An difríocht idir athruithe ar: "The Guardian"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 21: Líne 21:
==Stair==
==Stair==
Chuir John Edward Taylor, ceannaí cadáis i [[Manchain]], an nuachtán ar bun sa bhliain 1821 le tacaíocht ón gCiorcal Beag, grúpa lucht gnó liobrálach sa chathair chéanna.
Chuir John Edward Taylor, ceannaí cadáis i [[Manchain]], an nuachtán ar bun sa bhliain 1821 le tacaíocht ón gCiorcal Beag, grúpa lucht gnó liobrálach sa chathair chéanna.

==Eagarthóirí==
*John Edward Taylor (1821–1844)
*Jeremiah Garnett (1844–1861)
*John Taylor (1861–1872)
*Charles Prestwich Scott (1872–1929)
*Ted Scott (1929–1932)
*William Percival Crozier (1932–1944)
*Alfred Powell Wadsworth (1944–1956)
*Alastair Hetherington (1956–1975)
*Peter Preston (1975–1995)
*Alan Rusbridger (1995–2015)
*Katharine Viner (2015–)


==Tagairtí==
==Tagairtí==

Leagan ó 17:58, 23 Nollaig 2016

Teimpléad:Bosca Sonraí Nuachtáin

Ceannáras The Guardian i Londain, Sasana

Nuachtán laethúil náisiúnta sa Ríocht Aontaithe is ea The Guardian. Go dtí 1959, foilsíodh é faoin ainm Manchester Guardian. Nuachtán de chuid an Guardian Media Group atá ann in éineacht le The Observer agus The Guardian Weekly. Is iad The Scott Trust Limited úinéirí an Guardian Media Group; cuireadh ar bun é chun neamhspleáchas The Guardian a chosaint "go deo". Cuirtear na brabúis isteach san iriseoireacht seachas iad a roinnt ar na sealbhóirí. [1]

Is í Katharine Viner eagarthóir The Guardian; tháinig sí ar chomharbas ar Alan Rusbridger sa bhliain 2015.[2][3] Tá leaganacha Briotanacha, Astrálacha (Guardian Australia) agus Meiriceánacha (Guardian US) den nuachtán le fáil ar líne. I mí Lúnasa 2013, scaipeadh isteach is amach le 189,000 cóip den leagan cló den The Guardian ar an meán gach lá, níos lú ná an The Daily Telegraph agus The Times, ach níos mó ná The Independent.[4] I nDeireadh Fómhair na bliana 2014, b'é The Guardian an cúigiú nuachtán is mó léitheoirí ar domhan le 42.6 milliún léitheoirí.[5] Sa Ríocht Aontaithe, léann 9 milliún duine na leaganacha cló agus ar líne de The Guardian.[6]

Stair

Chuir John Edward Taylor, ceannaí cadáis i Manchain, an nuachtán ar bun sa bhliain 1821 le tacaíocht ón gCiorcal Beag, grúpa lucht gnó liobrálach sa chathair chéanna.

Eagarthóirí

  • John Edward Taylor (1821–1844)
  • Jeremiah Garnett (1844–1861)
  • John Taylor (1861–1872)
  • Charles Prestwich Scott (1872–1929)
  • Ted Scott (1929–1932)
  • William Percival Crozier (1932–1944)
  • Alfred Powell Wadsworth (1944–1956)
  • Alastair Hetherington (1956–1975)
  • Peter Preston (1975–1995)
  • Alan Rusbridger (1995–2015)
  • Katharine Viner (2015–)

Tagairtí