An difríocht idir athruithe ar: "Éire (Poblacht na hÉireann)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 42: Líne 42:
|glaochód=353
|glaochód=353
|fonótaí=|}}
|fonótaí=|}}
Is stát í '''Éire''' ([[Béarla]]: ''Ireland'') ar an gcuid is mó d'[[Éire|oileán na hÉireann]], amach ó chósta thiar-thuaidh na [[an Eoraip|hEorpa]]. Is le [[Tuaisceart Éireann]], atá laistigh den [[Ríocht Aontaithe]], an chuid eile den oileán. ''Éire'' an teideal oifigiúil atá ar an stát, leis an gcur síos oifigiúil '''Poblacht na hÉireann''' ([[Béarla]]: ''Republic of Ireland''). Cé gur fhan an Phoblacht neodrach le linn [[An Dara Cogadh Domhanda|an Dara Chogaidh Domhanda]] agus cogaí eile ó shin, is ballstát de [[na Náisiúin Aontaithe]] agus den [[an Aontas Eorpach|Aontas Eorpach]] í, ach ní dheachaigh sí isteach in [[ECAT]], ar eagraíocht mhíleata í.
Is stát í '''Éire''' ([[Béarla]]: ''Ireland'') ar an gcuid is mó d'[[Éire|oileán na hÉireann]], amach ó chósta thiar-thuaidh na [[an Eoraip|hEorpa]]. Is le [[Tuaisceart Éireann]], atá laistigh den [[Ríocht Aontaithe]], an chuid eile den oileán. ''Éire'' an teideal oifigiúil atá ar an stát, leis an gcur síos oifigiúil ''Poblacht na hÉireann'' ([[Béarla]]: ''Republic of Ireland''). Cé gur fhan an Phoblacht neodrach le linn [[An Dara Cogadh Domhanda|an Dara Chogaidh Domhanda]] agus cogaí eile ó shin, is ballstát de [[na Náisiúin Aontaithe]] agus den [[an Aontas Eorpach|Aontas Eorpach]] í, ach ní dheachaigh sí isteach in [[ECAT]], ar eagraíocht mhíleata í.


== Stair ==
== Stair ==

Leagan ó 20:31, 9 Deireadh Fómhair 2016

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Is stát í Éire (Béarla: Ireland) ar an gcuid is mó d'oileán na hÉireann, amach ó chósta thiar-thuaidh na hEorpa. Is le Tuaisceart Éireann, atá laistigh den Ríocht Aontaithe, an chuid eile den oileán. Éire an teideal oifigiúil atá ar an stát, leis an gcur síos oifigiúil Poblacht na hÉireann (Béarla: Republic of Ireland). Cé gur fhan an Phoblacht neodrach le linn an Dara Chogaidh Domhanda agus cogaí eile ó shin, is ballstát de na Náisiúin Aontaithe agus den Aontas Eorpach í, ach ní dheachaigh sí isteach in ECAT, ar eagraíocht mhíleata í.

Stair

Príomhalt: Stair na hÉireann

Rialtas Dúchais

Príomhalt: Rialtas Dúchais

D'eascair an difríocht idir oileán na hÉireann (a bhí faoi rialtas amháin cheana féin) agus stát na hÉireann (26 as 32 chontae an oileáin) as eachtraí bunreachtúla casta i rith an chéid leath den fhichiú haois. Ón 1 Eanáir 1801 go dtí an 6 Mí na Nollag 1922, ba thír laistigh den Ríocht Aontaithe í Éire.

Éirí amach agus céimeanna i dtreo na saoirse

Sa bhliain 1919, shocraigh an chuid is mó de Fheisirí Parlaiminte Éireann, a toghadh in ollthoghchán na Breataine, 1918, a suíocháin i bParlaimint na Breataine a dhiúltú. In áit dul go Londain bhunaigh siad parlaimint Éireannach, Dáil Éireann. I Mí Eanáir 1919, d'eisigh an Dáil seo Fógra Neamhspleáchais Aontaobhach in ainm Poblachta Éireannaigh. Níor tugadh aitheantas idirnáisiúnta don phoblacht seo. Chuir Rialtas na Breatain an Dáil faoi chois, agus cuireadh go leor de na Teachtaí Dála i bpríosún. Thosaigh Cogadh na Saoirse, a mhair go dtí 1921, nuair a thosaigh rialtais na Breataine agus Aireacht na Poblachta Éireannaigh ar idirbheartaíocht, a chríochnaigh le síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh i 1921. Chruthaigh sé seo córas iomlán nua rialtais in Éirinn, a bhí dleathach i súile na Breataine agus féinrialaitheach faoi stádas chríochach (dominion status).

Cruthaíodh stát nua Éireannach, 'Saorstát Éireann' (as Béarla: Irish Free State). Bhí sé ar intinn an oileán go léir a chur faoin Saorstát, ach ba é rogha 'Thuaisceart Éireann' (a cruthaíodh de réir Acht Rialtais na hÉireann 1920, agus ina raibh 6 des na 9 chontaetha in Ulaidh) fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Sa chaoi sin, is le Saorstát Éireann a bhí na 26 chontaetha eile; monarcacht bhunreachtúil faoi smacht ríocht na Breataine (ach leis an dteideal Rí Éireann tar éis 1927). Ag an stát seo bhí Fear Ionaid an Rí (i mBéarla, Governor-General), parlaimint le dhá sheomra, aireacht ar a raibh an teideal Executive Council (Comhairle Gnóthaí), agus príomh-aire leis an teideal Uachtarán na Comhairle Gnóthaí (President of the Executive Council). Bunreacht Shaorstáit Éireann a thugtar ar bhunreacht an stáit seo.

Bunreacht na bliana 1937

Ar an 29 Mí na Nollag 1937 tháinig bunreacht nua, Bunreacht na hÉireann, i bhfeidhm. Cruthaíodh stát nua, ar a dtugtar Éire, in áit Saorstáit Éireann. Sa bhunreacht, bhí áis ann i gcomhair oifig nua, Uachtarán na hÉireann, in áit an rí. Ina ainneoin seo, ní poblacht a bhí sa stát seo. De réir an dlí, bhí an príomhphost atá ag ceann an stáit; ionadaíocht a dhéanamh ar son an stáit go hidirnáisiúnta – fós ag an Rí. Ar an 1 Aibreán 1949 d'fhógair an Comhrialtas a bhí i gcumhacht Acht Poblachta na hÉireann Éire mar phoblacht, leis na postanna a bhí ag Rí na hÉireann roimhe sin tugtha do Uachtarán na hÉireann.

Cé go raibh Éire fós mar ainm oifigiúil ag an stát (Airteagal 4, "Éire is ainm don stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland" [1]) tháinig an téarma The Republic (gan ann ach cur síos oifigiúil ar an stát nua) in úsáid mar a hainm as Béarla. Agus Stát na hÉireann ag baint úsáide as an téarma Ireland chun cur síos uirthi féin as Béarla, go háirithe le hábhair taidhleoireachta (mar shampla President of Ireland agus Constitution of Ireland). Chomh maith, d'fhógair Bunreacht 1937 gur pháirt dleathach den stát í Tuaisceart Éireann. Leasaíodh an chuid sin den bhunreacht, Airteagal 2 agus 3, i 1999 mar chuid de Chonradh Aoine an Céasta.

Ba bhallstát den Comhlathas Briotanach Saorstát Éireann/Éire fós, go dtí gur fógraíodh an Phoblacht i mí Aibreán 1949. De réir rialacha an Chomhlathais ag an am sin, chuir fógairt na poblachta deireadh le ballraíocht sa Chomhlathas. Tharla sé seo roimh athrú na rialacha chun poblacht nua na hIndia a choimeád sa Chomhlathas. Fiú má chuaigh ballraíocht na hÉireann chun deiridh gan aon iarratas ar bhallraíocht nua, choimeád sí roinnt mhór de bhuntáistí na ballraíochta. Inniu féin, is féidir le saoránach Éireannach atá ina chónaí sa Ríocht Aontaithe gach ceart atá ag saoránach Bhriotanach a éileamh, fiú amháin seasamh i dtoghcháin áitiúla agus parlaiminte agus páirt a ghlacadh in airm na Breataine.

Poblacht an lae inniu

Ghlac Éire a ballraíocht sna Náisiúin Aontaithe i 1955 agus sa Chomhphobal Eacnamaíoch Eorpach (an Aontas Eorpach anois) i 1973. Tá athaontú na hÉireann iarrtha go síochánta ag rialtais Éireannacha agus iad ag cabhrú leis an mBreatain i gcoinne na gcaismirtí foréigneacha idir ghrúpaí paraimíleatacha i dTuaisceart Éireann a dtugtar Na Trioblóidí orthu. Tá na rialtais ag cur aontú síochána do Thuaisceart Éireann, Comhaontú Bhéal Feirste, lenar aontaigh an Phoblacht agus an Tuaisceart i 1998 i reifrinn, i bhfeidhm faoi láthair, cé go bhfuil moilliú air de bharr easaontais, go háirithe i measca na nAontachóirí.

Polaitíocht

Léarscáil Éireann

Is poblacht í Éire, le córas parlaiminte mar rialtas aici. Toghtar Uachtarán na hÉireann, a freastalaíonn mar cheann stáit, i gcomhair tréimhse 7 mbliana, le cead seasaimh arís uair amháin eile. Is post ainmniúil é an tUachtarán don chuid is mó, ach tá roinnt smacht agus feidhmeanna aige de réir an bhunreachta, le cabhair ó Chomhairle an Stáit, ionad comhairleora. Ceaptar an príomhaire, an Taoiseach, ag an Uachtarán tar éis moladh na Dála. Go hiondúil, is ceannaire páirtí polaitíoch é an Taoiseach, nó ceannaire comhrialtas a bhuann an méid is mó suíochán sna toghcháin náisiúnta.

Is iad an seanad, Seanad Éireann, agus an teach ionadaithe, Dáil Éireann, dá sheomra an pharlaimint, an Oireachtas. Tá 60 sa Seanad; 11 molta ag an Taoiseach, 6 tofa ag na hollscoileanna náisiúnta, agus 43 tofa ó chláranna iarrthóirí atá bunaithe de réir córas gairmiúil. Sa Dáil tá 166 Teachtaí Dála, nó sa Bhéarla – Deputies, tofa mar ionadaithe dáilcheantair ilsuíocháine, de réir ionadaíocht chionmhar cruthaithe ag úsáid an Vóta Aonair Inaistrithe. Faoi Bhunreacht na hÉireann, 7 mbliana an tréimhse is faide atá ceadaithe idir thoghcháin parlaiminte – ach is féidir tréimhse níos giorra a chur i ndlí. Faoi láthair, is í 5 bliana an tréimhse is faide atá ceadaithe idir thoghcháin.

De réir na bunreachta, tá teorann de 15 duine sa Rialtas. Ní féidir le níos mó na dhá fheisire den Rialtas a bheith ón Seanad, agus is gá don Taoiseach, an Tánaiste (leas-phríomhaire) agus an tAire Airgeadais a bheith ón Dáil. Faoi láthair, tá comhrialtas dhá pháirtí sa rialtas; Fine Gael faoin Taoiseach Éanna Ó Coinnigh agus Páirtí an Lucht Oibre faoi Joan Burton.

Dlí

An córas dlí atá i bhfeidhm in Eirinn ná an Dlí Coiteann. Is éard atá sa chóras cuirte ná An Chúirt Uachtarach, an Chúirt Achomhaire Choiriúil, an Ard-Chúirt, an Chúirt Chuarda agus an Chúirt Dúiche.

Fórsaí cosanta

Príomhalt: Óglaigh na hÉireann

Tá an Phoblacht á chosaint ag Óglaigh na hÉireann (nó Fórsaí Cosanta na hÉireann) a chuimsíonn Arm na hÉireann, an tSeirbhís Chabhlaigh, an tAerchór agus na hÓglaigh Chúltaca. Fórsa réasúnta beag ach deatrealmhach atá ann, ós rud é gur tír neodracht í Éire.

Contaetha

Príomhalt: Contaetha na hÉireann
Radharc na mBan - Contae Chiarraí

Déantar cur síos ar 32 contaetha go tradisiúnta sa tír, agus 26 i bPoblacht na hÉireann – úsáidtear fós iad in ngnónna cultúrtha, stairiúla agus spóirt. I dtaobh rialtais áitiúla de, deineadh roinnt deighilt, le contae Átha Cliath briste suas i dtrí chontae nua sna nóchaidí, agus contae Thiobraid Árann roinnte i leath leis na glúnta, rud a fhágann 29 roinn sa Phoblacht:

Tíreolaíocht

Éire

Tá achar níos mó ná 84,421 km² ag oileán na hÉireann – le cúig séú chuid den oileán sa Phoblacht agus an chuid eile i dTuaisceart Éireann. San iarthar, is é an tAigéan Atlantach a thugtar ar an muir. San oirthuaisceart, ritheann sí isteach i Sruth na Maoile. Amach ón oirthear luíonn Muir Éireann a cheanglaíonn arís leis an Aigéan trí Mhuir na Breataine agus an Mhuir Cheilteach. Tá aillte, cnoic agus sléibhte beaga sa tír (is é an tsliabh is airde ná Corrán Tuathail atá 1,041 m ar airde). I lár na tíre tá portaigh, agus roinnt talún oiriúnach do churadóireacht, go háirithe san oirthear. Sruthann roinnt mhaith abhainn trí lár na tíre – mar shampla, an tSionainn, agus tá roinnt locha móra ann chomh maith.

Aeráid

Athraíonn Sruth an Atlantaigh Thuaidh an aeráid measartha áitiúil, atá éadrom go leor. Is annamh a bhíonn na samhraidh ró-the, ach ní go minic a bhíonn an tír feannta ina hiomlán sa geimhridh. Bíonn báisteach ann go minic, le suas le 275 laethanta le bháisteach i roinnt ceantair den tír. Is iad na príomh chathracha ná an phríomhchathairBaile Átha Cliath ar an gcósta thoir, cathair Chorcaí sa deisceart, Gaillimh agus Luimneach ar an gcósta thiar, agus Port Láirge san oir-dheisceart.

Eacnamaíocht

Eacnamaíocht bheag agus nua-aimseartha, a bhraitheann ar thráchtáil is ea eacnamaíocht na hÉireann, le méan-fhás de bheagnach 10% sa thréimhse 1995-2000. Ba í an talmhaíocht an roinn ba thábhachtaí go stairiúil, ach faoi láthair tá i bhfad níos mó tionscal, le 38% d'olltáirgeacht intíre (OTI), timpeall is 80% d'easpórtáil, agus 28% den lucht oibre. Cé gur easpórtáil an príomh-inneall d'fhorás láidir na tíre, tá an eacnamaíocht ag dul i bhfeabhas de bharr ardú i gcaiteachas tomhaltais agus de bharr athbheochan sa bhfoirgníocht agus in infheistíocht gnó.

Le deich mbliana anuas, tá roinnt cláracha eacnamaíocha curtha ar bun ag an Rialtas, chun srian a chur le bhoilsciú, eire cánach a laghdú, caiteachas an Rialtais mar chéatadán d'olltáirgíocht intíre a laghdú, lucht oibre níos oilte a fhorbairt agus infheistíocht eachtrach a chur chun cinn. Thosaigh Éire, maraon le 11 náisiúin Eorpach eile, ag úsáid an eoró mar airgeadra ó mhí Eanáir 1999 (cuireadh tús le boinn agus nótaí nua ó 2001). I rith na nóchaidí, de bharr an fháis eacnamaíochta láidir, tugadh an ainm "An Tíogair Ceilteach" ar eacnamaíocht na tíre. Bhí tionchar mór ag moilliú eacnamaíoch an domhain, a thosaigh i 2001, ar eacnamaíocht na hÉireann, go mór mór sa roinn easpórtáil teicneolaíochta – baineadh beagnach leath den ráta fáis. Ní raibh fás chomh holc sin i dtaobh OTI, le ráta timpeall 6% i 2001 agus 2002 - ach i 2003, measadh an ráta a bheith timpeall 2%. Ó 2001 ar aghaidh, tá ráta an-íseal i dtaobh olltáirgeacht náisiúnta (OTN). [2]

Iompar

Tá trí aerfort idirnáisiúnta á fhreastal ar an tír - Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort na Sionainne agus Aerfort Chorcaí. Is í Aer Lingus aerlíne náisiunta na tíre, cé go bhfuil an aerlíne ísealchostais Ryanair ar an ceann is mó.

Tá seirbhísí iarnróid na tíre á chur ar fáil ag Iarnród Éireann agus is i mBaile Átha Cliath atá na príomh-stáisiúin Stáisiún Heuston agus Stáisiún Uí Chonghaile lonnaithe.

Daoine

Tá 4.5 mhilliún duine in Poblacht na hÉireann.

Pobal

Is de bhunadh Cheilteach an chuid is mó de mhuintir na hÉireann, ach tá mionlach de bhunadh Sasanach.

Teangacha

Príomhalt: Teangacha na hÉireann

Is iad an Gaeilge, an teanga Cheilteach dúchasach, agus Béarla, a bhfuil stádas tánaisteach aige, teangacha oifigiúla na tíre. Tá éigeantas Gaeilge a fhoghlaim sa chóras oideachais, ach labhraítear Béarla den chuid is mó. Tá comharthaí poiblí dátheangacha go forleathan, agus tá Gaeilge sna meáin chumarsáide anois chomh maith. Níl ach roinnt pobal beag, Gaeltachtaí, an chuid is mó acu ar chósta iartharach na tíre, ina labhraítear Gaeilge go forleathan.

