An difríocht idir athruithe ar: "An Éigeandáil"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Tyuiop (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Éamon de Valera 03.jpg|deas|200px|thumb|[[Éamon de Valera]], [[Taoiseach na hÉireann]] le linn Ré na Práinne.]]
[[Íomhá:Éamon de Valera 03.jpg|deas|200px|thumb|[[Éamon de Valera]], [[Taoiseach na hÉireann]] le linn Ré na Práinne.]]
'''Ré na Práinne''' (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma [[Béarla]] ''Emergency'') a thugtar ar bhlianta an [[Dara Cogadh Domhanda]] in [[Éire|Éirinn]] (1940-1945). Bhí [[Tuaisceart Éireann]] ag glacadh páirte sa chogadh ar nós na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an [[Saorstát Éireann|Saorstát]] taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.
'''Ré na Práinne''' (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma [[Béarla]] ''Emergency'') a thugtar ar bhlianta an [[Dara Cogadh Domhanda]] in [[Éire|Éirinn]] (1940-1945). Bhí [[Tuaisceart Éireann]] ag glacadh páirte sa [[cogadh|chogadh]] ar nós na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] go léir, ach d'fhan an chuid eile den [[oileán]], an [[Saorstát Éireann|Saorstát]] taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.


Thosaigh Ré na Práinne b'fhéidir ar an [[19 Feabhra]] [[1939]] nuair a dúirt De Valera go mbeadh Éíre neodrach<ref>[http://www.rte.ie/archives/2014/0219/505127-ireland-to-be-neutral-in-event-of-war-de-valera/ RTÉ]</ref>
Bhí go leor cúiseanna leis an neodracht seo. Mar gheall ar an gcríochdheighilt, bhí go leor daoine sa tír a shíl gur cheart an deis a thapú chun Tuaisceart Éireann a ghabháil ar ais agus [[Sasana]] i gcruachás. Bheadh sé deacair, go polaitiúil, seasamh oscailte a ghlacadh ar son na gComhghuaillithe. Ar chúiseanna praiticiúla, thug rialtas [[Éamon de Valera]] tacaíocht rúnda do na Comhghuaillithe in aghaidh na [[An Ghearmáin|Gearmáine]]. Mar shampla, d'imtheorannaíodh údaráis na hÉireann saighdiúirí agus eitleoirí ón dá thaobh, má fuair siad iad féin in Éirinn, ach de ghnáth, chuidigh na hÉireannaigh leis na Sasanaigh faoi choim Tuaisceart Éireann a bhaint amach, ionas go bhféadfaidís dul le cogaíocht arís.


==Na Cúiseanna ==
De réir mar a deir Thomas Hennessy ina leabhar ''The History of Northern Ireland'', bhí polaiteoirí ceannasacha Thuaisceart Éireann scanraithe as a meabhair ag [[Adolf Hitler|Hitler]], agus iad suite siúráilte go raibh an [[Naitsíochas]] ag iarraidh an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] agus an gnáthchuibheas daonna féin a chur de dhroim an tsaoil. Bhí an [[Tiarna Craigavon]], a fuair bás sa bhliain 1940, ag cur na ceiste air féin, laethanta deireanacha a shaoil, an mbeadh sé sásta [[An Teorainn Éireannach|an Teorainn]] a chur ar ceal agus Éire a athaontú, dá rachadh de Valera chun cogaidh in éadan na Gearmáine. Is é an tátal a bhain sé féin as an scéal go mbeadh, b'fhéidir. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na h[[Aontachtóirí]] i bhfad ag cromadh ar a gcuid seansciolladóireachta faoi fheall na g[[Caitliceach]], ó d'fhan an chuid eile d'Éirinn neodrach. Sa deireadh, ní dhearna an cogadh ach méadú agus athneartú ar a seandearcadh frith-Chaitliceach.
Bhí go leor cúiseanna leis an neodracht seo. Mar gheall ar an gcríochdheighilt, bhí go leor daoine sa tír a shíl gur cheart an deis a thapú chun Tuaisceart Éireann a ghabháil ar ais agus [[Sasana]] i gcruachás. Bheadh sé deacair, go [[Polaitíocht|polaitiúil]], seasamh oscailte a ghlacadh ar son na gComhghuaillithe.


