An difríocht idir athruithe ar: "John F. Kennedy"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 75: Líne 75:


=== Vítneam ===
=== Vítneam ===
Bhain Kennedy úsáid teoranta as na seirbhísí míleata chun troid i gcoinne an gcumannachas. Ba mhaith leis seasamh láidir a dhéanamh i [[Vítneam]], agus mar thoradh thug sé tacaíocht polaitiúla, eacnamaíochta agus míleata don rialtas i Vítneam Theas. Seoladh 18,000 comhairleoir míleata agus na U.S. Special Forces go dtí an réigiún. Lean an feachtas ar aghaidh sna blianta as seo amach, agus bhí saighdiúirí Meiriceánacha ag troid go díreach sa chogadh i rith an riarachán ina dhiaidh Kennedy. Mhéadaigh Kennedy an tacaíocht míleata, ach níor éirigh sé go maith fós. I mí Iúil [[1963]], bhí géarchéim ag Kennedy i Vítneam agus bhí air rud a dhéanamh faoi. Thóga thoil an ruaig a chur ar uachtarán na tíre Ngo Dinh Diem, agus cuireadh ''coup d'état'' ar siúl.
Bhain Kennedy úsáid theoranta as na seirbhísí míleata chun troid i gcoinne an chumannachais. Ba mhaith leis seasamh láidir a dhéanamh i [[Vítneam]], agus mar sin thug sé tacaíocht pholaitiúil, eacnamaíochta agus mhíleata don rialtas i Vítneam Theas. Seoladh 18,000 comhairleoir míleata agus na U.S. Special Forces go dtí an réigiún. Lean an feachtas ar aghaidh ar feadh blianta, agus bhí saighdiúirí Meiriceánacha ag troid go díreach sa chogadh ar feadh blianta i rith na rialtas Meiriceánach i ndiaidh Kennedy. Mhéadaigh Kennedy an tacaíocht mhíleata, ach níor éirigh sé go maith fós. I mí Iúil [[1963]], bhí géarchéim ag Kennedy i Vítneam agus bhí air rud a dhéanamh faoi. Shocraighar ruaig a chur ar uachtarán na tíre Ngo Dinh Diem, agus cuireadh ''coup d'état'' ar siúl.


=== Óráid i mBeirlín Thiar ===
=== Óráid i mBeirlín Thiar ===

Leagan ó 06:07, 30 Eanáir 2017

Teimpléad:Bosca Sonraí Uachtaráin Bhí John Fitzgerald "Jack" Kennedy, Sr. (Gaeilge: Seán Mór Mac Gearailt Ó Cinnéide; 29 Bealtaine, 1917 - 22 Samhain, 1963), nó JFK mar a thugtar go minic air, ina 35ú Uachtarán ar na Stáit Aontaithe idir 1961 agus 1963, nuair a feallmharaíodh é. Eisean an duine ab óige a toghadh mar uachtarán riamh, agus an t-aon uachtarán Caitliceach a bhí ann.

Tús a shaoil

Rugadh agus tógadh Kennedy i mBrookline, baile i Massachusetts sa bhliain 1917. Mac leis an bpolaiteoir iomráiteach Joseph P. Kennedy, Sr. agus Rose Fitzgerald ab ea é. D'fhreastail Kennedy ar Scoil Edward Devotion ar dtús ar feadh ceithre bliana, agus ansin Scoil Dexter i mBostún, agus bliain amháin eile ag Scoil Canterbury. Tar éis Canterbury, chuaigh sé isteach i Choate Rosemary Hall i Wallingford, Connecticut. Ceann de na scoileanna chónaithe is fearr sa tír ab ea í, agus bhain sé céim amach sa bhliain 1935.

Sheol sé go Londain, Sasana ar an 25 Meán Fómhair sa bhliain chéanna, in éineacht lena thuismitheoirí agus a dheirfiúr Kathleen. Chláraigh sé le LSE (Scoil na hEacnamaíochta Londain) chun staidéar a dhéanamh ar gheilleagar polaitiúil ar feadh bliana faoin Ollamh Harold Laski, ach cuireadh san ospidéal é nuair a thit sé tinn. Mar thoradh, bhí ar Kennedy filleadh ar ais go dtí na Stáit Aontaithe. San fhómhar sa bhliain 1935, chláraigh sé le hOllscoil Princeton, ach d'éirigh sé tinn arís. Buíochán a bhí i gceist ag an am seo. San fhómhar an bhliain ina dhiaidh sin, thosaigh Kennedy ag freastal ar Ollscoil Harvard.