An céadtadán a labhair Gaeilge go laethúil taobh amuigh don córas oideachas de réir an daonáireamh 2011.

Sa daonáireamh 2011 dúirt 1,774,437(41.4%) do daonra Poblacht na hÉireann go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt. Dúirt 77,185(1.8%) go labhair siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh don córas oideachas. Dúirt 110,642(2.4%) go labhair siad Gaeilge ar a laghaid uair amháin sa seachtain taobh amuigh don córas oideachas. San iomlán déanann cainteoirí Gaeilge laethúil agus seachtanúil suas 4.2%(187,827) do Daonra Poblacht na hÉireann.

Labhair 495,679 daoine teanga eile sa bhaile seachas GaeilgeBéarla. Bhí Polainnis an teanga iasachta is comónta le 113,488(2.5% do daonra Poblacht na hÉireann). Bhí Fraincís an dara teanga iasachta is comónta le 55,512(1.2%) cainteoirí. Bhí Liotuáinis an tríú teanga iasachta is comónta le 30,389 (0.7%) cainteoirí.

Creideamh

Príomhalt: Creideamh in Éirinn

Go hoifigiúil, is Caitlicigh 92% den daonra. Ach tá laghdú mór tagtha ar thacaíocht don chreideamh i measc Chaitlicigh na hÉireann. Idir 1996 agus 2001, laghdaigh gnáth-fhreastal, a bhí ag laghdú cheana, ó 60% go 48% (bhí sé níos mó ná 90% i 1973), agus ní raibh ach dhá chliarscoil nach raibh dúnta, nó chun dúnadh i gceann tamaill bhig. Gortaíodh an eaglais go dona chomh maith sna nóchaidí, le sraith scannal gnéasach, agus le cúiseanna d'forcheilt i gcoinne an cliarlathais. I 1995, tar éis cosc a lean 58 bliana, shocraigh vótálaithe colscaradh a dhéanamh dleathach arís.

Is í Eaglais na hÉireann, a bhí ag dul i laghad ar feadh an chuid is mó don fichiú aois, an dara creideamh is mó sa tír. Tá an Eaglais sin ag méadú arís anois, de réir daonra 2002, chomh maith le sainchreidimh Chríostaíocha eile agus Ioslam. Tá an pobal beag Giúdach in Éirinn ag dul i laghad fós.

Oideachas

Roinntear oideachas in Éirinn ina thrí chéim - bunscoil, meánscoil agus ardoideachas. Tá freastal scoile éigeantach i bhfeidhm do ghasúir idir sé bliana agus cúig bliana déag d'aois. Caithfidh an Teastas Sóisearach a dhéanamh uair amháin ar a laghad roimh ocht mbliana d'aois.

Cultúr

Príomhalt: Cultúr na hÉireann

Níl cultúr amháin ag muintir oileáin na hÉireann. Is iomaí difríocht atá ann, mar shampla idir muintir na cathracha agus muintir na tuaithe, nó idir na Caitlicigh agus na Prostatúnaigh sa Tuaisceart.

Litríocht

Príomhailt: Litríocht na hÉireann, Litríocht na Gaeilge

I nGaeilge agus i Laidin atá litríocht luath na hÉireann. Cé gurb í litríocht Bhéarla na hÉireann an ceann is mó clú anois, is mó go mór an tábhacht atá le litríocht na Gaeilge sa tréimhse is luaithe, agus í ar na litríochtaí iarchlasaiceacha is sine san Eoraip.

Spórt

Cluichí traidisiúnta iad an pheil Ghaelach agus an iomáint, agus iad ar na spóirt lucht féachana is mó ráchairt sa tír. Imrítear na cluichí ar bhonn uile-Éireann faoi stiúir Chumann Lúthchleas Gael. Na cluichí Gaelacha eile a imrítear ná liathróid láimhe agus cluiche corr.

Tagann sacar go gairid sna sálaí ar na cluichí dúchasacha. Is í Sraith na hÉireann an comórtas sacair náisiúnta, ach cuireann muintir na tíre suim níos mó trasna na dtonnta sa Phríomhroinn Shasana. Imríonn foireann sacair Phoblacht na hÉireann ar bhonn idirnáisiúnta, faoi stiúir Chumann Peile na hÉireann .

Naisc sheachtracha

Tagairtí