An difríocht idir athruithe ar: "Ouagadougou"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 100 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q3777 (translate me)
No edit summary
Líne 6: Líne 6:
{{síol}}
{{síol}}


[[Catagóir:Cathracha]]
[[Catagóir:Buircíne Fasó]]
[[Catagóir:Príomhchathracha na hAfraice]]

Leagan ó 19:39, 9 Iúil 2016

Suíomh

Is í Ouagadougou (AIF: /ˌwɑgəˈduːguː/, Mossi AIF: [wɑgədəgə]) príomhchathair Buircíne Fasó. Lárionad riaracháin, cumarsáide, cultúrtha agus eacnamaíochta na tíre is ea í, agus is í an chathair is mó sa tír í chomh maith. Áiríodh daonra 1,181,702 (2006). Tugtar Ouaga uirthi mar ghiorrúchán go minic.

Cumadh an t-ainm Ouagadougou sa chúigiú haois déag nuair a bhí treabhanna Yonyonse agus Ninsi lonnaithe sa cheantar. Bhídís in aighneas le chéile de shíor go dtí an bhliain 1441 nuair a bhuaigh Wobri, laoch de chuid na Yonyonse ar an dream eile. Ba é sin a thug "Wogodogo", a chiallaíonn "an áit ina dtugtar onóir agus urram do dhaoine" ar an gceantar. Tá ainm an lae inniu bunaithe ar litriú na Fraincise atá coitianta in iarchóilíneachtaí na Fraince.