil ina n-amhráin, agus is deacair iad a bhrúigh isteach i gcatagóir amháin dá bharr.
Rac-bhanna [[Sasana]]ch ab ea '''Led Zeppelin''', a bunaíodh sa bhliain 1968 agus a bhí gníomhach le linn na seascaidí agus na seachtóidí. Bhí siad ar cheann de na grúpaí ba mhó suas go dtí a mbriseadh suas tar éis bháis an drumadóra [[John Bonham]] sa bhliain 1980. Cé go raibh an-tionchar imeartha ag [[na gormacha]] agus [[rac-cheol]] ar a gcuid ceoil, chruthaigh Led Zeppelin fuaim úr nua a bhí ní ba chrua agus ní ba throime. Luaitear go minic iad mar cheann de na céad bhannaí sna seánraí [[rac crua]] agus [[miotal trom|miotail troime]] mar a thugtar orthu anois. Mar sin féin, is iomaí stíleanna éagsúla a bhí le cloisteáil ina n-amhráin, agus is deacair iad a bhrúigh isteach i gcatagóir amháin dá bharr.


Scaoil Led Zeppelin naoi n-[[albam]] lena linn, ar a raibh roinnt amhrán atá an-chlúiteach fós - mar shampla ''[[Whole Lotta Love]]'', ''[[Dazed And Confused]]'', ''[[Stairway To Heaven]]'', ''[[Black Dog]]'','' [[Immigrant Song]]'', ''[[Communication Breakdown]]'' agus ''[[Kashmir]]''. Níor eisigh siad oiread is rian amháin mar shingil, áfach, mar b'fhearr leo díriú ar an albam mar aonad ina iomlán.
Scaoil Led Zeppelin naoi n-[[albam]] lena linn, ar a raibh roinnt amhrán atá an-chlúiteach fós - mar shampla ''[[Whole Lotta Love]]'', ''[[Dazed And Confused]]'', ''[[Stairway To Heaven]]'', ''[[Black Dog]]'','' [[Immigrant Song]]'', ''[[Communication Breakdown]]'' agus ''[[Kashmir]]''. Níor eisigh siad oiread is rian amháin mar shingil, áfach, mar b'fhearr leo díriú ar an albam mar aonad ina iomlán.

Leagan ó 20:33, 16 Meitheamh 2017

Teimpléad:Bosca Sonraí banna Rac-bhanna Sasanach ab ea Led Zeppelin, a bunaíodh sa bhliain 1968 agus a bhí gníomhach le linn na seascaidí agus na seachtóidí. Bhí siad ar cheann de na grúpaí ba mhó suas go dtí a mbriseadh suas tar éis bháis an drumadóra John Bonham sa bhliain 1980. Cé go raibh an-tionchar imeartha ag na gormacha agus rac-cheol ar a gcuid ceoil, chruthaigh Led Zeppelin fuaim úr nua a bhí ní ba chrua agus ní ba throime. Luaitear go minic iad mar cheann de na céad bhannaí sna seánraí rac crua agus miotail troime mar a thugtar orthu anois. Mar sin féin, is iomaí stíleanna éagsúla a bhí le cloisteáil ina n-amhráin, agus is deacair iad a bhrúigh isteach i gcatagóir amháin dá bharr.

Scaoil Led Zeppelin naoi n-albam lena linn, ar a raibh roinnt amhrán atá an-chlúiteach fós - mar shampla Whole Lotta Love, Dazed And Confused, Stairway To Heaven, Black Dog, Immigrant Song, Communication Breakdown agus Kashmir. Níor eisigh siad oiread is rian amháin mar shingil, áfach, mar b'fhearr leo díriú ar an albam mar aonad ina iomlán.

Tá níos mó ná dhá chéad milliún ceirnín díolta acu ar fud an domhain, rud a fhágann go bhfuil siad ar cheann de na grúpaí is mó díol riamh.

Bunú an bhanna

Ba é an giotáraí agus cumadóir Jimmy Page a bhunaigh Led Zeppelin sa bhliain 1968. Bhí Page ina bhall de bhannaí mór le rá eile ag am am, amhail The Yardbirds. Nuair a bhris an banna seo suas, dhírigh Page ar a bhanna féin a chur le chéile. Bhí aithne aige cheana ar John Paul Jones, ceoltóir an-tréitheach a bhíodh ag obair mar cheoltóir stiúideo le bannaí móra an lae. Ghlac Jones cuireadh Page chun teacht isteach sa bhanna, ag seinm an dord-ghiotáir. Chas Page ar an amhránaí Robert Plant agus an drumadóir John Bonham don chéad uair agus an bheirt ag casadh le chéile go beo ina shean-ghrúpa Band of Joy. Baisteadh Led Zeppelin orthu oíche amháin sa teach tábhairne, agus Keith Moon (drumadóir The Who) ag magadh go mbeidís chomh rathúil le balún luaidhe.

Athaontú

Bíonn caint agus ráflaí sna meáin i gcónaí maidir le hathaontú an bhanna, ach ní tharlaíonn sé ach ar feadh oíche amháin ó am go chéile. Bhí Live Aid sa bhliain 1985 ar an chéad uair a sheinneadar ar aon stáitse le chéile, ó bhás Bonham. Ar an lá seo, chas Plant, Page agus Jones roinnt rianta i Philadelphia le Phil Collins ag tabhairt lámh cúnta dóibh ar na drumaí. Tharraing an taispeántas aird an phobail go mór, ach cuimhnítear mar drochlá amach is amach é don ghrúpa. Ní raibh siad ullamh i gceart don tseit - sheinn Page an chuid ba mhó den tseó le Gibson Les Paul a bhí as tiúin agus bhí Plant ag canadh le guth piachánach. "Ainghníomh", a thug Plant air.

Bhí 1998 ann nuair a bhailigh siad an mhuinín chun tabhairt faoi iarracht nua. Sheinn siad seó amháin ar an 14 Bealtaine 1988, coirm cheoil do 40ú bliain cothrom an lae Atlantic Records. Thit an tóin as arís, áfach, agus Plant agus Page ag argóint le chéile sna soicind sular bhuaileadar an stáitse, faoin amhrán Stairway to Heaven mar a tharla sé.

D'éirigh i bhfad níos fearr leo sa bhliain 2007 nuair a sheinneadar ceolchoirm ina iomlán ar an 10 Nollaig, in ómós don fheidhmeannach cheoil Ahmet Ertegün. Ghlac Jason Bonham áit a athar John ar na drumaí, agus chuireadar sár-thaispeántas isteach os comhair lucht féachana díograiseach de cheoltóirí agus dian-leantóirí. Rath mhór a bhí ann, dar leis na gcriticí agus daoine i láthair, a tháinig mar chruthúnas go raibh ainm an bhanna fós in airde agus go raibh margadh agus meas mór dóibh. Cé go raibh Page, Jones agus Bonham sásta teacht le chéile chun ceol nua a dhéanamh agus camchuairteanna a chur le chéile, bhí Plant drogallach faoin smaointe fós. D'admhaigh sé gur bhain sé sult mhór as an teacht le chéile is déanaí agus go ndéanfadh sé arís é, ach nach raibh sé ar intinn aige é a dhéanamh níos mó ná sin.

Albaim

Tagairtí