An difríocht idir athruithe ar: "Donald Trump"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 37: Líne 37:


==Trump in Éirinn==
==Trump in Éirinn==
Ar an [[11 Feabhra]] [[2014]], cheannaigh Trump cúrsa [[Galf|gailf]] in aice le [[An Dún Beag|Dún Beag]] (nó Doonbeg) i g[[Contae an Chláir]] ("Trump International Golf Links"). Ar an [[12 Bealtaine]] [[2014]], bhí fáilte mhór don uasal Donald Trump nuair a thug sé cuairt ar [[Éirinn]].
Cheannaigh Trump cúrsa [[Galf|gailf]] in aice le [[An Dún Beag|Dún Beag]] i g[[Contae an Chláir]] (''Trump International Golf Links'') ar an [[11 Feabhra]] [[2014]]. Ar an [[12 Bealtaine]] [[2014]] bhí fáilte mhór don uasal Donald Trump nuair a thug sé cuairt ar [[Éirinn]].


==Tagairtí==
==Tagairtí==

Leagan ó 22:14, 23 Márta 2017

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir

Is é Donald Trump an cúigiú huachtarán is daichead ar na Stáit Aontaithe. Is fear gnó, infheisteoir, údar, pearsa teilifíse agus polaiteoir, Meiriceánach é Donald John Trump, Sr.

Luathshaol

Rugadh Trump in Queens, Nua-Eabhrac ar an 14 Meitheamh 1946). B'as Tunga, Leódhas, Albain, a mháthair. B'as an Ghearmáin tuismitheoirí a athar, cé go ndúirt sé le blianta gurbh as an Lochlainn iad.

Polaitaíocht

Tar éis comórtas dhéin sna réamhthoghcháin, fuair Trump ainmniúchán na huachtaránachta ón bPáirtí Poblachtach i mí an Mheithimh 2016.[1]

Bhuaigh Trump an toghchán uachtaránachta ar 8 Samhain 2016. Vótáil níos mó daoine ar son Hillary Clinton áfach (beagnach trí mhiliún duine). Ach d’éirigh le Donald Trump an bua a fháil i níos mó stát.

Ar an 22 Eanáir 2017, dúirt Trump go raibh calaois toghcháin ann (trí - cúig mhiliún duine) agus mar sin, vótáil níos mó daoine ar a shon. Ach níl fianaise ann chun bunús a thabhairt don éileamh sin, a dúirt na nuachtáin[2].

Trump in Éirinn

Cheannaigh Trump cúrsa gailf in aice le Dún Beag i gContae an Chláir (Trump International Golf Links) ar an 11 Feabhra 2014. Ar an 12 Bealtaine 2014 bhí fáilte mhór don uasal Donald Trump nuair a thug sé cuairt ar Éirinn.

Tagairtí

  1. Reid J. Epstein (June 16, 2015). "Donald Trump Enters 2016 Presidential Race". The Wall Street Journal
  2. Without Evidence, Trump Tells Lawmakers 3 Million to 5 Million Illegal Ballots Cost Him the Popular Vote, Washington Post, 24 Eanáir 2017