An difríocht idir athruithe ar: "Séamas Ó Lorcáin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 9: Líne 9:
Ó 1893 ar aghaidh, bhí suim ag Ó Lorcáin ins an sóisialachas agus ghlac sé ballraíocht i bPáirtí an Lucht Oibre Neamhspléach. I 1905, bhí sé mar cheann de na saoistí a ghlac páirt i stailc ar dugaí Learphoill. Tógadh é ar an gcoiste stailce agus cé gur chaill sé a phost mar saoiste mar thoradh ar an stailc, chuaigh a fheidhmíocht i gcion go mór ar Aontas Náisiúnta na nDugairí agus fostaíodh é mar eagraí sealadach ar an aontas. D'éirgh leis post buan a bhaint amach leis an aontas níos déanaí agus i 1906 chuir an aontas go hAlbain é, áit a d'eagraigh sé oibrithe i bPreston agus Glaschú go rathúil.

== Ag Eagrú Gluaiseacht Lucht Oibre na Éireann (1907-14) ==
== Ag Eagrú Gluaiseacht Lucht Oibre na hÉireann (1907-14) ==
I mí Eanair 1907, thug sé faoina chéad tasc ar son gluaiseacht na gceardchumann in Éirinn, nuair a chuaigh sé go Béal Feirste chun oibrithe na ndugaí sa chathair a eagrú i gcomhair Aontas Náisiúnta na nDugairí. D'éirigh leis ceardchumann a thabhairt isteach i gomhair an lucht saothair nuair a dhiúltaigh na fostóirí freastal ar éileamh pá na hoibrithe agus ghlaoigh sé ar na ndugairí dul ar stailc i mí an Mheitheamh. Ghlac na carraeirí agus na fir guail páirt sa stailc gan mhoill, ach réitigh na fir guail a aighneas tar éis mí. {{stumpa}}

{{DEFAULTSORT:Lorcáin, Séamas Ó}}
{{DEFAULTSORT:Lorcáin, Séamas Ó}}

Leagan ó 15:21, 26 Feabhra 2017

Dealbh ar Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath. Is í an inscríbhinn atá air "Ní uasal aon uasal ach sinne bheith íseal: Éirímis".

Ceannaire agus gníomhaí ceardchumannach Éireannach ba ea Séamas Ó Lorcáin (21 Eanáir, 1874 - 30 Eanáir, 1947), nó James "Big Jim" Larkin, mar a thugtaí air as Béarla. Saolaíodh é i Learpholl, Sasana go thuistí Éireannach. Bhog an clann go theachín bheag ins an Bhoirinn, i ndeisceart Contae an Dúin. Fuair sé fíor-bheagáin oideachas foirmeálta de bharr go raibh an clann beo bocht agus thosaigh sé ag obair i roinnt postanna gan é ach paiste. Bhí sé mar eagraí ceardchumann lán-aimseartha ó 1905 ar aghaidh.

Bhog Ó Lorcáin go Bhéal Feirste i 1907 agus bhunaigh sé Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, Páirty Lucht Oibre na hÉireann agus Cumann Oibrithe na hÉireann. Tá cáil ar de bharr Frithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath 1913 den chuid is mó, tá cuimhe ag muintir Bhaile Átha Cliath ar Ó Lorcáin fós sa lá atá inniú ann.

Luath-Saol

Saolaíodh Ó Lorcáin ar an 21ú Eanair 1874 mar an dara mac is sinne go eisimircigh Éireannach, Séamas Ó Lorcáin agus Máire Áine Mac an Ultaigh, an beirt acu ó Chontae Ard Mhacha. Bhí chónaí ar Ó Lorcáin agus a chlann i slumaí Learpholl agus iad beo bocht. Ó aois a seacht ar aghaidh, d'fhreastal sé ar scoil ar maidin agus chuaigh sé ag obair um thrathnóna chun cuir leis an ioncam teaghlaigh, socrúchán a bhí coiteanta i measc na teaghlaigh lucht oibre ag an am. Fuair a athair bás agus é 14 agus thosaigh sé ag obair mar phrintíseach ag an gnólacht a bhí a athair ag obair le, ach dífhostaíoch é tar éis dhá bhliain. Bhí sé dífhostaithe ar feadh tamaill agus ansin bhí sé ag obair mar mhairnéalach agus dugaire. Faoi 1903, bhí sé mar shaoiste na ndugaí agus ar an 8ú Mean Fómhair 1903 phós sé Éilís Mac an Bhreithiún.

Ó 1893 ar aghaidh, bhí suim ag Ó Lorcáin ins an sóisialachas agus ghlac sé ballraíocht i bPáirtí an Lucht Oibre Neamhspléach. I 1905, bhí sé mar cheann de na saoistí a ghlac páirt i stailc ar dugaí Learphoill. Tógadh é ar an gcoiste stailce agus cé gur chaill sé a phost mar saoiste mar thoradh ar an stailc, chuaigh a fheidhmíocht i gcion go mór ar Aontas Náisiúnta na nDugairí agus fostaíodh é mar eagraí sealadach ar an aontas. D'éirgh leis post buan a bhaint amach leis an aontas níos déanaí agus i 1906 chuir an aontas go hAlbain é, áit a d'eagraigh sé oibrithe i bPreston agus Glaschú go rathúil.

Ag Eagrú Gluaiseacht Lucht Oibre na hÉireann (1907-14)

I mí Eanair 1907, thug sé faoina chéad tasc ar son gluaiseacht na gceardchumann in Éirinn, nuair a chuaigh sé go Béal Feirste chun oibrithe na ndugaí sa chathair a eagrú i gcomhair Aontas Náisiúnta na nDugairí. D'éirigh leis ceardchumann a thabhairt isteach i gomhair an lucht saothair nuair a dhiúltaigh na fostóirí freastal ar éileamh pá na hoibrithe agus ghlaoigh sé ar na ndugairí dul ar stailc i mí an Mheitheamh. Ghlac na carraeirí agus na fir guail páirt sa stailc gan mhoill, ach réitigh na fir guail a aighneas tar éis mí.