An difríocht idir athruithe ar: "Burning Man"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 23: Líne 23:


*Bheith sa Nóiméad: Is ionann bheith sa nóiméad agus ceann de na rudaí is tábhachtaí a gcreidimid ann. Déanaimid iarracht na constaicí a sheasann idir sinn agus sinn féin a aithint mar atá a shárú. Déanaimid iarracht, leis, an saol thar timpeall orainn a fheiceáil i gceart, páirt a glacadh sa tsochaí agus teagmháil a dhéanamh leis an dúlra atá thar fhórsaí an duine. Níl aon smaoineamh ann ar féidir leis áit an eispéiris seo a ghlacadh.
*Bheith sa Nóiméad: Is ionann bheith sa nóiméad agus ceann de na rudaí is tábhachtaí a gcreidimid ann. Déanaimid iarracht na constaicí a sheasann idir sinn agus sinn féin a aithint mar atá a shárú. Déanaimid iarracht, leis, an saol thar timpeall orainn a fheiceáil i gceart, páirt a glacadh sa tsochaí agus teagmháil a dhéanamh leis an dúlra atá thar fhórsaí an duine. Níl aon smaoineamh ann ar féidir leis áit an eispéiris seo a ghlacadh.

[[catagóir:Féilte]]
[[catagóir:Cultúr Mheiriceá]]

Leagan ó 13:31, 24 Iúil 2015

Is féile raidiciúil ealaíne, comhphobail agus féinléirithe bhliantúil a thiteann amach in Black Rock Desert i Nevada SAM é Burning Man. Maireann an fheil seachtain sa lá atá inniu ann ach thosaigh an fhéile sa bhliain 1986 ar Baker Beach in San Francisco.


10 mBunphrionsabal Burning Man | An Fear Dóite

  • Cur san Áireamh Raidiciúil: Is féidir le héinne a bheith mar chuid de Burning Man. Cuirimid fáilte roimh strainséirí agus tá meas orthu leis. Níl aon réamhriachtanas ann le páirt a ghlacadh inár bpobal.
  • Bronnadh: Tá Burning Man gafa le bronntanais a thabhairt. Níl aon choinníoll ag baint le luach na mbronntanas. Níl aon súil le bronntanas eile nó ceann ar chomhluach mar thoradh ar rud a bhronnadh.
  • Dí-thráchtearrú: le spiorad an bhronnta a chaomhnú teastaíonn ónár bpobal timpeallachtaí sóisialta a chruthú nach bhfuil cur isteach ag urraíocht thráchtála, an gnó féin nó ag fógraíocht orthu. Seasaimid an fód lenár gcultúr a chosaint óna leithéid de dhúshaothrú. Cuirimid i gcoinne na n-iarrachtaí an tomhaltas a chur in áit páirt a ghlacadh sa saol.
  • Féinspleáchas raidiciúil: Spreagann Burning Man an duine aonair lena c(h)uid acmhainní inmheánacha a aimsiú, a fhorbairt agus a úsáid.
  • Féinleiriú Raidiciúil: Éiríonn an Féinleiriú Raidiciúil as buanna uathúla an duine. Níl éinne eile ann ar féidir leo seo a shainmhíniú ach an duine nó an mheitheal féin. Tugtar mar bhronntanas é do dhaoine eile. Ba chóir don té a thugann, meas a bheith aige/aici ar chearta agus ar shaoirse an fhaighteora.
  • Comhiarracht: Tá an-luach ag ár bpobal ar chomhoibriú agus ar chomhiarrachtaí. Déanaimid iarracht gréasáin shóisialta, áiteanna poiblí, saothair ealaíne a chruthú, a chur chun cinn agus a chosaint le cabhrú lena leithéid de chomhiarracht.
  • Freagracht Saoránaigh: Tá luach againn ar shochaí na saoránach. Ba chóir do na baill phobail sin a eagraíonn imeachtaí freagracht a ghlacadh as leas an phobail a chur chun cinn agus ba chóir iarracht a dhéanamh na freagrachtaí seo a chur in iúl do rannpháirtithe. Is gá dóibh an fhreagracht a bhaineann le himeachtaí a eagrú go dleathach pé áit a bhfuil siad ar siúl.
  • Ná Fág Rian ar Bith: Tá meas ag ár bpobal ar an timpeallacht. Tá díograis ionainn cinntiú nach bhfágtar rian fisiciúil i ndiaidh ár n-imeachtaí. Glanaimid an áit inár ndiaidh agus déanaimid iarracht, chomh fada agus is féidir, áiteanna a fheabhsú ionas go bhfuil leagan amach níos fearr orthu tar éis dúinn fágáil.
  • Rannpháirtíocht: Tá ár bpobal tiomanta eitic rannpháirtíochta raidicúil a chur chun cinn. Creidimid gur gá don athrú trasfhoirmithe, sa duine nó sa phobal, tarlú trí mheán na domhainrannpháirtíochta pearsanta. Is ionann déanamh agus a bheith beo. Cuirtear fáilte chun oibre agus chun spraoi roimh gach duine. Déantar domhan fíor dúinn trí ghníomhaíochtaí a osclaíonn an croí a chur i gcrích.
  • Bheith sa Nóiméad: Is ionann bheith sa nóiméad agus ceann de na rudaí is tábhachtaí a gcreidimid ann. Déanaimid iarracht na constaicí a sheasann idir sinn agus sinn féin a aithint mar atá a shárú. Déanaimid iarracht, leis, an saol thar timpeall orainn a fheiceáil i gceart, páirt a glacadh sa tsochaí agus teagmháil a dhéanamh leis an dúlra atá thar fhórsaí an duine. Níl aon smaoineamh ann ar féidir leis áit an eispéiris seo a ghlacadh.