An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Vítneam agus na Síne"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 18: Líne 18:
[[ja:中越戦争]]
[[ja:中越戦争]]
[[sv:Kinesisk-vietnamesiska kriget]]
[[sv:Kinesisk-vietnamesiska kriget]]
[[tr:Üçüncü Çinhindi Savaşı]]
[[vi:Chiến tranh biên giới Việt-Trung, 1979]]
[[vi:Chiến tranh biên giới Việt-Trung, 1979]]
[[zh:中越战争]]
[[zh:中越战争]]

Leagan ó 15:42, 14 Feabhra 2007

Cogadh idir Vítneam agus Daon-Phoblacht na Síne sa bhliain 1979 ab ea an Cogadh Vitneam agus na Síne (nó Triú Cogadh na hIndisíne). Tar éis ionradh gearr a dhéanamh ar thuaisceart Vítneam, chúlaigh na fórsaí Síneacha níos lú ná mí i ndiaidh sin, agus mhaígh an dá thaobh go raibh an bua acu.

Bhí an tSin ag tacú le Vítneam sna cogaí a throid sí in aghaidh na Seapáine, na Fraince agus na Stáit Aontaithe, ag cur arm agus soláthar eile chuig na fórsaí náisiúnacha agus cumannacha. Ach bhí an Aontacht Shóivéideach ag cabhrú chomh maith agus tar éis do Stalin bás a fháil bhí an tSín naimhdeach leis na Rúisigh, ach thaobhaigh ceannairí Vítneam leis an rialtas nua a bhí faoi cheannas Khrushchev. Shíl ceannairí na Síne go raibh na Rúisigh á dtimpeallú agus rinne siad iarracht cairdeas a bhunú le SAM. Nuair a bhuaigh fórsaí Ho Chi Minh an cogadh bhí nithe socair go leor i Vítneam, ach bhí ollmharú uafásach ar bun sa Chambóid, tír bheag ar theorainn an iardheiscirt. Mhaígh na Cambóidigh gur leo cuid den talamh trasna na teorainn le Vítneam, agus rinneadh sléacht ar Vítneamaigh sa Chambóid. Thug an tSín tacaíocht do cheannaire na Cambóide, Pol Pot agus spreag siad é chun ionsaithe a dhéanamh ar Vítneam i 1978. Dá bharr sin rinne Vítneam ionradh ar an Chambóid agus ruaig siad Pol Pot as oifig, tar éis dóibh a iarraidh ar an Aontacht Shóivéideach an fhadhb a réiteach. Gabhadh Phnom Penh, príomhchathair na Cambóide i mí Eanáir 1979, agus d'fhógair na Sínigh go raibh siad chun ionradh a dhéanamh ar Vítneam. Thug na Stáit Aontaithe tacaíocht don tSín.

Ar an 17 Feabhra 1979, rinne 90,000 saighdiúir Síneach le tancanna ionsaí ar thuaisceart Vítneam, agus a fhios acu go raibh an chuid ba fhearr de shaighdiúirí Vítneam sa Chambóid, ag iarraidh fórsaí Pol Pot a dhíbirt. Ní raibh ach timpeall 100,000 d'arm Vítneam sa tuaisceart agus d'éirigh leis na Sínigh dul timpeal dachad míle isteach sa tír. Mhaígh siad go rabhadar ag geataí Hanoi, d'fhógair go raibh a mísean comhlíonta acu agus chúlaigh siad ar ais thar teorainn. Níl sé soiléir cé a bhuaigh i ndáiríre, ach má bhí sé i gceist ag na Sínigh na Vítneamaigh a bhrú amach as an gCambóid níor éirigh leo.

Mar gheall ar an chogadh seo, ruaigeadh Sínigh amach as Vítneam, theith siad i mbáid agus chuir siad fúthú i mbailte Síneacha i Meiriceá Thuaidh, san Astráil agus san Eoraip. Shínigh Vitneam agus an tSín conradh teorann i 1999.