Ar chúiseanna praiticiúla, thug [[rialtas]] [[Éamon de Valera]] tacaíocht rúnda do na Comhghuaillithe in aghaidh na [[An Ghearmáin|Gearmáine]]. Mar shampla, d'imtheorannaíodh údaráis na hÉireann [[saighdiúir]]í agus [[Eitleoireacht|eitleoirí]] ón dá thaobh, má fuair siad iad féin in Éirinn, ach de ghnáth, chuidigh na hÉireannaigh leis na Sasanaigh faoi choim Tuaisceart Éireann a bhaint amach, ionas go bhféadfaidís dul le cogaíocht arís.

==An Tuaisceart==
De réir mar a deir Thomas Hennessy ina leabhar ''The History of Northern Ireland'', bhí polaiteoirí ceannasacha Thuaisceart Éireann scanraithe as a meabhair ag [[Adolf Hitler|Hitler]], agus iad suite siúráilte go raibh an [[Naitsíochas]] ag iarraidh an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] agus an gnáthchuibheas daonna féin a chur de dhroim an tsaoil.

Bhí an [[Tiarna Craigavon]], a fuair bás sa bhliain 1940, ag cur na ceiste air féin, laethanta deireanacha a shaoil, an mbeadh sé sásta [[An Teorainn Éireannach|an Teorainn]] a chur ar ceal agus Éire a athaontú, dá rachadh de Valera chun cogaidh in éadan na Gearmáine.

Is é an tátal a bhain sé féin as an scéal go mbeadh, b'fhéidir. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na h[[Aontachtóirí]] i bhfad ag cromadh ar a gcuid seansciolladóireachta faoi fheall na g[[Caitliceach]], ó d'fhan an chuid eile d'Éirinn neodrach. Sa deireadh, ní dhearna an cogadh ach méadú agus athneartú ar a seandearcadh frith-Chaitliceach.

==Geilleagar==
Bhí ciondáil i bhfeidhm sa tír de dheasca an ghanntanais, agus seiftiúlacht de dhíth ar an stát chomh maith leis an saoránach. Baineadh an-úsáid as na portaigh chun [[móin]] a sholáthar do na bailte móra. Go dtí sin, bhí an tír go mór i dtuilleamaí an ghuail a bhí á iomportáil ón m[[An Bhreatain Mhór|Breatain Mhór]]. Sampla is ea é seo den dóigh ar tharraing muintir na hÉireann ar acmhainní a dtíre féin, nuair a bhí an soláthar ó na tíortha eile ag rith gann.
Bhí ciondáil i bhfeidhm sa tír de dheasca an ghanntanais, agus seiftiúlacht de dhíth ar an stát chomh maith leis an saoránach. Baineadh an-úsáid as na portaigh chun [[móin]] a sholáthar do na bailte móra. Go dtí sin, bhí an tír go mór i dtuilleamaí an ghuail a bhí á iomportáil ón m[[An Bhreatain Mhór|Breatain Mhór]]. Sampla is ea é seo den dóigh ar tharraing muintir na hÉireann ar acmhainní a dtíre féin, nuair a bhí an soláthar ó na tíortha eile ag rith gann.


==Cultúr==
Bhí an meon féinchothaitheach, neamhspleách seo le haithint i gcúrsaí an chultúir freisin. Chuir muintir na hÉireann spéis nua i gcultúr dúchasach na tíre, an [[Gaeilge|Ghaeilge]] san áireamh, agus tháinig eagraíochtaí nua Gaeilge ar an bhfód, go háirithe [[Glúin na Buaidhe]] (leagan [[Gaeilge Uladh|Ultach]] é sin; "Glúin an Bhua" a deirtear sa chaighdeán) a raibh [[Gearóid Ó Cuinneagáin]] agus [[Proinsias Mac an Bheatha]] i gceannas uirthi. Craobh de chuid [[Conradh na Gaeilge|an Chonartha]] a bhí ann ar dtús, [[Craobh na hAiséirí]].
Bhí an meon féinchothaitheach, neamhspleách seo le haithint i gcúrsaí an chultúir freisin. Chuir muintir na hÉireann spéis nua i gcultúr dúchasach na tíre, an [[Gaeilge|Ghaeilge]] san áireamh, agus tháinig eagraíochtaí nua Gaeilge ar an bhfód, go háirithe [[Glúin na Buaidhe]] (leagan [[Gaeilge Uladh|Ultach]] é sin; "Glúin an Bhua" a deirtear sa chaighdeán) a raibh [[Gearóid Ó Cuinneagáin]] agus [[Proinsias Mac an Bheatha]] i gceannas uirthi. Craobh de chuid [[Conradh na Gaeilge|an Chonartha]] a bhí ann ar dtús, [[Craobh na hAiséirí]].


==Arm na hÉireann==
Méadaíodh an [[Arm na hÉireann|tArm]] go mór. Bhí na céadta míle daoine óga páirteach san [[Fórsa Cosanta Áitiúil|Fhórsa Cosanta Áitiúil]] chomh maith, agus iad ar an airdeall roimh ionradh ó gach taobh. Nuair a bhí an cogadh thart bronnadh boinn chuimhneacháin orthu agus na focail "Ré na Práinne" scríofa orthu i n[[Gaeilge]].
Méadaíodh an [[Arm na hÉireann|tArm]] go mór. Bhí na céadta míle daoine óga páirteach san [[Fórsa Cosanta Áitiúil|Fhórsa Cosanta Áitiúil]] chomh maith, agus iad ar an airdeall roimh ionradh ó gach taobh. Nuair a bhí an cogadh thart bronnadh boinn chuimhneacháin orthu agus na focail "Ré na Práinne" scríofa orthu i n[[Gaeilge]].


==Imtheorannú==
D'imtheorannaigh na húdaráis lucht leanúna an [[IRA]] ar feadh an chogaidh. Tar éis feachtais buamála den [[IRA]] sa Bhreatain sa bhliain [[1939]], ar an [[3 Eanáir]] [[1940]] rith Rialtas na hÉireann reachtaíocht práinne sa [[Dáil]] chun imtheorannú a chur ar bun<ref>http://debates.oireachtas.ie/dail/1940/01/03/ Oireachtas</ref>. Bunaíodh campa géibhinn dóibh i g[[Curach]] [[Cill Dara|Chill Dara]], agus iad á gcoinneáil ansin go deireadh an chogaidh. Bhí [[Máirtín Ó Cadhain]] ansin chomh maith le duine, agus chaith sé an t-am ag cumadh an úrscéil cháiliúil úd [[Cré na Cille]]. Is féidir an t-úrscéal a léamh mar mheafar ar bhlianta an bhraighdeanais.
D'imtheorannaigh na húdaráis lucht leanúna an [[IRA]] ar feadh an chogaidh. Tar éis feachtais buamála den [[IRA]] sa Bhreatain sa bhliain [[1939]], ar an [[3 Eanáir]] [[1940]] rith Rialtas na hÉireann reachtaíocht práinne sa [[Dáil]] chun imtheorannú a chur ar bun<ref>http://debates.oireachtas.ie/dail/1940/01/03/ Oireachtas</ref>.

Bunaíodh campa géibhinn dóibh i g[[Curach]] [[Cill Dara|Chill Dara]], agus iad á gcoinneáil ansin go deireadh an chogaidh. Bhí [[Máirtín Ó Cadhain]] ansin chomh maith le duine, agus chaith sé an t-[[am]] ag cumadh an [[úrscéal|úrscéil]] cháiliúil úd [[Cré na Cille]]. Is féidir an t-úrscéal a léamh mar mheafar ar bhlianta an bhraighdeanais.

==Tagairtí==
{{reflist}}

<!---Idirvicí--->
<!---Idirvicí--->



Leagan ó 21:43, 19 Feabhra 2017

Éamon de Valera, Taoiseach na hÉireann le linn Ré na Práinne.

Ré na Práinne (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma Béarla Emergency) a thugtar ar bhlianta an Dara Cogadh Domhanda in Éirinn (1940-1945). Bhí Tuaisceart Éireann ag glacadh páirte sa chogadh ar nós na Ríochta Aontaithe go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an Saorstát taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.

Thosaigh Ré na Práinne b'fhéidir ar an 19 Feabhra 1939 nuair a dúirt De Valera go mbeadh Éíre neodrach[1]

Na Cúiseanna

Bhí go leor cúiseanna leis an neodracht seo. Mar gheall ar an gcríochdheighilt, bhí go leor daoine sa tír a shíl gur cheart an deis a thapú chun Tuaisceart Éireann a ghabháil ar ais agus Sasana i gcruachás. Bheadh sé deacair, go polaitiúil, seasamh oscailte a ghlacadh ar son na gComhghuaillithe.

