An difríocht idir athruithe ar: "Twitter"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Tyuiop (plé | dréachtaí)
No edit summary
Tyuiop (plé | dréachtaí)
Líne 24: Líne 24:


==Leagan Gaeilge==
==Leagan Gaeilge==
Tháinig an leagan Gaeilge ar fáil ar an [[21ú Aibreán]] [[2015]].
Tháinig an leagan Gaeilge ar fáil ar an [[21 Aibreán]] [[2015]].


{{síol}}
{{síol}}

Leagan ó 11:12, 21 Márta 2016

Teimpléad:Comhlacht bosca eolais Is láithreán líonraithe shóisialta é Twitter, a chuireann seirbhísí líonraithe shóisialta agus micreabhlagála ar fáil dá úsáideoirí. Foilsítear teachtaireachtaí ghearra faoi 140 carachtar i bhfoirm théacs ar a dtugtar tvuíteanna, giolcannatweets as Béarla. Cruthaíodh Twitter ar an 21 Márta 2006 nuair a sheol Jack Dorsey a chéad tvuít. Tá cúpla céad mhilliún úsáideoir sroichte acu ó shin. Tá ceanncheathrú Twitter lonnaithe i San Francisco, California.

Úsáidtear Twitter chun, mar shampla, ceoltóirí, aisteoirí agus daoine cáiliúla eile a leanúint. Ós rud é go gcuirtear srian ar líon na gcarachtar in aon phostáil (nó "tweet"), déantar cur síos uaireanta air mar "SMS (Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí) an Idirlín".

Stair

Ar dtús, bhí Twitter á úsáid ag fostaithe na cuideachta Odeo, go dtí gur osclaíodh an lán-leagan poiblí ar an 15 Iúil, 2006. Bunaíodh Twitter mar chuideachta ina aonar i mí Aibreáin 2007.

Ar an 14 Meán Fómhair, 2010, d'athraigh Twitter dearadh an láithreáin agus tugadh lógó nua isteach. D'éirigh Twitter an-choitianta tar éis an '2007 South by Southwest festival'. Bhí 60,000 tweet gach lá tar éis na féile.

Foclaíocht

Bíonn daoine ag giolcaireacht, ag giolcadh nó ag tvuíteáil ar an suíomh (ón bhfocal Béarla tweeting). Chomh maith, tugtar tvuíteannagiolcanna ar na teachtaireachtaí aonracha, bunaithe ar an bhfocal Béarla tweet(s).

Leagan Gaeilge

Tháinig an leagan Gaeilge ar fáil ar an 21 Aibreán 2015.