Thaistil sé chuig an An Eoraip faoi dhó i rith a thréimhse ag Ollscoil Harvard. Chuaigh sé go dtí Sasana arís, áit ina raibh a athair mar ambasadóir. Sa bhliain 1937, forordaíodh stéaróidigh do Kennedy, chun smacht a chur ar a chuid drólainníteas, ach thosaigh a fhadhbanna ag méadú mar thoradh air sin. Sa deireadh, d'éirigh sé níos tinne le hoistéapóróis sa dhromlach. Bhain Kennedy céim amach ó Ollscoil Harvard, agus ansin bhog sé go dtí an scoil ghnó ag Ollscoil Stanford. Tar éis dó Stanford a fhágáil, thaistil sé go dtí Meiriceá Theas.

Scríobh Kennedy a thráchtas "Why England Slept" sa bhliain 1940, ar eachtraí na mBriotanach agus an Comhaontú Munich. Theastaigh uaidh an tráchtas a choimeád san ollscoil ar dtús, ach chuir a athair ina luí air an tráchtas a fhoilsiú mar leabhar. D'fhág Kennedy Harvard agus céim bainte amach aige i gcúrsaí idirnáisiúnta i mí Meitheamh 1940. Foilsíodh an tráchtas sa bhliain chéanna, a bhí an-rathúil freisin.

I bhfad níos déanaí, nochtadh go raibh Galar Addison ag Kennedy agus é ina fhear óg. Níor fhoilsíodh an t-eolas seo i rith a shaoil.

Seirbhís mhíleata

Kennedy ar an PT-109.

Isteach san airm S.A.M. leis sa bhliain 1941. Liostáil sé de a dheoin féin ar dtús, ach diúltaíodh é mar gheall ar na fadhbanna a bhí aige leis a dhroim. Glacadh Kennedy isteach sa chabhlach san Fhómhar an bhliain céanna, agus tá seans ann gur úsáid a athair a chuid tionchar. Ina mheirgire dó, thosaigh Kennedy ag obair san oifig a thóg nuacht agus eolas don Rúnaí an Chabhlaigh. B'é sin an obair a bhí á dhéanamh aige nuair a d'ionsaigh na Seapánaigh Pearl Harbour. D'fhreastail Kennedy ar an Naval Reserve Officers Training School agus Motor Torpedo Boat Squadron Training Center, agus ansin seoladh é ar dualgas i bPanama ar dtús, agus ansin an throid san Aigéan Ciúin. Ghlac Kennedy páirt i gcúpla misean anseo, agus bronnadh céim leifteanant air, i gceannas ar thoirpéad-bháid patróil.

San oíche ar an 2 Lúnasa 1943, bhí bád Kennedy, an PT-109, ag glacadh páirt i ruathar in aice le New Georgia, nuair a bhuail scriostóir Seapánach é. Caitheadh Kennedy trasna an mbád, agus ghortaigh sé a dhroim arís. Cé go raibh sé gortaithe, thóg Kennedy saighdiúir gortaithe eile ar feadh trí mhíle san aigéan, go dtí oileán sábháilte. Thit Kennedy gan mheabhair anois is arís i rith an crá, ach bhí sé ábalta é féin agus a chomhalta a shábháil. Mar aitheantas ar na heachtraí seo, bronnadh an Navy and Marine Corps Medal air.

Na boinn eile a bhuaigh Kennedy le linn an Dara Cogadh Domhanda ná an Purple Heart, Asiatic-Pacific Campaign Medal, agus an World War II Victory Medal. Scaoileadh amach é sa bhliain 1945, agus ghéill na Seapánaigh cúpla mhí níos déanaí.

Ina pholaiteoir dó

Tháinig John F. Kennedy slán as an gcogadh, ach cailleadh a dheartháir Joseph P. Kennedy, Jr. ar an 12 Lúnasa, 1944. De bharr seo, cuireadh níos mó brú ar John tús a chur leis a shaol sa pholaitíocht.

Sa bhliain 1946, d'éirigh James Michael Curley as a shuíochán, agus bhí bua láidir ag Kennedy. Chaith Kennedy sé bliana as seo amach ina fheisire, ag vótáil i gcoinne an Uachtaráin Harry S Truman agus a pháirtí féin uaireanta.

Bhuaigh sé áit sa tSeanaid don stát Massachussetts sa bhliain 1952 i gcoinne an tSeanadóra Henry Cabot Lodge óna Phoblachtaigh. Ar an 12 Meán Fómhair 1953, phós Kennedy le Jacqueline Lee Bouvier. Lean na fadhbanna a bhí aige leis a dhromlach ar aghaidh, agus seoladh é faoin scian go minic i rith na dhá bhliain ina dhiaidh. Bhí an t-ádh air nár chailleadh é, i rith an tréimhse seo. Mar thoradh, bhí Kennedy as láthair ón tSeanad go minic. Foilsíodh a leabhair Profiles in Courage, a bhuaigh an Duais Pulitzer sa bhliain 1957, i gcatagóir Beathaisnéis.

