An difríocht idir athruithe ar: "Diarmaid Ó Donnabháin Rosa"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
m Rosa is fearr ná Rossa
m MacCambridge moved page Diarmaid Ó Donnabháin Rossa to Diarmaid Ó Donnabháin Rosa: litriú
(No difference)

Leagan ó 20:59, 31 Iúil 2015

Diarmaid Ó Donnabháin Rossa

Ba réabhlóidí Éireannach as Iarthar Chorcaí é Diarmaid Ó Donnabháin Rosa (10 Meán Fómhair,[fíoras?] 1831 - 29 Meitheamh, 1915), nó Jeremiah O’Donovan Rossa as Béarla.

Saol

Ba é a bhunaigh Cumann an Fhéinics, gluaiseacht cheannairceach Éireannach (1858) as ar fhás Bráithreachas na Poblachta níos déanaí. Cuireadh i bpríosún é go minic mar gheall ar an mbaint a bhí aige le gluaiseacht na bhFiníní, agus díbríodh as Éirinn é faoi dheireadh in 1871.

Chuir sé faoi i Nua-Eabhrac agus ba é a d’eagraigh na feachtais bhuamála i gcoinne chathracha Shasana a mhair ar feadh roinnt blianta. Rinne rialtas na Breataine iarracht é a eiseachadadh ach níor éirigh leo. Lámhach bean Shasanach, Yseult Dudley, é in 1885 lasmuigh dá oifig in aice le Broadway, ach tháinig sé slán. Chreid a lucht leanúna gur ar ordú ó Rialtas na Breataine a rinne sí an t-ionsaí seo.

Tugadh cead do Ó Donnabháin filleadh ar Éirinn i 1894, agus aris i 1904. Rinne "Saoránach" de chathair Chorcaí de i 1904, rud a léirigh go raibh tacaíocht mhór aice ina cheantar dúchais. D’fhill sé ar Mheiriceá agus bhí sé an-tinn sna blianta deireanacha dá shaol. D’éag sé in ospidéal in Oileán Staten ar an 22 Meitheamh 1915.

Oidhreacht

Ba mhór an tábhacht shiombalach a bhain lena thórramh. Tugadh a chorp ar ais go hÉirinn agus cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon. Bhí Éirí Amach na Cásca á bheartú ag an am agus d’úsáid Bráithreachas na Poblachta an ócáid chun an náisiúnachas a ghríosadh sa phobal. Ba é Pádraig Mac Piarais a thug an óráid os cionn uaighe, ceann de na hóráidí ba cháiliúla i stair na hÉireann.