An difríocht idir athruithe ar: "Batman"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 8: Líne 8:
Níl [[cumhacht]]aí neamhshaolta ag Batman mar a bhíonn ag an gcuid is mó de laochra osdaonna na gcoimicí Meiriceánacha, cosúil le [[Superman]]. Mar sin féin, fear an-láidir, an-chliste, an-aclaí atá ann. Caitheann sé púicín dubh a chuirfeadh [[Zorro]] i gcuimhne duit, chomh maith le culaith [[dubh|dhubh]] agus liath (an ''Batsuit'') agus [[crios]] [[uirlis]]í. Tá [[gluaisteán]] speisialta aige chomh maith, an ''Batmobile'', agus é á coinneáil i bhfolach sa ''Batcave'', [[seomra]] rúnda faoi Mhainéar Wayne.

Tá cuid mhaith naimhde ag Batman, agus iad níos cumhachtaí ná a chéile. Ina measc tá Joker, Catwoman, Penguin, Two-Face, Riddler, Scarecrow, Mister Freeze, Poison Ivy, Ra's Al Ghul, agus Ban.
Tá cuid mhaith naimhde ag Batman, agus iad níos cumhachtaí ná a chéile. Ina measc tá Joker, Catwoman, Penguin, Two-Face, Riddler, Scarecrow, Mister Freeze, Poison Ivy, Ra's Al Ghul, agus Bane.

==Ar an scáileán ==
==Ar an scáileán ==

Leagan ó 21:31, 21 Bealtaine 2017

Carachtar ficseanúil é Batman a chonacthas an chéad uair sna greannáin Detective Comics i mí na Bealtaine 1939. B'iad Bob Kane agus Bill Finger a chéadcheap an laoch seo, ach is nós gan ach Kane a lua, ós rud é gurbh eisean a tharraing é.

An pearsa

Is é an fíorainm atá air ná Bruce Wayne. Gróintín saibhir é a bhfuil cónaí air i Mainéar Wayne, ar mainteach é i gCathair Gotham, cathair shamhailteach agus í múnlaithe ar chathair Nua-Eabhraic ó thaobh na staire de, cé go bhfuil an t-atmaisféar níos duairce i nGotham. Cuidíonn a chara is a leathbhádóir, Robin, leis, chomh maith lena ghiolla Alfred Pennyworth. Is é cúlra an scéil gur mharaigh coirpeach tuismitheoirí Bruce Wayne os comhair a shúl nuair a bhí sé ina bhuachaill óg, agus gur chinn sé ansin a shaol a thiomnú don troid in aghaidh na gcoirpeach.

An Batmobile, nó an Bat-ghluaisteán

Níl cumhachtaí neamhshaolta ag Batman mar a bhíonn ag an gcuid is mó de laochra osdaonna na gcoimicí Meiriceánacha, cosúil le Superman. Mar sin féin, fear an-láidir, an-chliste, an-aclaí atá ann. Caitheann sé púicín dubh a chuirfeadh Zorro i gcuimhne duit, chomh maith le culaith dhubh agus liath (an Batsuit) agus crios uirlisí. Tá gluaisteán speisialta aige chomh maith, an Batmobile, agus é á coinneáil i bhfolach sa Batcave, seomra rúnda faoi Mhainéar Wayne.

Tá cuid mhaith naimhde ag Batman, agus iad níos cumhachtaí ná a chéile. Ina measc tá Joker, Catwoman, Penguin, Two-Face, Riddler, Scarecrow, Mister Freeze, Poison Ivy, Ra's Al Ghul, agus Bane.

Ar an scáileán

Is iomaí scannán agus sraith teilifíse a rinneadh faoi Batman.

  • Tháinig an scannán, Batman Begins, ar an scáileán sa bhliain 2005. Sa scannán seo, is é Scarecrow an namhaid, agus é ina chógaseolaí sa ghnáthshaol. Shaothraigh an scannán 72.9 milliún dollar do lucht a dhéanta.
  • Sheol an scannán, The Dark Knight, i mí Iúil den bhliain 2008, agus is é Joker a bhí ina namhaid ar an gceann seo. Iar-innealtóir é Joker a thit isteach i ndabhach cheimiceach. B'é Heath Ledger a rinne an pháirt seo, ach ní raibh sé daite dó an scannán a fheiceáil ar an scáileán, ó fuair sé bás le ródháileog drugaí in Eanáir 2008.

Tagairtí