An difríocht idir athruithe ar: "Lá Fhéile Pádraig"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Chicago River dyed green, focus on river.jpg|thumb|280px|Lá Fhéile Phádraig i Chicago; an abhainn ruaimnithe le dath glas.]]
[[Íomhá:Chicago River dyed green, focus on river.jpg|thumb|280px|Lá Fhéile Pádraig i Chicago; an abhainn ruaimnithe le dath glas.]]
[[Íomhá:Día de San Patricio Buenos Aires 2.jpg|thumb|280px|Lá Fhéile Pádraig, [[Buenos Aires]] ([[An Airgintín]])]]
[[Íomhá:Día de San Patricio Buenos Aires 2.jpg|thumb|280px|Lá Fhéile Pádraig i [[Buenos Aires]].]]
Déanann pobal na h[[Éire]]ann céiliúradh ar an [[17 Márta|17ú lá de Mhárta]] ar '''Lá Fhéile Pádraig''' (nó ''Lá ’le Pádraig'' uaireanta). Deirtear gur cailleadh [[Naomh Pádraig]], aspal [[náisiún]]ta na hÉireann ar an dáta seo..<ref>[http://www.history.com/topics/st-patricks-day St. Patrick's Day] ''The History Channel''</ref> Déantar ceiliúradh ar [[cultúr|chultúr]], [[teanga|teangacha]], [[spórt]], [[reiligiún|reiligiúin]] agus [[ceol]] na [[tír]]e. Tá an fhéile [[Seachtain na Gaeilge]] mar chuid den cheiliúradh.

Leagan ó 21:13, 23 Márta 2017

Lá Fhéile Pádraig i Chicago; an abhainn ruaimnithe le dath glas.
Lá Fhéile Pádraig i Buenos Aires.

Déanann pobal na hÉireann céiliúradh ar an 17ú lá de Mhárta ar Lá Fhéile Pádraig (nó Lá ’le Pádraig uaireanta). Deirtear gur cailleadh Naomh Pádraig, aspal náisiúnta na hÉireann ar an dáta seo..[1] Déantar ceiliúradh ar chultúr, teangacha, spórt, reiligiúin agus ceol na tíre. Tá an fhéile Seachtain na Gaeilge mar chuid den cheiliúradh.

Déantar ceiliúradh ar Phádraig aon áit ar fud an domhain ina mbailíonn na hÉireannaigh le chéile. Ar na hócáidí is mó, áirítear an ceann i Nua Eabhrac, ina mbíonn paráid ollmhór chuile bhliain, ó Ardeaglais Naomh Pádraig suas an 5ú Ascal (5th Avenue) agus ceann Bhaile Átha Cliath. Anois i mBaile Átha Cliath tá feachtas seachtaine ann chun an lá a cheiliúradh.

Is é Naomh Pádraig a thug an Chríostaíocht go hÉirinn. Nuair a bhí Pádraic ina bhuachaill óg, fuadaíodh é óna bhaile dúchais sa mBreatain Bheag agus tugadh anall go hÉirinn é, áit ar chaith sé blianta ag sclábhaíocht, agus é ag tabhairt aire do thréad caorach agus muc ar Shliabh Mis i gContae Aontroma. Oíche amháin bhí brionglóid aige faoi phobal na hÉireann agus gur cheart dó dul ina measc agus a chreideamh a chraobhscaoileadh.

Chuaigh Pádraic ar bhord loinge agus sheol sé ar ais abhaile. Nuair a bhí sé urnaithe ina shagart, bhí brionglóid eile aige ina bhfaca sé muintir na hÉireann ag glaoch ar ais air chun an [Críostaíocht|Chríostaíocht]] a chraobhscaoileadh ann. Chaith Pádraic 40 agus oíche ag troscadh agus ag tréanas ar shliabh Mis i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo. Téann na mílte chuig Cruach Phádraig ar thuras spioradálta.

Tagairtí

  1. St. Patrick's Day The History Channel