An difríocht idir athruithe ar: "Dlí Avogadro"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
No edit summary
m Bhog Ériugena an leathanach Dlí Avogadro go Hipitéis Avogadro
(No difference)

Leagan ó 20:07, 28 Bealtaine 2017

Amedeo Avogadro

Nuair a mheasctar dhá ghás gan imoibriú ceimiceach a tharlú eatarthu, bíonn toirt an mheascáin cothrom le suim na ngás a meascadh. Má tharlaíonn imoibriú ceimiseach eatarthu ansin, is minic freisin a bhíonn toirt an toraidh (más gás é) cothrom le suim toirteanna na ngás a d'imiobrigh, m.s. toirt amháin higrigine agus toirt amhain clóirín ag tabhairt dha thoirt d'aigéad hidreaclórach.

Go fíormhinic, áfach, ní bhíonn toirt an gháis a ghintear cothrom le suim toirteanna na ngás a d'imoibrigh, m.s. dha thoirt hidrigine agus toirt amhain ocsaigine ag tabhairt dhá thoirt ghal uisce, agus trí thoirt hidrigine agus toirt amháin nítrigine ag tabhairt dhá thoirt amóinia.