An difríocht idir athruithe ar: "Pink (Amhránaí)"
upd. |
|||
Líne 9: | Líne 9: | ||
== Dioscliosta == |
== Dioscliosta == |
||
* |
* ''[[Can't Take Me Home]]'' (2000) |
||
* |
* ''[[Missundaztood]]'' (2001) |
||
* |
* ''[[Try This]]'' (2003) |
||
* |
* ''[[I'm Not Dead]]'' (2006) |
||
* |
* ''[[Funhouse (albam Pink)|Funhouse]]'' (2008) |
||
* |
* ''[[The Truth About Love (albam Pink)|The Truth About Love]]'' (2012) |
||
== Camchuairteanna == |
== Camchuairteanna == |
Leagan ó 15:52, 6 Lúnasa 2015
Is amhránaí comhaimseartha Meiriceánach í Pink nó P!nk. Rugadh mar Alecia Beth Moore i nDoylestown, Pennsylvania í ar an ochtú lá de mhí Mheán Fómhair 1979.
A Saol
De oidhreacht Ghiúdach ab ea a máthair agus de bhunadh Gaelach, Gearmánach agus Liotuánach a hathair. Thóg sí an t-ainm gairmiúil Pink, dár léi fhéin, mar gheall ar an éascacht is a thagadh spléachadh uirthi de bhárr náire ina hóige. Scar a tuismitheoirí is í in aois a seacht mbliana agus chuaigh an bhaint idir í fhéin agus a máthair in olcais ó shin. An toradh a bhí ar seo ná gur fhág sí teach a máthar in aois cúig bliana déag di. Tar éis seo bhí caidreamh níos fearr aici lena hathair. Thart fán am seo thosaigh sí ag baint úsáid as drugaí mídhleathacha, ach tar éis tamaill bhig thug sí a cúl dóibh. Is fán tréimhse seo atá a hamhrán Family Portrait. Phós sí Carey Hart sa bhliain 2006. Saolaíodh iníon dóibh ar an 3 Meitheamh 2011 agus ghlaoi siad Willow uirthi. Tá dlúthbhaint aici leis an eagraíocht PETA a fheidhmíonn ar son leasa ainmhithe.
A Saothar
Sheol sí a céad dlúthdhiosca, Can't Take Me Home, sa bhliain 2000. Seoladh an tarna dlúthdhiosca M!ssundaztood sa bhliain 2001 agus bhí an-rath air. Ní raibh toradh chomh hiontach leis an céad dlúthdhiosca eile Try This (2003). Thóg sí sos ansin go dtí gur sheol sí I'm Not Dead sa bhliain 2006 agus bhí an-tóir ar an dlúthdhiosca seo ar fud an domhain. Tá fiche trí mhilliún dlúthdhioscanna díolta aici go dtí seo.
Dioscliosta
- Can't Take Me Home (2000)
- Missundaztood (2001)
- Try This (2003)
- I'm Not Dead (2006)
- Funhouse (2008)
- The Truth About Love (2012)
Camchuairteanna
- 2002: Party Tour
- 2004: Try This Tour
- 2006-2007: I'm Not Dead Tour
- 2009: Funhouse Tour
- 2010: The Funhouse Summer Carnival
- 2013-2014: The Truth About Love Tour
Naisc Sheachtracha
Tagairtí
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |