An difríocht idir athruithe ar: "Ceann Trá"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 32: Líne 32:
De réir an Staideár Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht bhí 448 daoine os cionn trí bhlian d'aois. Labhair 249 (55.6%) [[Gaeilge]] go laethúil taobh amuigh don córas oideachas.
De réir an Staideár Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht bhí 448 daoine os cionn trí bhlian d'aois. Labhair 249 (55.6%) [[Gaeilge]] go laethúil taobh amuigh don córas oideachas.


De réir daonáireamh [[Poblacht na hÉireann|bPoblacht]] na hÉireann 2011 bhí cónaí ar 423 duine i gCeann Trá. Dúirt 320(79.4%) duine go bhfuileadar ábalta an [[Gaelainn]] a labhairt. D'úsáid 140(34.7%) duine an [[Gaelainn]] go laethúil taobh amuigh don córas oideachas.
De réir daonáireamh [[Poblacht na hÉireann|bPoblacht]] na hÉireann 2011 bhí cónaí ar 423 duine i gCeann Trá. Dúirt 320(79.4%) duine go bhfuileadar ábalta an [[Gaelainn]] a labhairt. Dúirt 140(34.7%) duine go n-úsáideann siad an nGaelainn go laethúil lamuigh don córas oideachas.


== Daoine clúiteacha ==
== Daoine clúiteacha ==

Leagan ó 09:30, 4 Iúil 2015

Teimpléad:Ie baile infobox Sráidbhaile Éireannach i gContae Chiarraí é Ceann Trá (Béarla: Ventry), atá lonnaithe ar Chorca Dhuibhne, seacht gciliméadar taobh thiar den Daingean. B'é Ceann Trá an calafort ba thábhachtaí ar an leithnis fadó, ach ceann scríbe coitianta atá ann do thurasóirí fós inniu.

Tá an sráidbhaile suite ar an imeall thuaidh de Chuan Fhionn Trá i dtírdhreach ardluacha idir an fharraige agus An Chathair Ard, thart ar seacht gciliméadar siar ó dheas ó Dhaingean Uí Chúis ar Chuaird Cheann Sléibhe, R559 – bealach tábhachtach turasóireachta.

An baile

Ionad beag fócais áitiúil is ea an sráidbhaile don phobal tuaithe máguaird. Tá siopa, tábhairne, bunscoil, saotharlann photaireachta agus oifig phoist ann, chomh maith le cé bheag le haghaidh na n-iascairí áitiúla. Gabhann an turasóireacht ar Chuaird Cheann Sléibhe chun leasa Cheann Trá freisin (mar shampla potadóireacht agus caifé), mar a dheineann an trá bhreá agus an pháirc mhór do charabháin. Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl sa halla pobail áitiúil le linn an tsamhraidh. Ar nós lonnaíochtaí eile sa cheantar, is minic a bhionn soláthar lóistín le haghaidh na scolaírí seo ina ioncam tábhachtach do theaghlaigh.

Tá séipéal, tábhairne agus siopa beag suite ag Ard a’ Bhóthair, dhá chiliméadar ó Cheann Trá.

Tá caisleán Ráthanáin sa pharóiste (bhíodh ráth ann roimhe sin). Bhíodh dún ceann tíre, An Dún Beag, suite sé chiliméadar siar ó Cheann Trá, agus maireann na fothracha fós. Tá Cill Mhic an Domhnaigh suite i ngar dó. Is féidir clocháin a fheiscint i gCill Mhic an Domhnaigh.

Foirm Uirbeach

Ceann Trá

Tá lár beag mar a sholáthraítear seirbhísí áitiúla ag sráidbhaile Cheann Trá, agus tá a aghaidh sin ar na bóithre R559 agus L-8039. Tá forbairt ribíneach ar thaobh An Daingin de Cheann Trá chomh fada le Baile Mór, agus ar an mbóthar ard, L-8039. Tá forbairt tithíochta saoire, ar stíl bhruachbhailteach, lastuaidh de chroí Cheann Trá, a bhaineann de shuíomh agus de threithiúlacht na háite. Patrún líneach atá ar an mbaile toisc srianta ar fhorbairt ar thaobh na farraige den R559, áit atá ainmnithe ina Phríomh-Limistéar Taitneamhachta Speisialta i bPlean forbartha an Chontae. An patrún traidisiúnta lonnaíochta i gcroí Cheann Trá ná tithe sraithe dhá stór, le struchtúr níos mó atá trí stór ar airde ag an gceann thiar.

Déimeagrafaic

Bhí 1901 duine ina gcónaí sna Toghranna Ceantair Ceann Trá agus Na Gleannta sa bhliain 2006 de réir an daonáirimh. Dúirt 73% go raibh Gaelainn acu, ach ní dúirt ach 43% go raibh úsáid á bhaint acu as an nGaelainn ar bhonn laethúil. Sa tréimhse 2000 go dtí 2006 ceadaíodh 31 iarratas pleanála cónaithe.

De réir an Staideár Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht bhí 448 daoine os cionn trí bhlian d'aois. Labhair 249 (55.6%) Gaeilge go laethúil taobh amuigh don córas oideachas.

De réir daonáireamh bPoblacht na hÉireann 2011 bhí cónaí ar 423 duine i gCeann Trá. Dúirt 320(79.4%) duine go bhfuileadar ábalta an Gaelainn a labhairt. Dúirt 140(34.7%) duine go n-úsáideann siad an nGaelainn go laethúil lamuigh don córas oideachas.

Daoine clúiteacha

Oidhreacht Nádúrtha

Tá Limistéar ainmnithe Oidhreachta Náisiúnta suite sa cheantar. Trá Fhionn Trá, córas beag dumhcha, loch beag, féarthailte fliucha agus seascann mór giolcaí atá ann. Tá an limistéar idir Cuaird Cheann Sléibhe, R559, agus an fharraige, ainmnithe ina Phríomh-Limistéar Taitneamhachta Speisialta. Tá an tirdhreach seo an-íogair go deo, agus is ar éigean atá acmhainn ar bith forbartha inti, má tá faic in aon chor. Beidh cosc ar fhorbairt ar bith sa limistéar seo, seachas forbairt a bhfuil díolúine speisialta ann di de réir an sceidil do na Rialacháin Phleanála & Forbartha, 2001.

Cuan Fionntrá

Ar an 4 Deireadh Fómhair 1939, tháinig U-Bhád Gearmánach, U-35,[2] isteach sa chuan agus tháinig 28 príosúnach i dtír. Ba mhairnéalaigh Ghréagacha de chuid an MV Diamantis iad. Bhí cuid de mhuintir an cheantair i láthair, mar shampla Jimmy Fenton, Bearnard Ó Lubhaing, Tadhg Ó Cíobháin, agus Eoghan Ó Cléirigh.

Tagairtí

Naisc sheachtracha