An difríocht idir athruithe ar: "Saorstát Éireann"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not featured
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
{{Bosca Sonraí Tíortha Stairiúla
{{Bosca Sonraí Tíortha Stairiúla
|ainm_coitianta='''Saorstát Éireann'''
|ainm_coitianta='''Saorstát Éireann'''
|ainm_dúchasach='''Saorstát Éireann'''<br/>''Irish Free State''
|ainm_dúchasach='''Saorstát Éireann'''<br/>''Irish Free State'
|tús=1923
|tús=1923
|deireadh=1937
|deireadh=1937

Leagan ó 19:07, 26 Deireadh Fómhair 2016

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíortha Stairiúla Is é Saorstát Éireann an stát a bunaíodh i sé chontae fichead na hÉireann i ndiaidh shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh agus a mhair go dtí gur tháinig Bunreacht na hÉireann i bhfeidhm sa bhliain 1937. Bhí rí Shasana ina cheann stáit ar an Saorstát, agus Seanascal Shaorstát Éireann ina ionadaí aige sa stát. Chaithfeadh na Teachtaí Dála móid dílseachta a mhionnú don Rí sula nglacfaidís a suíocháin sa Dáil.

Cé go raibh stádas an Tiarnais ag an Saorstát, bhí níos mó saoirse aige ná ag na Tiarnais eile. Éireannach ab ea é an Seanascal, ach muintir isteach ab ea iad na Gobharnóirí Ginearálta sna tiarnais eile, fir uaisle Ghallda ón mBreatain Mhór de ghnáth. Theastaigh ó na hÉireannaigh poblacht a chur ar bun mar sin féin, agus rinne rialtas an tSaorstáit a ndicheall leis an gcuspóir sin a bhaint amach seachas cogadh nua a tharraingt anuas ar an tír. Sa bhliain 1931, d'achtaigh Parlaimint na Ríochta Aontaithe an reacht ar ar tugadh Reacht Westminster, reacht a chuir ar chumas na dTiarnas éagsúil a gcuid dlíthe féin a reachtú beag beann ar an mBreatain Mhór. Ghlac lucht rialtais na hÉireann buntáiste ar an reacht seo lena mbunreacht féin a chur i bhfeidhm, Bunreacht na hÉireann, sa bhliain 1937.