An difríocht idir athruithe ar: "Rothar"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 17:14, 18 Samhain 2004

Rothar. Feithicil talún le dhá roth i líne. Tagann fórsa na gluaiseachta ó dhuine ina shuí nó ina luí ar dhiallait, trí thoitheáin. Tá an rothar ar cheann de na modhanna iompar iompair is coitianta ar Domhan, agus tábhacht thar na bearta leis i dtíortha áirithe. Is spórt é agus caitheamh aimsire a bhfuil an-tóir é an rothaíocht chomh maith.

Is féidir luas de suas le 50km san uair a bhaint amach ar rothar agus d'éirigh leis an gCeanadach Sam Whittingham 142.51km san uair a bhaint amach ar chúrsa rása. Is é seo an curiarracht le haghaidh feithicle a úsáideann cumhacht dhaonna.

Tá an rothar trí huaire níos gaiste ná siúl na gcos leis an iarracht chéanna agus trí huaire níos éifeachtaí. Mar bhealach chun bia a thiontú go fuinneamh úsáideach is é seo an modh gluaiseachta is éifeachtaí atá ag neach beo ar bith.

Stair Is iomaí réamhtheachtaí a bhí ann don rothar. Luaitear go minic an célérifière a chum an Cúnta Mede De Sivrac i 1790, agus an lauftmaschine a chuir an barún Gearmánach Karl Drais Von Sauerbronn os comhair mhuintir Pháras i 1818. Bhí gléasanna eile ar nós an draisienne, an hobby horse, biciped agus an trotinette ann chomh maith agus an vélocipède a raibh an-tóir air tar éis 1866. Bhí siad an-mhíchompordach agus bronnadh an leasainm 'boneshaker' orthu.

Tosaíodh ar rotha rubair a chur ar rothair in 1869 agus bhí siad níos compordaí ansin. Tosaíodh ar an shlabhra a úsáid chun an ghluaiseacht a éascú leis an 'Rover' a chum J.K. Starley sa Bhreatain agus bhí an rothar i bhfad níos sábháilte dá bharr sin, agus de bharr an dá roth a bheith ar aon mhéid. Thiomáin an slabhra an roth cúil a bhí ag casadh ar luas níos airde ná na troitheáin agus bhí an rothar níos tapúla dá bharr sin. Cuireadh feadán aeir sna rotha, rud a chuir tuilleadh feabhais ar chompord agus luas na feithicle. Tosaíodh ar an rothar a tháirgeadh ar bhonn thionsclaíoch agus bhí án-éileamh air mar mhodh taistil i mbailte agus faoin tuath, mar go raibh siad saor go leor don lucht oibre.

Thug an rothar deis taistil do mhná chomh maith agus bhí gach cineál duine in ann dul níos faide ó bhaile. Chuaigh an capall i léag mar áis iompair ag an am céanna. Bhí an-tionchar ag an rothar ar an tionsclaíocht chomh maith, mar gheall ar an bhforbairt a rinneadh ar fhrámaí éadroma agus ar rotha miotail, agus bhí na deartháireacha Wright, mar shampla, ina ndéantóirí rothar sular thug siad faoi eitleáin a thógáil. Agus mar gheall ar an líon daoine a thosaigh ag taisteal na tíre bhí tionchar polaitiúil ag an rothar. Cuireadh eagraíochta turasóireachta agus taistil ar bun agus brúghrúpaí a d'éiligh feabhas ar bhóithre, ar lóistín agus ar an léarscáilíocht.

In Éirinn, d'úsáid timirí Chonradh na Gaeilge agus na h[Óglaigh] an rothar chun ranganna agus cruinnithe a eagrú.

Tháinig an Carr (gluaisteán) chun cinn ag an am céanna agus tháinig meath ar úsáid an rothair mar mhodh taistil idir cathracha, ach leanadh ar aghaidh á úsáid i mbailte móra chun turais ghearra a dhéanamh, in áiteanna atá ró-chúng don charr nó ina bhfuil an pháirceáil gann nó an-daor. De réir mar a d'éirigh daoine as an rothar a úsáid mar phríomh-mhodh taistil tháinig sé chun cinn mar ghléas caitheamh aimsire, go háirithe ag déagóirí.

Breis eolais (i Fhraincis):[Bicyclette]