Ar chúiseanna praiticiúla, thug rialtas Éamon de Valera tacaíocht rúnda do na Comhghuaillithe in aghaidh na Gearmáine. Mar shampla, d'imtheorannaíodh údaráis na hÉireann saighdiúirí agus eitleoirí ón dá thaobh, má fuair siad iad féin in Éirinn, ach de ghnáth, chuidigh na hÉireannaigh leis na Sasanaigh faoi choim Tuaisceart Éireann a bhaint amach, ionas go bhféadfaidís dul le cogaíocht arís.

An Tuaisceart

De réir mar a deir Thomas Hennessy ina leabhar The History of Northern Ireland, bhí polaiteoirí ceannasacha Thuaisceart Éireann scanraithe as a meabhair ag Hitler, agus iad suite siúráilte go raibh an Naitsíochas ag iarraidh an Chríostaíocht agus an gnáthchuibheas daonna féin a chur de dhroim an tsaoil.

Bhí an Tiarna Craigavon, a fuair bás sa bhliain 1940, ag cur na ceiste air féin, laethanta deireanacha a shaoil, an mbeadh sé sásta an Teorainn a chur ar ceal agus Éire a athaontú, dá rachadh de Valera chun cogaidh in éadan na Gearmáine.

Is é an tátal a bhain sé féin as an scéal go mbeadh, b'fhéidir. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na hAontachtóirí i bhfad ag cromadh ar a gcuid seansciolladóireachta faoi fheall na gCaitliceach, ó d'fhan an chuid eile d'Éirinn neodrach. Sa deireadh, ní dhearna an cogadh ach méadú agus athneartú ar a seandearcadh frith-Chaitliceach.

Geilleagar

Bhí ciondáil i bhfeidhm sa tír de dheasca an ghanntanais, agus seiftiúlacht de dhíth ar an stát chomh maith leis an saoránach. Baineadh an-úsáid as na portaigh chun móin a sholáthar do na bailte móra. Go dtí sin, bhí an tír go mór i dtuilleamaí an ghuail a bhí á iomportáil ón mBreatain Mhór. Sampla is ea é seo den dóigh ar tharraing muintir na hÉireann ar acmhainní a dtíre féin, nuair a bhí an soláthar ó na tíortha eile ag rith gann.

Cultúr

Bhí an meon féinchothaitheach, neamhspleách seo le haithint i gcúrsaí an chultúir freisin. Chuir muintir na hÉireann spéis nua i gcultúr dúchasach na tíre, an Ghaeilge san áireamh, agus tháinig eagraíochtaí nua Gaeilge ar an bhfód, go háirithe Glúin na Buaidhe (leagan Ultach é sin; "Glúin an Bhua" a deirtear sa chaighdeán) a raibh Gearóid Ó Cuinneagáin agus Proinsias Mac an Bheatha i gceannas uirthi. Craobh de chuid an Chonartha a bhí ann ar dtús, Craobh na hAiséirí.

Arm na hÉireann

Méadaíodh an tArm go mór. Bhí na céadta míle daoine óga páirteach san Fhórsa Cosanta Áitiúil chomh maith, agus iad ar an airdeall roimh ionradh ó gach taobh. Nuair a bhí an cogadh thart bronnadh boinn chuimhneacháin orthu agus na focail "Ré na Práinne" scríofa orthu i nGaeilge.

Imtheorannú

D'imtheorannaigh na húdaráis lucht leanúna an IRA ar feadh an chogaidh. Tar éis feachtais buamála den IRA sa Bhreatain sa bhliain 1939, ar an 3 Eanáir 1940 rith Rialtas na hÉireann reachtaíocht práinne sa Dáil chun imtheorannú a chur ar bun[2].

Bunaíodh campa géibhinn dóibh i gCurach Chill Dara, agus iad á gcoinneáil ansin go deireadh an chogaidh. Bhí Máirtín Ó Cadhain ansin chomh maith le duine, agus chaith sé an t-am ag cumadh an úrscéil cháiliúil úd Cré na Cille. Is féidir an t-úrscéal a léamh mar mheafar ar bhlianta an bhraighdeanais.

Tagairtí