An difríocht idir athruithe ar: "Albain"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
{{athbhreithniú}}
{{athbhreithniú}}
{{Bosca Sonraí Tíre|ainm_dúchasach=
{{Bosca Sonraí Tíre|ainm_dúchasach=
Scotland <small>&nbsp;(Béarla agus Béarla Gallda)</small><br />
Alba<small>&nbsp;(Gaeilge na hAlban)</small><br />
'''Alba''' <small>&nbsp;'''(Gaeilge na hAlban)'''</small>
'''Scotland''' <small>&nbsp;'''(Béarla agus Béarla Gallda)'''</small>
|íomhá_na_brataí=Flag of Scotland.svg{{!}}border
|íomhá_na_brataí=Flag of Scotland.svg{{!}}border
|íomhá_an_armais=Royal Arms of the Kingdom of Scotland.svg
|íomhá_an_armais=Royal Arms of the Kingdom of Scotland.svg

Leagan ó 11:01, 20 Feabhra 2017

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Is tír í Albain (Gaeilge na hAlban: Alba; Sacs-Bhéarla agus Béarla Gallda: Scotland) a bhíodh ina ríocht neamhspleách tráth in iarthuaisceart na hEorpa agus tá sí ar cheann de na ceithre náisiúin as a bhfuil an Ríocht Aontaithe comhdhéanta. Is in Albain atá an trian ó thuaidh d'oileán na Breataine.

Ghlac Albain páirt in aontas pearsanta le Sasana sa bhliain 1603, nuair a deineadh Séamus I Shasana de Séamus VI na hAlban. Tugadh aitheantas oifigiúil don aontas 1 Bealtaine 1707 le Acht an Aontais 1707. Cuireadh deireadh le Parlaimint na hAlban ar Márta 26, 1707. D'aontaigh an t-aontas seo an dá ríocht, agus as seo tháinig Ríocht na Breataine Móire ar an saol, le Parlaimint nua amháin suite i Westminster, Londain. D'fhan codanna áirithe d'institiúidí na hAlban, go háirithe an córas dlí, mar a bhí. Níos déanaí thóg an stát seo seilbh ar Éirinn, agus ón mbliain 1932 ar aghaidh is Tuaisceart Éireann a bhí sa stát agus in ainm na Ríochta. Sa bhliain 1999, beagnach 300 bliain tar éis di a bheith curtha ar ceal, vótáil pobal na hAlban chun parlaimint na tíre a thabhairt le chéile arís, de réir Rialtais na Breataine, faoi Acht Alban 1998. Tugadh cumhachtaí do Pharlaimint na hAlban an tír a riaradh i ngnéithe a bhaineann le hAlbain amháin, agus níl ach cumhachtaí teoranta aici le cáin a ardú.

Ainm

Alba a thugtar ar an tír i nGaeilge.

Scoti a thugtaí ar na Gaeil i Laidin agus tar éis dóibh seilbh a ghlacadh ar chuid d'iarthar na hAlban, agus nuair a tháinig tionchar na nGael i gceannas ar an tír, ghlac siad an ainm Scoti, agus thug an Laidin Scotia uirthi, agus is uaidh sin a thagann an t-ainm 'Scotland' sa Bhéarla.

Ceann Stáit

Síolraíonn Banríon Eilís II na Ríochta Aontaithe, Ceann Stáit na Ríochta Aontaithe, ó Rí Séamus VI na hAlban, an chéad mhonarc Albanach ar Rí freisin ar Shasana é (Rí Séamus I Shasana ón mbliain 1603 ar aghaidh). Cé go bhfuil roinnt conspóide fós i measc phobal na hAlban faoin dteideal a ghlac sí ag a corónú (measann go leor in Albain gur chóir di, go loighciúil, Eilís I a thabhairt uirthi féin) thug cúirteanna na hAlban ceart do Eilís II mar theideal oifigiúil. Deir sí go leanfaidh monarcaí an traidisiún oird idirnáisiúnta sa todhchaí, a thugann an riail, nuair a bhíonn monarc i réimeas i níos mó ná críoch spleách amháin (nó i gcríocha neamhspleácha a aontaíonn le monarc amháin) agus ina bhfuil malairt in uimhir an mhonarc leis an ainm céanna iontu, go n-úsáidfear an uimhir is airde in aon cheann de na críocha go léir. (San aimsir atá thart, bhí ríthe Albanacha-Sasanacha mar Shéamus VI/I agus Shéamus VII/II i réimeas thar ríochtaí ar leith de réir dlí, agus mar sin d'úsáid siad an dá uimhir.)

