An difríocht idir athruithe ar: "An Ghréigis"
No language existed called Attic. It was always a dialect only. clib: Mobile edit Mobile web edit |
→An Airméin: Typos clib: Mobile edit Mobile web edit |
||
Líne 17: | Líne 17: | ||
===An Airméin=== |
===An Airméin=== |
||
De réir daonáireamh |
De réir daonáireamh na hAirméine [[Airméin]] 2011 bhí idir 700-1000 cainteoirí dúchasacha na Gréigise i gcónaí san [[Airméin]]. |
||
===An Albáin=== |
===An Albáin=== |
Leagan ó 17:41, 26 Samhain 2015
Is í an Ghréigis (Ελληνικά, /eliniˈka/) an teanga Ind-Eorpach is sine dá maireann. Is féidir í a rianú siar go dtí an teanga a labhair cine a tháinig go dtí an Ghréig timpeall na bliana 2000 RC. Chuir an dream sin cathair Micéanae ar bun agus tugadh na Micéanaigh orthu dá bhrí sin. Bhí na Micéanaigh i mbarr a réime go dtí timpeall 1100 RC nuair a tháinig meath orthu. Níl mórán eolais againn faoin teanga díreach i ndiaidh mheath na cathrach úd tar éis ionradh ón tuaisceart. Tá an ceithre chéad bliain ina dhiaidh sin doiléir. Pé scéal é, thosaigh na Gréagaigh ar aibítir a úsáid i rith na tréimhse sin. Scríobh siad a gcuid seanchais seachas é a chur ó bhéal go béal. Chum Hóiméar an Íliad agus an Odaisé, deirtear. Tosaíonn Ré Ársa na Sean-Ghréige ag an bpointe seo.
An Ghréigis taobh amuigh don Ghréig
An Airméin
De réir daonáireamh na hAirméine Airméin 2011 bhí idir 700-1000 cainteoirí dúchasacha na Gréigise i gcónaí san Airméin.
An Albáin
Is teanga aitheanta mionlach í an Ghréigis san Albáin. Is í an teanga mionlach leis an líon cainteoirí dúchasach is mó san Albáin. Is í an máthairtheanga do 3%(do daonra an Albáin) agus tá eolas ar an nGréigis ag thart ar 40% de dhaonra an Albáin.
An Astráil
I 2001 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 252,220 duine san Astráil.
Ceanada
I 2011 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 108,925 (0.3% de dhaonra Cheanada) duine i gCeanada, shíos ó 117,285 (0.4%) i 2006.
An Chipir
Tá an Ghréigis mar theanga oifigiúil (chomh maith leis an Tuircis) sa Chipir.
An Iodáil
Tá an Ghréigis aitheanta mar theanga mionlach in áiteanna áirithe san Iodáil.
An Rómáin
I 2002 bhí 4,146 cainteoirí dúchasacha na Gréigise ina gcónaí sa Rómáin.
S.A.M.
De réir shuirbhé ó 2006-2010 bhí an Ghréigis mar phríomtheanga ag 321,144 duine sna S.A.M..
An Úcráin
I 2000 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 5,829 duine san Úcráin, síos ó 7,210 i 1970.
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |