An difríocht idir athruithe ar: "Dún na nGall"
m Cealaíodh athruithe 87.42.182.136 (Plé); ar ais chuig leagan le SeoMac |
No edit summary |
||
Líne 13: | Líne 13: | ||
daonra_thuathúil = 3,724 | |
daonra_thuathúil = 3,724 | |
||
}} |
}} |
||
Is baile é '''Dún na nGall''' ( |
Is baile é '''Dún na nGall''' ([[Béarla]]: ''Donegal'') i ndeisceart [[Contae Dhún na nGall|Chontae Dhún na nGall]] i b[[Poblacht na hÉireann]]. |
||
== Stair == |
== Stair == |
Leagan ó 17:54, 28 Eanáir 2017
Teimpléad:Ie baile infobox Is baile é Dún na nGall (Béarla: Donegal) i ndeisceart Chontae Dhún na nGall i bPoblacht na hÉireann.
Stair
Roimh an 17ú haois déag, bhí an baile ina phríomhdhún ag clann Ui Dhomhnaill, rialtóirí stairiúla Tír Chonaill. Tá fianaise ann go raibh daoine ag cur fúthu ar an láthair roimh theacht na Críostaíochta. Meastar gur mar gheall ar dhún a bheith ag na Lochlannaigh sa cheantar a tugadh Dún na nGall air. Tugann na mílte cuairt ar Chaisleán Dhún na nGall gach bliain, caisleán a thóg Clann Uí Dhónaill sa chúigiú haois déag. Tá ballóga sainmhainistreach ann chomh maith, mar a raibh Ord na bProinsiasach. Rinneadh cuid mhaith den obair ar Annála na gCeithre Máistrí, ceann de na lámhscríbhinní stairiúla is tábhachtaí in Éirinn, sa mhainistir seo.
Nuair a theith na hIarlaí i 1607 tar éis chogadh fhada in aghaidh na Sasanach, tugadh an caisleán agus a thailte don Sasanach Basil Brooke, mar chuid de Phlandáil Uladh. Rinneadh an baile a leagan amach le cearnóg ina lár ar a dtugtar an Diamaint.
Inniu
Is ionad mór turasóireachta é an baile anois, é suite ag bun na gCruacha Gorma, agus in aice le cuid mhór tránna a mbíonn daoine ag tonnmharcaíocht orthu. Tá traidisiún láidir fíodóireachta sa bhaile agus sa cheantar máguaird, agus an-cháil ar chomhlacht Magee. Is ann atá ceannáras an nuachtáin an Donegal Democrat.
Tá Gaelscoil sa bhaile le tamall beag de bhlianta.