An difríocht idir athruithe ar: "An Ghréigis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
→‎An Albáin: corrected grammar.
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 21: Líne 21:
===An Albáin===
===An Albáin===


Is teanga aitheanta mionlach í an Ghréigis san [[Albáin]]. Is í an teanga mionlach leis an líon cainteoirí dúchasach is mó san [[Albáin]]. Is í an máthairtheanga do 3%(do daonra an [[Albáin]]) agus tá eolas ar an nGréigis ag thart ar 40% de dhaonra an [[Albáin]].
Is teanga aitheanta mionlach í an Ghréigis san [[Albáin]]. Is í an teanga mionlach leis an líon cainteoirí dúchasach is mó san [[Albáin]]. Is í an máthairtheanga do 3% (do daonra ná h [[Albáin]])e agus tá eolas ar an nGréigis ag thart ar 40% de dhaonra h[[Albáin]]e.


===An Astráil===
===An Astráil===

Leagan ó 14:41, 9 Aibreán 2017

Teimpléad:Teanga

Is í an Ghréigis (Ελληνικά, /eliniˈka/) an teanga Ind-Eorpach is sine dá maireann. Is féidir í a rianú siar go dtí an teanga a labhair cine a tháinig go dtí an Ghréig timpeall na bliana 2000 RC. Chuir an dream sin cathair Micéanae ar bun agus tugadh na Micéanaigh orthu dá bhrí sin. Bhí na Micéanaigh i mbarr a réime go dtí timpeall 1100 RC nuair a tháinig meath orthu. Níl mórán eolais againn faoin teanga díreach i ndiaidh mheath na cathrach úd tar éis ionradh ón tuaisceart. Tá an ceithre chéad bliain ina dhiaidh sin doiléir. Pé scéal é, thosaigh na Gréagaigh ar aibítir a úsáid i rith na tréimhse sin. Scríobh siad a gcuid seanchais seachas é a chur ó bhéal go béal. Chum Hóiméar an Íliad agus an Odaisé, deirtear. Tosaíonn Ré Ársa na Sean-Ghréige ag an bpointe seo.

An Ghréigis taobh amuigh don Ghréig

An Airméin

De réir daonáireamh na hAirméine 2011 bhí idir 700-1000 cainteoirí dúchasacha na Gréigise ina gcónaí san Airméin.

An Albáin

Is teanga aitheanta mionlach í an Ghréigis san Albáin. Is í an teanga mionlach leis an líon cainteoirí dúchasach is mó san Albáin. Is í an máthairtheanga do 3% (do daonra ná h Albáin)e agus tá eolas ar an nGréigis ag thart ar 40% de dhaonra ná hAlbáine.

An Astráil

I 2001 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 252,220 duine san Astráil.

Ceanada

I 2011 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 108,925 (0.3% de dhaonra Cheanada) duine i gCeanada, shíos ó 117,285 (0.4%) i 2006.

An Chipir

Tá an Ghréigis mar theanga oifigiúil (chomh maith leis an Tuircis) sa Chipir.

An Iodáil

Tá an Ghréigis aitheanta mar theanga mionlach in áiteanna áirithe san Iodáil.

An Rómáin

I 2002 bhí 4,146 cainteoirí dúchasacha na Gréigise ina gcónaí sa Rómáin.

S.A.M.

De réir shuirbhé ó 2006-2010 bhí an Ghréigis mar phríomtheanga ag 321,144 duine sna S.A.M..

An Úcráin

I 2000 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 5,829 duine san Úcráin, síos ó 7,210 i 1970.

Tagairtí

An Ghréigis
Vicipéid le fáil as An Ghréigis freisin