Chaith Kennedy vóta i bhfabhar an Acht um Chearta Sibhialta sa bhliain 1957, cé gur vótáil sé i gcoinne an Leasú ar Thriail Giúiré níos luaithe. Tacadóirí láidir ina chéad fheachtas uachtaránachta ab ea iad James Eastland, John McClellan, agus Gobharnóir Mississippi James Coleman, daoine a bhí i bhfabhar an idirdheighilt. Bhí an Seanadóir Joseph McCarthy cairdiúil leis an gclann Kennedy freisin. Chaith Robert F. Kennedy tréimhse ag obair ina fhoireann, agus bhí McCarthy ag dul amach le Patricia Kennedy ar feadh tamaill.

Bhí fadhb ag Kennedy sa bhliain 1954 nuair a bhí an Seanad réidh McCarthy a cháineadh, agus níor chaith sé vóta mar bhí sé san ospidéal arís. Leis an eachtra seo, rinneadh a lán dochar dó leis na grúpaí liobrálacha.

Toghchán 1960

Uachtarán nua Kennedy agus Eisenhower sa bhliain 1960.

Sa bhliain 1960, d'fhógair John F. Kennedy go mbeadh sé ag dul isteach sa thoghchán, chun a bheith ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Chun áit a bhuaigh ina iarrthóir don pháirtí Daonlathach, bhí comórtas deacair aige ón Seanadóir Hubert H. Humphrey as Minnesota, an Seanadóir Lyndon B. Johnson as Texas agus Adlai Stevenson. Chuaigh sé go dtí an Virginia Thiar chun labhairt leis na mianadóirí. Bhuaigh sé a gcuid tacaíochta, cé go raibh sé ina Chaitliceach agus ba stát Phrotastúnach é sa formhór. Tar éis na heachtraí seo, d'éirigh Kennedy as an gcomórtas mar iarrthóir inghlactha. Fógraíodh é ar an 13 Iúil 1960 go mbeadh Kennedy an iarrthóir a bheadh ag glacadh páirt sa toghchán. D'ainneoin na caismirte a bhí eatarthu níos luaithe, roghnaigh Kennedy Johnson ina iarrthóir don leas-Uachtaránacht. Bhí tacaíocht an-láidir ag Johnson i ndeisceart na tíre, rud a bhí de dhíth go géar ar Kennedy. Na príomhchúrsaí a raibh siad ag caint faoi ná an geilleagar mall, Caitliceachas Kennedy, Cúba, agus na dúshláin a bhí ann i gcoinne Aontas na Sóivéide sna cláir spáis agus airm.

Phléigh Kennedy agus a theagmhálaí Richard Nixon ón Pháirtí Poblachtach na cúrsaí seo le chéile i rith an chéad díospóireacht uachtaránachta a bhí le feiceáil ar an teilifís. Bhí cuma mí-chompordach agus corraitheach ar Nixon, agus cheap formhór an lucht féachana go raibh an bua ag Kennedy, é a bhí socair agus féinmhuiníneach. Eachtra stairiúil a bhí ann pé scéal é, agus bhí páirt tábhachtach ag an teilifís i bpolaitíocht as seo amach.

Uachtaránacht

Rinneadh 35ú uachtarán de ar an 20 Eanáir 1961. Ag an searmanas, d'iarr Kennedy ar mhuintir na tíre a bheith fuinniúil ar son na tíre, leis na bhfocail stairiúil, "Ask not what your country can do for you, ask what you can do for your country". D'iarr sé freisin ar náisiúin an domhain aontú le chéile chun troid i gcoinne na comh-naimhde a bhí acu - an tíorántacht, an bhochtaineacht, galar, agus cogadh féin. ionreoir

Cúba agus Scannal Bhá na Muice

Ar an 17 Aibreán 1961, thóg Kennedy an t-ordú ionradh a thosaigh ar Chúba. Le tacaíocht ón Central Intelligence Agency (CIA), d'fhill 1,500 deoraí Chúbacha a bhí ag traenáil i Meiriceá ar ais go dtí an oileán chun an ruaig a chur ar Fidel Castro ("Briogáid 2506" an t-ainm a bhí orthu). Níor thóg na Meiriceánaigh aon aerthacaíocht do na saighdiúirí, áfach, agus chuir an tacaíocht láidir a bhí ag Castro iontas orthu freisin. Chomh maith le sin, rinneadh roinnt botúin tábhachtacha. Mar sin, ar an 19 Aibreán 1961 bhí formhór na n-ionsaitheoirí maraithe nó faoi ghlas ag Castro. B'éigean do Kennedy idirbheartaíocht a dhéanamh le Castro chun na 1,189 marthanóir a scaoileadh saor. D'aontaigh Cúba fiche mí ní ba déanaí, nuair a thug na Meiriceánaigh $53 milliúin i mbia agus leigheas dóibh ar malairt. Eachtra a chur an-aiféaltas ar Kennedy ab ea é seo, cé go raibh sé sásta an locht ar fad a ghlacadh.

