An difríocht idir athruithe ar: "An Muileann gCearr"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 31: Líne 31:
* [[Ferdinand von Prondzynski]], uachtarán DCU
* [[Ferdinand von Prondzynski]], uachtarán DCU
* [[The Blizzards]], ceoltóirí
* [[The Blizzards]], ceoltóirí
* John Joe Nevin, dornálaí
* [[John Joe Nevin]], dornálaí


== Íomhánna ==
== Íomhánna ==

Leagan ó 19:45, 27 Iúil 2015

Teimpléad:Ie baile infobox

Is é An Muileann gCearr (nó Mullingar as Béarla) an baile contae i gContae na hIarmhí. Tá sé ar na bailte is mó i lár na hÉireann. Dar leis an daonáireamh bhí 18,529 ina gcónaí sa bhaile sa bhliain 2006. Tá sé suite ar an mBrosnach idir Loch Uail agus Loch Ainninn.

Tá ionad traenála de chuid an airm ar an mbaile, atá an-ghar do lár na tíre.

Tá trí nuachtán ann: The Mullingar Advertiser, The Westmeath Topic, agus The Westmeath Examiner.

Iompar

Téann go leor den trácht idir an Mhi agus Ros Comáin agus Baile Átha Cliath tríd an mbaile. Tá stáisiún traenach ar an mbaile, agus stopann líne Shligeach ann, maraon le línte Bhéal Átha an Fheadha agus Chathair na Mart.

Stair

Cúpla míle ó dheas, bhunaigh Naomh Colman mainistir a bhí ina ionad léinn ar feadh na gcéadta bliain. Bhí tábhacht mhíleata ag baint leis an mbaile mar gheall ar a ionad i lár na tire agus bhí garastúin ann ag Arm na Breataine, mar atá anois ag Arm na hÉireann. Tar éis chath a mhair deich lá d'éirigh leis an nGinearál Godart van Ginkel an baile a ghabháil i mí an Mheithimh 1691.

Daoine Cáiliúla ón Muileann gCearr

Íomhánna

Tagairtí

  • Seamus O'Brien (1999). "Famine and Community in Mullingar Poor Law Union, 1845-49". Irish Academic Press. 
  • Matt Nolan (1999). "Mullingar: Just for the Record". Crigean P.. 
  • Mary Farrell (2002). "Mullingar: Essays on the History of a Midlands Town". Westmeath County Library. 
  • Leo Daly (1975). "James Joyce and the Mullingar Connection". Dolmen P.