An difríocht idir athruithe ar: "Peil Ghaelach na mBan"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 87: Líne 87:


== [[Craobh TG 4]] ==
== [[Craobh TG 4]] ==
Sheol an Taoiseach Parthalán Ó hEachthairn craobh [[TG4]] i bPeil na mBan i 2005 i b[[páirc an Chrócaigh]]. Is iad TG4 an beochraoltóir a bhíonn ag peil na mBan gach bliain. Bíonn cluichí á n-imirt acu sa gcraobh sinsear agus sóisear. Tá os cionn míle club páirteach ann anois ó gach cearn den tír. Tá aitheantas níos fearr faighte ag peil na mBan anois ná mar a bhí riamh. Anuraidh ghlac seacht bhfoireann déag páirt ag leibhéal na sinsear. Tugann sé seo le fios cé chomh láidir is atá an spórt ar fud na tíre. hey leah malone its nia here i hope youre having a god time x
Sheol an Taoiseach Parthalán Ó hEachthairn craobh [[TG4]] i bPeil na mBan i 2005 i b[[páirc an Chrócaigh]]. Is iad TG4 an beochraoltóir a bhíonn ag peil na mBan gach bliain. Bíonn cluichí á n-imirt acu sa gcraobh sinsear agus sóisear. Tá os cionn míle club páirteach ann anois ó gach cearn den tír. Tá aitheantas níos fearr faighte ag peil na mBan anois ná mar a bhí riamh
. Anuraidh ghlac seacht bhfoireann déag páirt ag leibhéal na sinsear. Tugann sé seo le fios cé chomh láidir is atá an spórt ar fud na tíre. hey nia ye im doig well. how are the hubby amd kidsx


== [[Comórtas Peile na Gaeltachta]] ==
== [[Comórtas Peile na Gaeltachta]] ==

Leagan ó 08:26, 14 Meán Fómhair 2015

Is cluiche foirne a imrítear in Éirinn ach go háirithe í Peil Ghaelach na mBan, ina bhfuil na rialacha cosúil le cluiche na bhfear.

Stair na peile

Liathróid peile
Liathróid peile

Ba i Mí na Samhna 1884 le bunú Cumann Lúthchleas Gael a thosaigh mná agus fir na hÉireann ag imirt na peile Gaelaí go hoifigiúil. Imríodh an chéad chluiche i 1887. Cé gur sheas peil na mBan cúpla coiscéim taobh thiar de pheil na bhfear tháinig sé chun cinn go mór tar éis a lán tacaíochta a fháil. Thuig muintir na hÉireann go raibh an tábhacht céanna ag baint leis. Breathnaíodh ar an bpeil mar spórt do na fir amháin, ag an am. Spórt dar leo a bhí ró-fhisiciúil do na mná. Ba ghearr go bhfaca daoine nach raibh sé seo fíor a thuilleadh. Gach bliain bíonn an-iomaíocht idir na condaetha éagsúla ó cheann ceann na tíre agus iad ag iarraidh Corn Bhreandáin Uí Mháirtín a chrochadh leo abhaile. Is féidir níos mó eolais a fháil tré breathnú ar an suíomh http://www.ladiesgaelic.ie.

Rialacha

Cé go bhfuil an cluiche an-chosúil le peil na bhfear tá cúpla rial difriúil acu. Is iad seo a leanas na rialacha a bhaineann le peil na mBan;

  • Is féidir le himreoirí an liathróid a ardú díreach ón talamh.
  • Maireann cluiche seasca nóimead. I gcluiche sinsearach idir chondae de chuid na bhfear, maireann cluiche seachtó nóiméad.
  • Níl an cluiche chomh fisiciúil, tugtar ciceanna saora i gcluiche na mban do shárú nach mbreathneofaí air i gcluiche na bhfear ach mar ionsaí fíorbheag.
  • Úsáidtear clog chun am a choinneáil ar an gcluiche agus buailtear clog ag deireadh an chluiche má tá sé ar fáil. I gcluiche na bhfear is é an réiteoir a chuireann deireadh leis.