Tíreolaíocht

Féach freisin: Ceantair chomhairle na hAlban

Is ar thuaisceart oileán na Breataine atá Alba; thar theorainn ó dheas uaithi tá Sasana. Tá cuid de mhórthír na Breataine inti, mar aon le roinnt grúpaí oileán, ar nós Sealtainn, Inse Orc agus na hOileáin Siar. Trí rann tíreolaíochta agus clocheolaíochta atá ar an mórthír: aduaidh aneas, is iad seo Garbhchríocha na hAlban atá sléibhtiúil den chuid is mó, an Crios Lárnach nó an Ghalltacht Meánach, atá íseal go maith, agus Árdáin an Deiscirt atá cnocach. Is sa Chrios Lárnach a mhaireann formhór na ndaoine, agus is ann atá trí cinn de na sé cathracha atá sa tír, mar atá Dún Éideann, Glaschú, agus Sruighle, mar aon le go leor bailte móra eile. Tá an chuid is mó d'fhuíoll an daonra in Ísiltír an Oirthuaiscirt, mar a bhfuil dhá cheann eile de na cathracha sin, mar atá Obar Dheathain agus Dún Déagh. Fágann sin Inbhear Nis, atá san áit a mbuaileann Abhainn Nis le Cuan Moireach, ar an scoilt idir Ardáin an Iarthuaiscirt agus na Cairn Gorma.

Roinntear Albain i gcontaetha traidisiúnta, ach in 1889, nuair a cuireadh na comhairlí contae ar bun, cuireadh beagán atheagair orthu mar go raibh cuid díobh i mórán codanna, nó fiú ina smidiríní.

Traigh Sheilebost sna Hearadh, sna hOileáin Siar

Clocheolaíocht

Gluaiseacht na bplátaí teicteonacha

Nuair a bhí bolcánachas go beo in Labhaidh Thoir, 350 milliún bhliain ó shin, bhí na carraigeacha ar a bhfuil Alba an lae inniu gar don Meánchiorcal, agus ba chuid d'ollchríoch Pangaea a bhí tar éis teacht le chéile, .i. lean na plátaí ilchríochacha a bhí i bPangaea ag teacht le chéile, agus tharla bualadh mór le mór-roinn Gonduana.

Níor tháinig codanna thuaidh agus theas oileán na Breataine le chéile ach 76 milliún bliain roimh thosú an bholcánachais in Oirthear Labhaidh. Roimhe sin, bhí Albain ar imeall mhór-roinne Laurentia, ina raibh Meiriceá Thuaidh agus an Ghraonlainn freisin. Bhí Sasana agus an Bhreatain Bheag timpeall 40° níos sia ó dheas, gar don Afraic agus do Mheiriceá Theas i mór roinn Gonduana. Go luath sa tréimhse Ordaivíseach, timpeall 475 milliún bliain ó shin, dhruid Sasana agus an Bhreatain Bheag, a bhí ar phláta Avalonia, amach ó Ghonduana agus chuadar ó thuaidh i dtreo Laurentia. Thosaigh Aigéan Iapetus, a bhí idir an dá chríoch, ag dúnadh. Faoi lár an Ré Siliúraigh, timpeall 420 milliún bliain ó shin, bhí ceangal ag a imeall ar fad Snaidhme Iapetus, a leanann líne a ghluaiseann soir-siar ó Chaolas Solway go Northumberland go garbh.

