An difríocht idir athruithe ar: "William Ramsay"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 41: Líne 41:
[[pl:William Ramsay]]
[[pl:William Ramsay]]
[[pt:William Ramsay]]
[[pt:William Ramsay]]
[[ru:Рамзай, Уильям]]
[[sk:William Ramsay]]
[[sk:William Ramsay]]
[[sl:William Ramsay]]
[[sl:William Ramsay]]

Leagan ó 13:46, 9 Márta 2007

William Ramsay

Ceimiceoir Albanach ab ea an Ridire William Ramsay (2 Deireadh Fómhair 1852 a rugadh é, 5 Iúil, 1916 a fuair sé bás).

Rugadh i nGlaschú é mar mhac le William Ramsay, C.E agus Catherine Robertson. Ba nia é don geolaí An Ridire Andrew Ramsay. Bhain sé cáil amach mar gheall ar a chuid oibre leis na Triathgháis. D'aimsigh sé Argón (1894), Héiliam (1895), Neon (1898), Criptón (1898), agus Xeanón (1898)

Rinne Ramsay a chuid staidéir in Ollscoil Ghlascú faoi Thomas Anderson agus ina dhiaidh sin chuaigh sé chun na Gearmáine , go dtí Ollscoil Tübingen, áit ar scríobh sé a thráchtas dochtúireachta dar theideal “Investigations in the Toluic and Nitrotoluic Acids”.

D'fhill Ramsay ar Ghlascú mar chúntóir d'Anderson i gColáiste Anderson.

Cheapadh é in Ollamh sa Cheimic in Ollscoil Bhristol sa bhliain 1879.

Phós sé Margaret Buchanan sa bhliaon 1881, an bhliain chéanna ar cheapadh é ina 'Phríomhoide' nó 'Cheannaire' ar Ollscoil Bhristol. Lean sé de shíor ar aghaidh lena chuid taidhde sa Cheimic Orgánach agus sna Triathgháis.

I 1887 tháinig sé i gcomharbas ar Alexander Williamson mar 'Chathaoirleach na Ceimice' i gColáiste na hOllscoile i London.

Fuair sé bás in High Wycombe, Buckinghamshire, i 1916.