An difríocht idir athruithe ar: "Hugo Chávez"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 12: Líne 12:
|céile =''(Colscartha)''
|céile =''(Colscartha)''
|}}
|}}
Bhí '''Hugo Rafael Chávez Frias''' ina uachtarán ar [[Veiniséala]]. Rugadh é ar [[28 Iúil]], [[1954]] - bhásaigh sé an [[5 Márta]], [[2013]]
Bhí '''Hugo Rafael Chávez Frias''' ([[28 Iúil]] [[1954]] [[5 Márta]] [[2013]]) ina uachtarán ar [[Veiniséala]].


==Luathshaol==
==Luathshaol==

Leagan ó 19:37, 23 Eanáir 2017

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Bhí Hugo Rafael Chávez Frias (28 Iúil 19545 Márta 2013) ina uachtarán ar Veiniséala.

Luathshaol

An dara mac ag beirt mhúinteoir, agus bhí sé ina oifigeach airm óna óige. Nuair a theip ar éirí amach míleata in aghaidh rialtas na tíre, ina ndearna Chávez agus oifigigh eile iarracht an phríomhchathair a ghabháil, cuireadh chun príosúin é ar feadh dhá bhliain. Bhunaigh sé "Gluaiseacht na Cúigiú Poblachta" (MVR—Movimiento Quinta República), i 1992.

Uachtaránacht

Toghadh Chávez ina Uachtarán i 1998 mar gheall ar na geallúintí a thug sé go dtroidfeadh sé in aghaidh an bhochtanais agus na caimiléireachta. Ghnóthaigh sé 56% den vóta sa toghchán.

A éachtaí:

  • Bhí feachtais oideachais agus sláinte ar bun aige chun 'Réabhlóid Bolivarach' a chur ar bun.
  • Bhí iarrachtaí á ndéanamh aige chun comhghuallaíocht a bhunú idir tíortha Mheiriceá Laidineach agus neamhspleáchas a bhaint amach dóibh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Rinne sé socrú le Cúba chun dochtúirí a fháil le dul i mbun seirbhísí leighis sna bruachbhailte bochta nuair a dhiúltaigh dochtúirí meánaicmeacha a thíre féin tacú lena scéimeanna, agus chuir sé ola saor ar fáil do réimeas Fidel Castro mar íocaíocht. Bhí Veiniséala i mbun cainteanna le tíortha eile sa chomharsanacht chun píopaí gáis a thógáil a chuirfeadh gás nádúrtha ar fáil ar fud Mheiriceá Theas.

Freasúra

Bhí meánaicmí agus uasaicmí Veiniséala an-naimhdeach i gcoinne Chávez, agus chuir siad caimiléireacht toghcháin, sárú cearta daonna agus cos ar bolg ina leith. Táthar in amhras i gcónaí maidir le cumas rialaithe Chávez, agus eacnamaíocht na tíre ag brath go hiomlán ar phraghas ard na peitriliam.

Na himeachtaí:

  • Rinneadh iarracht é a chur as oifig in éirí amach airm ar 11 Aibreán 2002 le cabhair ón SAM, ach tháinig slua ollmhór amach ar na sráideanna ag tacú leis agus cuireadh ar ais in oifig é.
  • Bhuaigh Chávez reifreann i 2004 a d'fhág i gceannas na tíre é.