Nuair a thosaigh an ré bholcánach níos déanaí, timpeall 270 bliain ó shin, ba chuid de Phangaea Albain fós, ach bhí sí i ndiaidh druideadh ó thuaidh. Bhí Labhaidh Thoir timpeall 8° ó thuaidh. Lean Pangaea ag teacht le chéile, ionas go raibh an t-aigéan is gaire, Aigéan Tethys, idir an Eoráise agus an Afraic.

Féach Cuntas ar theicteonaic.

Teanga

Labhraíonn an daonra iomlán, nach mór, Béarla, cé go labhraíonn go leor foirmeacha agus canúintí éagsúla d'Albainis (Scots) a bhfuil an-difríocht aige le gnáth-Bhéarla caighdeánach na hAlban. Baineann timpeall 2% den daonra feidhm as Gaeilge na hAlban nó "Gàidhlig" i ngnáthchúrsaí an lae, go príomha i gceantair i dtuaisceart agus in iarthar na tíre. Tá Béarla maith ag na Gaeilgeoirí seo ar fad.

Faoin am ar tháinig Séamus VI na hAlban i gcoróin i Sasana, ba í an Albainis, ar a dtugtar "Scots" nó "Lallans" freisin as Béarla (ón bhfocal Lowlands, machairí), a labhair seanchúirt agus seanpharlaimint na hAlban. B'as seanteanga Anglacach a labhraítí i sean-ríocht Bernicia i Northumbria, a ghabh an ríocht Briotánach Gododdin sa 6ú aois, agus a d'athraigh ainm a phríomháitrimh ó "Dún Éideann" na Gaeilge go "Edinburgh", a tháinig an "Scots" seo.

% a bhí ábalta Gaeilge na hAlban a labhairt(2011)

Gach duine atá 3 bhlian no níos sinne 5,118,223. Ábalta Béarla a labhairt go maith. 98.6%. Ábalta Gàidhlig a labhairt 1.1%. Ábalta Albainis a labhairt. 30.1%. Úsáideann teanga eile sa bhaile. 3.9%

Stair

Ba é Coinneach Mac Ailpín ar dtús a d'aontaigh ríocht na nGael agus na gCruithneach in Albain, nuair a thóg sé coróin na gCruithneach sa bhliain 843 AD. Go stairiúil, ó aimsir Dáibhí I na hAlban (i bhí i réim idir na blianta 11241153) ar a laghad, bhí scoilt chultúrtha le sonrú in Albain - Ísiltír na hAlban, arbh í Albainis, agus níos déanaí an Béarla, a príomhtheanga, agus Garbhchríocha na hAlban arbh í Gaeilge na hAlban a príomhtheanga. Chuir sé seo scoilt sa tír, agus sa stair bhí an Ísiltír faoi thionchair Shasana ní ba mhó: bhí an Ísiltír níos oscailte do airm a d’ionsódh í ón deisceart, agus tháinig daoine in Ísiltír na hAlban faoi thionchar Shasana níos láidre mar gheall ar a ngaireacht le Sasana.

Ba ghné ar leith in Albain é córas na gclann. Imeasc na gclann cáiliúil tá Clann Mhic Ghríogóir (MacGregor), Clann Mhic Dhónaill (MacDonald, Clann Mhic Cionnaith (MacKenzie), Clann Mhic Aoidh (MacKay), Clann Mhic Leoid (MacLeod), Clann Mhic Roibeard (Robertson) agus Clann Chambeul (Campbell).

Sa ré stairiúil, ghlac Ísiltír na hAlban sórt córais feodach tar éis Ghabháltais na Normannach i Sasana, agus b'as clanna de bhunadh Normannach a síolraíodh formhór na monarcaí tar éis circa 1100 AD. I measc na gclann seo bhí Clann Stíobhard, Clann Brús, Clann Dubhghlas, Clann Porteous, agus Clann Muirí. Le linn Chogadh na Saoirse in Albain (timpeall 1290 - 1363) d'éirigh muintir na hAlban amach i gcoinne riail Shasana, den chéad uair, faoi cheannas an ridire Uilleam Uallas, agus níos déanaí, faoi cheannas Roibeard Brús. Chloígh Bruce na Sasanaigh ag Cath Bannockburn sa bhliain 1314.

