An difríocht idir athruithe ar: "Collaigin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
No edit summary
m Ériugena moved page Collaiginí to Collaigin: Uimhear uatha níos fearr!
(No difference)

Leagan ó 14:23, 31 Eanáir 2016

Próitéiní snáithíneacha a fhaightear sna hainmhithe ilcheallacha uile, a chomhdhéanann suas le 25% den phróitéin iomlán sna mamaigh. Struchtúr láidir trídhualach acu, agus ról bunúsach acu i neart a thabhairt d'fhíocháin. Cuid mhaith cineálacha ann (ag brath ar sheicheamh na n-aimínaigéad iontu). Mar shampla, faightear cineál I i gcraiceann, teannán, cnámh, ballnaisc, an choirne, is na horgáin inmheánacha, agus déanann sé sin 90% de chollaigin iomlán na colainne.