An difríocht idir athruithe ar: "Bob Geldof"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
Is amhránaí, scríbhneoir amhrán agus gníomhaíoch polaitiúil é '''Robert Frederick Xenon "Bob" Geldof''' (''Roibeard Mac Giolla Dhuibh'' an leagan Gaeilge dá ainm is dá shloinne). Rugadh i m[[Baile Átha Cliath]] ar an [[5 Deireadh Fómhair]] sa bhliain [[1954]] é. Bhí sé ina amhránaí sa bhanna ceoil úd [[The Boomtown Rats]], arb é an cheolfhoireann ba mhó le rá as Éirinn ag deireadh na seachtóidí. Ceann de na hamhráin is cáiliúla dá gcuid is ea é ''I don't like Mondays'', a foilsíodh sa bhliain [[1979]].
Is amhránaí, scríbhneoir amhrán agus gníomhaíoch polaitiúil é '''Robert Frederick Xenon "Bob" Geldof''' (''Roibeard Mac Giolla Dhuibh'' an leagan Gaeilge dá ainm is dá shloinne). Rugadh i m[[Baile Átha Cliath]] ar an [[5 Deireadh Fómhair]] sa bhliain [[1951]] é. Bhí sé ina amhránaí sa bhanna ceoil úd [[The Boomtown Rats]], arb é an cheolfhoireann ba mhó le rá as Éirinn ag deireadh na seachtóidí. Ceann de na hamhráin is cáiliúla dá gcuid is ea é ''I don't like Mondays'', a foilsíodh sa bhliain [[1979]].


[[Íomhá:Geldofsigning.jpg|frame|right|Bob Geldof]]
[[Íomhá:Geldofsigning.jpg|frame|right|Bob Geldof]]
Líne 20: Líne 20:
[[Catagóir:Ceoltóirí Éireannacha|Geldof, Bob]]
[[Catagóir:Ceoltóirí Éireannacha|Geldof, Bob]]
[[Catagóir:Daoine as Baile Átha Cliath|Geldof, Bob]]
[[Catagóir:Daoine as Baile Átha Cliath|Geldof, Bob]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1954|Geldof, Bob]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1951|Geldof, Bob]]

Leagan ó 18:11, 17 Eanáir 2017

Is amhránaí, scríbhneoir amhrán agus gníomhaíoch polaitiúil é Robert Frederick Xenon "Bob" Geldof (Roibeard Mac Giolla Dhuibh an leagan Gaeilge dá ainm is dá shloinne). Rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 5 Deireadh Fómhair sa bhliain 1951 é. Bhí sé ina amhránaí sa bhanna ceoil úd The Boomtown Rats, arb é an cheolfhoireann ba mhó le rá as Éirinn ag deireadh na seachtóidí. Ceann de na hamhráin is cáiliúla dá gcuid is ea é I don't like Mondays, a foilsíodh sa bhliain 1979.

Bob Geldof

Phós sé Paula Yates, láitheoir teilifíse Sasanach, sa bhliain 1986. Saolaíodh triúr clainne dóibh - Fifi Trixibelle a rugadh sa bhliain 1984, Peaches sa bhliain 1989 agus Pixie sa bhliain 1990. Dhealaigh siad óna chéile sa bhliain 1995, nuair a thosaigh Yates ag siúl amach le Michael Hutchence, réalt rac-cheoil ón Astráil.

Sa bhliain 1984, chonaic Geldof pictiúirí uafásacha nuachta ón Aetóip, áit a raibh gorta mór ag rith damhsa faoin am sin, agus leanaí beaga ag fáil bháis ón ocras. Chuir na pictiúirí chomh mór sin as dó gur bhailigh sé grúpa de na ceoltóirí ba cháiliúla sa Bhreatain ag an am, in éineacht le Midge Ure, faoin ainm Band Aid. D'eisigh siad an singil Do They Know It's Christmas chun airgead a bhailiú don Aetóip. B'é sin an singil ba mhó díolacháin riamh sa Ríocht Aontaithe agus fuair siad £8 milliún ar fud an domhain le haghaidh cabhrach don Aetóip.

I ndiaidh Band Aid, chuir Geldof agus a chomhghleacaithe dhá cheolchoirm ar siúl faoin ainm Live Aid i Londain agus in Philadelphia ar an 13 Iúil den bhliain 1985. D'fhéach billiún go leith duine ar fud an domhain ar na ceolchoirmeacha a lean ar aghaidh le 16 uair ar an teilifís. Bhí níos mó ná 60 de na réaltaí ba mhó sa rac-cheol páirteach san ócáid. Bailíodh níos mó ná £100 milliún le maolú ar an ngorta san Afraic. Lean Geldof ar aghaidh lena chuid oibre ar son na hAfraice, agus é ag tacú le hIubhaile na bliana 2000, feachtas chun fiacha na hAfraice a chur ar ceal. Thug Éireannach cáiliúil eile, Bono, tacaíocht don fheachtas céanna.

Bronnadh ridireacht air sa bhliain 1986.

Sa bhliain 1991, bhunaigh sé Planet 24, ceann de na comhlachtaí neamhspleácha teilifíse is mó sa Bhreatain. Tá páirt aige freisin i bhfeachtas chun cearta na n-athracha a chur chun cinn.

Bob ag ceol le Moya Brennan, Bono agus Chris de Burgh ag Self Aid.

Bhí sé go mór i mbéal an phobail arís sa bhliain 2005 mar gheall ar an bhfeachtas Make Poverty History is Live8, agus ceolchoirmeacha ollmhóra ar siúl ar an 2 Iúil ar fud an domhain chun aird an chine daonna a tharraingt ar chruinniú mullaigh an G8 i nDún Éideann in Albain an tseachtain ina dhiaidh.

Tagairtí