Sa bhliain 1603 fuair Rí Séamus VI na hAlban coróin Shasana óna dhúchas, agus ceapadh mar Rí Séamus I Shasana é. Dhruid Séamus go Londain agus níor fhill sé ar Albain ach aon uair amháin. Sa bhliain 1707 shínigh Parlaimintí na hAlban agus Shasana Conradh Aontais. Leis an gconradh a chur i bhfeidhm, bhí parlaimintí Shasana agus na hAlban le dúnadh, agus a gcumhachtaí go léir le haistriú go Parlaimint nua i Londain, a bheadh ansin mar Pharlaimint ar an Ríocht Aontaithe. Cuireadh aontas custaim agus airgeadra ar bun, freisin.

Lean an scéal ar aghaidh mar seo go dtí Bealtaine sa bhliain 1999 nuair a ghnóthaigh Albain parlaimint nua. Cé go raibh stádas parlaiminte náisiúnta ar thír neamhspleách ag sean-pharlaimint na hAlban, níl riar ag an bparlaimint nua ach i gcúrsaí intíre, mar go gcoinníonn Parlaimint na Ríochta Aontaithe freagracht ar chosaint, chúrsaí idirnáisiúnta agus chúrsaí áirithe eile in Albain.

Ar 18 Meán Fómhair 2014 cuireadh ceist neamhspleáchas Alban faoi reifreann, agus chinn 55% in aghaidh 45% den phobal fanacht sa Ríocht Aontaithe.

Albain an lae inniu

Tá 32 roinn riaracháin in Albain. I gcaint na ndaoine, cuirtear síos fós ar 33 chontaetha traidisiúnta. Tá sé chathair in Albain go hoifigiúil, agus ón gceann is mó anuas, is iad sin:

Bealaí Uisce in Albain:

Cultúr

Tá cultúr cathartha ar leith ag Albain seachas an chuid eile den mBreatain. Tagann cuid de ó dhifríochtaí a fhanann mar gheall ar mhíreanna san Acht Aontais, agus cuid eile ar éasca iad a aithint, ach nach éasca cur síos orthu.

Dlí na hAlban

Coinníonn Albain a córas dleathach ar leith, bunaithe ar an dlí Rómhánach, agus ina bhfuil gnéithe den dlí sibhialta agus den dlí comónta le sonrú. Tá sé scríofa i dtéarmaí an aontais le Sasana go gcoinneofaí córais dhleathacha ar leith. Baintear feidhm as abhcóidí, ar a dtugtar "advocates", agus bíonn na breithimh céanna i gcásanna sibhialta agus i gcásanna coiriúla.

Oideachas in Albain

Tá córas oideachais dá cuid féin ag Albain freisin. Leag Acht an Aontachais síos cearta na nOllscoileanna Albanacha, ach, níos tábhachtaí fós, ba í Albain an chéad tír ó Sparta sa Ghréig chlasaiceach a chuir córas oideachais poiblí ginearálta i bhfeidhm. Thosaigh sé seo leis an Acht Oideachais sa bhliain 1696, agus bhí sé riachtanach do leanaí ó cuireadh Acht Oideachais 1872 i bhfeidhm. Mar bharr air sin, ar feadh dhá chéad bliain, bhí céatadán níos airde de dhaonra na hAlban tar éis oideachas a fháil ag leibhéil bunscoile, meánscoile agus tríú leibhéal ná in aon tír eile san Eoraip. Thaispeáin na difríochtaí oideachais seo iad féin ar a lán bealaí, ach go háirithe in uimhir na nAlbanach a ghlac ceannas ina gcuid réimsí le linn na 18ú agus an 19ú aoiseanna.