Géarchéim na nDiúracán i gCúba

JFK ag buaileadh le Nicíte Cruistsiof i Vín i mí Meitheamh, 1961.

Thosaigh Géarchéim na nDiúracán i gCúba ar an 14 Deireadh Fómhair 1962, nuair a thóg spiair-eitleán Meiriceánach U-2 grianghraif ina raibh láithreán diúracáin le feiceáil faoi thógáil i gCúba. Bhí rogha deacair ag Kennedy - ba mhaith leis ionsaí a dhéanamh ar an láithreán, ach ba seans ann go mbeadh cogaidh in aghaidh an Aontas Sóivéadach mar thoradh. Cuireadh brú ar Kennedy ionsaí a dhéanamh, ach sa deireadh roghnaigh sé imshuí a chur ar an oileán. Tréimhse corraitheach ab ea é, agus bhí an cuma air go mbeadh cogadh núicléach ag briseadh amach ag am éigean. Thosaigh Kennedy ag plé an fhadhb le Nicíte Cruistsiof, agus bhí comhaontú acu tar éis seachtain. Bhain Cruistsiof na diúracáin amach as gCúba, agus gheall Kennedy nach mbeadh ionradh ar bith ar Chúba arís. Deirtear gur aontaigh Kennedy faoi rún diúracáin Meiriceánacha a thóg amach as an Tuirc sé mí níos déanaí.

Meiriceá Laidineach agus an Cumannachas

Chun smacht a chur ar fhás an chumannachais i Meiriceá Laidineach, bhunaigh Kennedy an Alliance for Progress, a thóg cabhair do na tíortha sa réigiún seo agus a rinne iarracht caighdeán chearta na ndaoine a mhéadú. Bhí sé ag obair sa scéim seo le Gobharnóir Luis Muñoz Marín i bPórtó Ríce, agus rinneadh dul chun cinn i bhforbairt an gcomhlathas sa tír seo.

Peace Corps

B'é bunú an Peace Corps ceann de na céad eachtraí a rinne Kennedy agus a dtoghadh isteach san oifig é. Sa chlár sin, chuir na Meiriceánaigh cabhair ar fáil don Tríú Domhan in oideachas, feirmeoireacht, leigheas agus tógáil.

Vítneam

Bhain Kennedy úsáid theoranta as na seirbhísí míleata chun troid i gcoinne an chumannachais. Ba mhaith leis seasamh láidir a dhéanamh i Vítneam, agus mar sin thug sé tacaíocht pholaitiúil, eacnamaíochta agus mhíleata don rialtas i Vítneam Theas. Seoladh 18,000 comhairleoir míleata agus na U.S. Special Forces go dtí an réigiún. Lean an feachtas ar aghaidh ar feadh blianta, agus bhí saighdiúirí Meiriceánacha ag troid go díreach sa chogadh ar feadh blianta i rith na rialtas Meiriceánach i ndiaidh Kennedy. Mhéadaigh Kennedy an tacaíocht mhíleata, ach níor éirigh sé go maith fós. I mí Iúil 1963, bhí géarchéim ag Kennedy i Vítneam agus bhí air rud a dhéanamh faoi. Shocraigh sé ar ruaig a chur ar uachtarán na tíre Ngo Dinh Diem, agus cuireadh coup d'état ar siúl.

Óráid i mBeirlín Thiar

Ar an 26 Meitheamh 1963, chuaigh Kennedy ar chuairt reatha go dtí Beirlín Thiar. Bhí na sluaite daoine amach ar na sráideanna, agus thóg Kennedy óráid i gcoinne an chumannachais. Deirtear go raibh daoine ar an taobh eile den bhalla ag tabhairt bualadh bos dó, chun agóid a dhéanamh i gcoinne na Rúiseach. Dúirt sé go raibh sampla é an balla, a léirigh loiceadh an chumannachais. Tá cáil ag an óráid inniu mar gheall ar na bhfocail stairiúla "Ich bin ein Berliner". Meastar go raibh 5/6 den daonra amach ag éisteacht le Kennedy ar an lá seo.

JFK in Éirinn sa bhliain 1963

Éire

Ba de bhunadh Éireannach é Kennedy, agus mar thoradh ba mhór an ócáid é sa bhliain 1963 nuair a thug sé cuairt ar Éirinn. Bhuail sé le hUachtarán Éamon de Valera, agus bhunaigh siad an American Irish Foundation le chéile, chun naisc a chur chun cinn idir Meiriceánaigh de bhunadh Éireannacha agus an tír seo féin. Chuaigh Kennedy go dtí an teachín ina raibh a chlann féin ina gcónaí sular fhág siad an tír.