Craobh na hÉireann: Seaimpíní

Foirne Buaiteoir Blianta bua
1 Ciarraí 11 1976, 1982, 1983, 1984, 1985, 1986, 1987, 1988, 1989, 1990, 1993
2 Corcaigh 9 2005, 2006, 2007, 2008, 2009, 2011, 2012, 2013, 2014
3 Port Láirge 5 1991, 1992, 1994, 1995, 1998
4 Maigh Eo 4 1999, 2000, 2002, 2003
5 Tiobraid Árann 3 1974, 1975, 1980
6 Muineacháin 2 1996, 1997
Uíbh Fhailí 2 1979, 1981
8 Cabháin 1 1977
Ros Comáin 1 1978
Laoise 1 2001
Gaillimhe 1 2004
Baile Átha Cliath 1 2010

Fíricí

An scór is airde a taifeadadh i gcluiche seachtó nóiméad(sinsear)-Jimmy Keaveney do Bleá Cliath i 1977 in aghaidh Ard Mhacha.Scóráil sé dhá chúl agus sé chúillín,agus Mike Sheehy do Chiarraí i 1979 in aghaidh Bleá Cliath,scóráil sé féin dhá chúl agus sé chúillín. chicken nuggets is like my family

Craobh TG 4

Sheol an Taoiseach Parthalán Ó hEachthairn craobh TG4 i bPeil na mBan i 2005 i bpáirc an Chrócaigh. Is iad TG4 an beochraoltóir a bhíonn ag peil na mBan gach bliain. Bíonn cluichí á n-imirt acu sa gcraobh sinsear agus sóisear. Tá os cionn míle club páirteach ann anois ó gach cearn den tír. Tá aitheantas níos fearr faighte ag peil na mBan anois ná mar a bhí riamh . Anuraidh ghlac seacht bhfoireann déag páirt ag leibhéal na sinsear. Tugann sé seo le fios cé chomh láidir is atá an spórt ar fud na tíre. hey nia ye im doig well. how are the hubby amd kidsx

Comórtas Peile na Gaeltachta

Gach bliain reachtáiltear comórtas sa pheil Ghaelach idir na Gaeltachtaí ar fud na tíre an chéad deireadh seachtaine i mí an Mheithimh. Bíonn an comórtas lonnaithe i gceantair Ghaeltachta difriúla gach bliain.Sa bhliain 2009 beidh sé lonnaithe i gceantar iontach stairiúil agus san áit chéanna a bhfuilTeach an Phiarsaigh i Ros Muc.Tugann an deireadh seachtaine seo seans d’imreoirí, ní hamháín a gcuid scileanna peile a thaispeáint ach aithne a chur ar a chéile tré mheán na Gaeilge. Ar ndóigh ní don pheil amháin a dhéanann daoine freastal ar an gcomórtas seo ach don chraic agus don spraoi a théann leis an deireadh seachtaine. Imrítear cluichí sóisir agus sinsir do na mná. Bíonn idir óg agus aosta ag imirt. Déantar an cluiche ceannais a imrítear ar an lá saoire bainc a chraoladh beo ar TG4. I 2002 a bhuaigh m’fhoireann féin an corn i.e - mná Chonamara. Le cúnamh Dé beidh an bua againn arís i mbliana sa Spidéal.Is féidir níos mó eolais a fháil faoi ach cuardach a dhéanamh ar google-comórtas peile na Gaeltachta,tá neart le léamh faoi.

Cumann Peile Ban na bPiarsach

Cumann peile ban atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara i Ros Muc is ea cumann peile ban na bPiarsach. Tá sé ar an bhfód anois le timpeall naoi mbliana agus é ag fás agus ag neartú ó bhliain go bliain. Tá grúpaí éagsúla ann, m.sh. foireann faoi dhá bhliain déag, sé bliana déag agus foireann sóisear grád B. Cé gur pobail bheaga atá sna ceantair as a dtagann formhór na n-imreoirí, tá an-spéis sa pheil agus a mbaineann léi. Bíonn traenáil uair amháin in aghaidh na seachtaine agus imrítear cluiche mórán chuile sheachtain. Chuaigh an club chomh fada le Craobh Chonnacht ach níor éirigh leo an corn a thabhairt linn abhaile, ach beidh muid ag traenáil linn go crua agus le cúnamh Dé, beidh muid níos díograsaí i mbliana.

Naisc Sheachtracha

Teimpléad:Cluichí Ghaelacha