Tógann daltaí scoile na hAlban scrúdaithe Higher seachas A-Levels Shasana. Chomh maith leis sin tógann céim onóracha in ollscoil Albanach ceithre bhliain, seachas trí bliana sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Tá na córais ollscoile i gcuid de thíortha Chomhlathais na Náisiún (ar a dtugtaí Comhlathas na Breataine cheana) bunaithe níos mó ar chóras na hAlban seachas mar atá ar cheann Shasana.

Baincéireacht

Tá gnéithe ar leith i gcóras baincéireachta na hAlban, freisin. Cé gurb é Banc Shasana banc ceannais Rialtais na Ríochta Aontaithe, eisíonn trí bhanc chorprach Albanach a nótaí bainc féin: (Bank of Scotland, Royal Bank of Scotland agus Clydesdale Bank). Níl stádas dlíthairisceana i Sasana, sa Bhreatain Bheag ná i dTuaisceart Éireann acusan (cé go n-úsáidtear timpeall na Breataine iad, go háirithe i dTuaisceart Éireann, mar a eisíonn bainc na hÉireann a gcuid nótaí bainc féin freisin). In Albain, níl stádas dlíthairisceana ag na nótaí seo ná ag nótaí Bhainc Shasana, mar nach bhfuil cur síos orthu i ndlí na hAlban, ach glactar go forleathan le nótaí na gceithre mbanc.

Le plé níos faide, fch. Legal Tender

Thosaigh córas baincéireachta brainse an lae inniu, (ina gcoinníonn bainc gréasán brainsí ar fud na tíre, seachas lár-oifig nó dhó) in Albain. Ní ach brú polaitiúil láidir i rith an 19ú aois a chosc an córas baincéireachta láidir a bhí dá bharr ó sheilbh a thógáil ar chóras baincéireachta Shasana. Cé nach raibh fáilte roimh bainc na hAlban ag an am, deineadh aithris ar a modhanna gnó go forleathan, ag tosú i Sasana agus ansin ar fud an domhain.

Spóirt

Tá an chuid eagrais spóirt náisiúnta sa tír, ar nós Conradh Peile na hAlban (Scottish Football League), nó Aontas Rugbaí na hAlban (SRU). Tugann sé seo toscaireacht neamhspleách don tír ag go leor imeachtaí idirnáisiúnta spóirt, m.sh. sacar i gCorn Peile an Domhain. Ní féidir le hAlbain dul i gcomórtas sna Cluichí Oilimpeacha go neamhspleách, ámh, agus más mian le haclaithe na hAlban páirt a ghlacadh, bíonn orthu sin a dhéanamh mar pháirt de fhoireann na Ríochta Aontaithe. Cuireann an tír foireann chuig Cluichí an Chomhlathais, ámh. Tá coiste CLG in Albain mar CLG na hAlba. Tá sé mar chuid de Cumann Lúthchleas Gael na Breataine.

Na meáin chumarsáide

Tá meáin chumarsáide ar leith in Albain seachas mar atá sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Mar shampla, táirgeann sí páipéir nuachta ar nós The Daily Record (príomh nuachtán pháipéir-cúng na hAlban) agus an dá phríomh nuachtán pháipéir-leathain, The Herald bunaithe i nGlaschú, agus The Scotsman i nDún Éideann. D’athraigh The Herald a ainm ó Glasgow Herald, chun aitheantas a fháil mar pháipéar náisiúnta seachas mar cheann réigiúnach. I measc pháipéir an Domhnaigh, tá an tablóideach Sunday Mail (foilsithe ag an Daily Record) agus an Sunday Post, agus tá ceangal ag an Sunday Herald le The Herald agus ag Scotland on Sunday le The Scotsman. Tá nuachtáin laethúla réigiúnacha ann freisin, mar The Courier and Advertiser i nDún Déagh san oirthear, agus The Press and Journal a chlúdaíonn Obar Dheathain agus tuaisceart na tíre.

Tá a cuid seirbhísí BBC féin ag Albain, mar shampla na stáisiúin náisiúnta raidió, BBC Radio Scotland agus an tseirbhís i nGaeilge na hAlban, BBC Radio nan Gàidheal. Tá roinnt mhaith stáisiún raidió BBC agus neamhspleácha freisin ar fud na tíre. Mar aon leis an raidió, cuireann BBC Scotland dhá sheirbhís teilifíse ar fáil. Táirgtear cuid mhaith de chraolacháin an BBC Scotland Television do phobal na hAlban, ar nós cláir nuachta agus gnóthaí reatha, agus an opera galúnaigh bunaithe i nGlaschú, River City, ach táirgítear cinn eile, ar nós drámaí agus cláir ghrinn, do lucht féachana ar fud na Ríochta Aontaithe, agus níos faide i gcéin. Tá difríocht freisin i gclúdach ar spóirt, mar go bhfuil a sraitheanna sacair féin ag an tír, seachas cinn Shasana.

Tá trí stáisiún teilifíse neamhspleácha ag craoladh in Albain, (Scottish Television, Grampian Television agus Border Television) freisin. Cé go rabhadar neamhspleách cheana, is leis an gcomhlacht chéanna (The Scottish Media Group) anois Scottish TV agus Grampian, agus is beag na difríochtaí eadarthu. Tá an scéal níos casta ag "Border", mar go gcaitheann sé seirbhís a thabhairt do áiteanna thar teorann i Sasana, chomh maith le hOileán Mhanann, agus tá seirbhísí nuachta ar leith anois aige don dá thaobh den teorann. Tá an chuid is mó de na craoltacháin neamhspleácha mar an gcéanna leo siúd i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart Éireann, lasmuigh de nuacht agus cúrsaí reatha, spóirt, agus cláracha cultúrtha agus i nGaeilge na hAlban.

Gnéithe eile de chultúr na hAlban

Tá mothú cine agus náisiúin dá cuid féin ag Albain. Taispeánann taighde léannta gach uair go mbraitheann muintir na hAlban gur Albanaigh iad (b'fhéidir gur deise an Béarla anseo!), fiú muna dteastaíonn uathu i gcónaí go ndéanfaí tír agus náisiún lán-neamhspleách di.

Tá réimse teangacha agus canúintí dá cuid féin ag Albain, freisin, rud a thugann an chiall do mhuintir na hAlban gur náisiún iontu féin iad. Féach Albainis.

Creideamh

Reilgiún I 2011
Creideamh Céatadán den Daonra
Eaglas Albain 32.4%
Caitliceach Rómhánach 15.9%
Chríostaíocht eile 5.5%
Moslamach 1.4℅
Reilgiún eile 1.1%
Gan reilgiún 36.7
Gan freagra 7.0
Gach duine 5,295,403 (100%)

Tá feidhmeanna eaglais náisiúnta ag Eaglais na hAlban (ar a dtugtar The Kirk go minic). Seachas mar atá in Eaglais Shasana, tá foirm Preisbitéarach riaracháin aici, nach bhfuil faoi smacht an stáit. Tagann sé seo ón gcaoi ar tháinig an tAthleasú Creidimh go hAlbain, gluaiseacht a thosaigh John Knox i 1560. Ba imeasc na ngnáthdhaoine don chuid is mó a tháinig Athrú Creidimh na hAlban ar an saol, agus roghnaigh muintir na hAlban an Preisbitéarachas mar mhodh riartha ar a n-eaglais. Níorbh amhlaidh i Sasana, áit ar chuir Anraí VIII Shasana Athrú Creidimh Shasana ar bun é féin, agus inar roghnaigh sé modh riaracháin a bhí ag brath ar easpaig, modh a leanann fós in Eaglais Shasana.

Tá roinnt eaglaisí Chríostaíocha eile in Albain, ina measc an Chaitliceachas Rómhánach, a tháinig ar ais ar an saol trí inimirce tar éis do Phrotastúnaigh é a chuir faoi chois go trom ón 16ú aois go dtí go déanach san 18ú aois. Is í anois an chreideamh is mó í lasmuigh den Kirk. Chomh maith leis an Kirk tá eaglaisí éagsúla Protastúnacha in Albain, ina measc Eaglais Easpagrach Albain, ar lán-ball de Comaoine an Anglacánachais í, agus Saor-Eaglais na hAlban, eaglais Phreisbitéarach a tháinig ar an saol i scoilt ó Eaglais na hAlban, agus a dtugtar na Wee Frees ar a bhaill.

Is é an tIoslámachas an creideamh neamh-Chríostaíoch is mó in Albain, ach ní mórán daoine atá i gceist.

Tá sean-chleachtadh ag cuid mhaith d'Albain ar thriobhóidí idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh, go háirithe mórthimpeall Ghlaschú. Tá sé seo le sonrú le fada go háirithe i bhfostaíocht agus i gcúrsaí sacair. Tá laghdú mór ar a leithéid de sheicteachas in Albain seachas mar a bhí blianta ó shoin, ach tá a rian le sonrú roinnt éigin fós.

Uimhreacha ar Chreideamh ó Cheannáireamh 2001 in Albain:
Creideamh Céatadán den Daonra
Eaglais na hAlban 42%
Caitlicigh Rómhánacha 16%
Críostaígh eile 7%
Ioslámaigh 0.8%
Búdaigh 0.1%
Sícigh 0.1%
Giúdaigh 0.1%
Hindúigh 0.1%
Creidimh eile 0.5%
Gan aon chreideamh 28%
Gan freagra 5%

Polaitíocht

Ar feadh achair fhada, bhí polaitíocht na Ríochta Aontaithe le sonrú i bpolataíocht na hAlban, ach le roinnt difríochtaí. Mar shampla, seachas na páirtithe atá ar fud na Ríochta Aontaithe, (Páirtí an Lucht Oibre (RA), an Páirtí Caomhnaitheach (RA) agus na Daonlathaigh Liobrálacha (RA)) tá páirtithe atá ar bun in Albain amháin. Ina measc, tá Páirtí Náisiúnta na hAlban (SNP), Páirtí Sóisíalach na hAlban (SSP) agus Páirtí Glas na hAlban. Tá níos mó brí san páirtithe seo a cuireadh Parlaimint na hAlban ar bun i 1998.

Tá baint tar éis a bheith ag difríochtaí traidisiúnta idir an eite chlé agus an eite dheas le cur is cúiteamh ar an bhféinrial, rud a thug na páirtithe atá ar fud na Breataine roinnt tacaíochta dó thar am, cé gur tháinig athrú meonach ar na Caomhánaigh agus ar Lucht Oibre níos mó ná uair amháin. Ach le devolution tar éis tárlúint cheana féin, is idir iad siúd a thacaíonn le neamhspleáchas na hAlban agus iad siúd a chuireann ina choinne a bhaineann an príomh aragóint bunreachtúil. De réir mar atá an scéal ag titim amach, de réir State of the Nation Poll 2004, ba mhaith le 66% d’Albanaigh níos mó cumhachta a bheith ag Parlaimint na hAlban, agus níor mhaith ach le 2% na cumhachtaí a bheith arís faoi Westminster.

Geilleagar na hAlban

Tá go leor roinnte i ngeilleagar na hAlban. Tá tábhacht i gcónaí ag ola, cé go ndeachaigh innealtóireacht éadrom agus longcheártain i léig le blianta beaga anuas, agus tá an roinn seirbhíse, go háraithe an gnó airgeadais agus ceantair glaoigh, níos tábhachtaí anois. Tá obair faoin tuath, ar nós iascaireacht agus talmhaíocht tábhachtach i gcónaí, cé go bhfuil fás i nGleann Sileacan na tíre le táirgeadh ríomhairí agus fóin phóca. Tá tábhacht fós le táirgeadh uisce beatha, mar atá le gnó na turasóireachta.

Bó na nGarbhchríoch, pór dúchasach d'Albain

Naisc sheachtracha