An difríocht idir athruithe ar: "Barack Obama"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Cealaíodh athrú 766197 le 111.255.33.243 (plé)
Líne 27: Líne 27:


== A chéad óige ==
== A chéad óige ==
Saolaíodh Barack Obama sa bhliain 1961 in [[Honolulu]], [[Haváí]], agus é ar an chéad uachtarán a tháinig chun saoil ar an oileán siúd. Eacnamaí ón [[An Chéinia|Chéinia]] ó dhúchas i bhí ina athair Barack Obama sinsear agus antraipeolaí Mheiriceánach a bhí ina mháthair Stanley Ann Dunham. Chuir an bheirt aithne ar a chéile den chéad uair agus iad ag staidéar na Rúisise ag Ollscoil Haváí thiar sa bhliain 1960. Phós siad in [[Maui]] ar an 2 Feabhra 1961 ach níorbh fhada go raibh a mac breithe ná gur bhog a [[mháthair soir go Meiriceá chun freastal ar Ollscoil Washington in [[Seattle]] ar feadh bliain amháin, agus a mac óg in éineacht léi. Agus céim san eacnamaíocht bainte amach ag Barack sinsear in Haváí, bronnad]]h scoláireacht air chun cur lena chuid oideachais in Ollscoil Harvard. Críochnaíodh an pósadh le colscaradh sa bhliain 1964. D'fhill Barack sinsear ar a thír dhúchais sa bhliain chéanna, áit inar phós sé in athuair. Níor thug sé riamh ach aon chuairt amháin ar a mhac agus é ag éirí aníos ar Haváí agus cailleadh i dtimpiste bhóthair é sa bhliain 1984.
Saolaíodh Barack Obama sa bhliain 1961 in [[Honolulu]], [[Haváí]], agus é ar an chéad uachtarán a tháinig chun saoil ar an oileán siúd. Eacnamaí ón [[An Chéinia|Chéinia]] ó dhúchas i bhí ina athair Barack Obama sinsear agus antraipeolaí Mheiriceánach a bhí ina mháthair Stanley Ann Dunham. Chuir an bheirt aithne ar a chéile den chéad uair agus iad ag staidéar na Rúisise ag Ollscoil Haváí thiar sa bhliain 1960. Phós siad in [[Maui]] ar an 2 Feabhra 1961 ach níorbh fhada go raibh a mac breithe ná gur bhog a mháthair soir go Meiriceá chun freastal ar Ollscoil Washington in [[Seattle]] ar feadh bliain amháin, agus a mac óg in éineacht léi. Agus céim san eacnamaíocht bainte amach ag Barack sinsear in Haváí, bronnadh scoláireacht air chun cur lena chuid oideachais in Ollscoil Harvard. Críochnaíodh an pósadh le colscaradh sa bhliain 1964. D'fhill Barack sinsear ar a thír dhúchais sa bhliain chéanna, áit inar phós sé in athuair. Níor thug sé riamh ach aon chuairt amháin ar a mhac agus é ag éirí aníos ar Haváí agus cailleadh i dtimpiste bhóthair é sa bhliain 1984.


== Beartais ==
== Beartais ==

Leagan ó 10:26, 3 Bealtaine 2015

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Is é Barack Hussein Obama II (4 Lúnasa, 1961 a rugadh é) 44ú hUachtarán na Stát Aontaithe, agus is é an t-uachtarán reatha chomh maith. Tháinig sé i gcomharbacht ar George W. Bush sa bhliain 2009. Is é Obama an t-aon duine gorm a toghadh mar Uachtarán agus ba é an t-aon seanadóir gorm sa Seanad sa téarma faoi dheireadh agus an cúigiú Seanadóir gorm i stair Mheiriceá.[1] Ar an 9 Deireadh Fómhair 2009, bronnadh Duais Nobel na Síochána air.

A chéad óige

Saolaíodh Barack Obama sa bhliain 1961 in Honolulu, Haváí, agus é ar an chéad uachtarán a tháinig chun saoil ar an oileán siúd. Eacnamaí ón Chéinia ó dhúchas i bhí ina athair Barack Obama sinsear agus antraipeolaí Mheiriceánach a bhí ina mháthair Stanley Ann Dunham. Chuir an bheirt aithne ar a chéile den chéad uair agus iad ag staidéar na Rúisise ag Ollscoil Haváí thiar sa bhliain 1960. Phós siad in Maui ar an 2 Feabhra 1961 ach níorbh fhada go raibh a mac breithe ná gur bhog a mháthair soir go Meiriceá chun freastal ar Ollscoil Washington in Seattle ar feadh bliain amháin, agus a mac óg in éineacht léi. Agus céim san eacnamaíocht bainte amach ag Barack sinsear in Haváí, bronnadh scoláireacht air chun cur lena chuid oideachais in Ollscoil Harvard. Críochnaíodh an pósadh le colscaradh sa bhliain 1964. D'fhill Barack sinsear ar a thír dhúchais sa bhliain chéanna, áit inar phós sé in athuair. Níor thug sé riamh ach aon chuairt amháin ar a mhac agus é ag éirí aníos ar Haváí agus cailleadh i dtimpiste bhóthair é sa bhliain 1984.

Beartais

Teastaíonn deireadh leis an gcogadh san Iaráic, laghdú i dtionchar corparáideach, nascanna níos fearr le níos mó rialtais eachtrannacha, clár gníomhaíochta comhshaoil níos fearr, seirbhís sláinte chomhchoitianta agus aontú agus deireadh le polarú polaitiúil an náisiúin uaidh.

Is mór an bhéim a chuireann Obama ar "athrú" agus "dóchas", agus deir sé go mbeidh sé in ann an scoilt idir stáit dhearga (Choimeádacha) agus ghorma (Liobrálacha) a réiteach.

Toghcháin

Feachtas sa toghchán uachtaránachta

Obama ag obair ar a chéad fheachtas, i New Hampshire, 2008

Dúirt Obama go mbeadh sé ina iarrthóir don Uachtaránacht ar 10 Feabhra 2007. Ar 3 Eanáir 2008 bhuaigh Obama an chéad vótáil stáit chun an iarrthóir Daonlathach a roghnú in Iowa, le 38% den vóta, 8% níos mó ná John Edwards agus Hillary Clinton sa dara agus tríú háit. Thug an bua móiminteam dó, ach chaill sé ar 8 Eanáir i New Hampshire. Bhuaigh Clinton Nevada agus Obama Carolina Theas tár éis seo. Roinn siad na vótaí ar 6 Feabhra ach bhuaigh Obama 11 toghchán stáit as a chéile ina dhiaidh sin. Bhí an bua ag Obama faoi 3 Meitheamh. Ba iad Obama agus John McCain, rogha an Pháirtí Phoblachtaigh, na hiarrthóirí is mó sa toghchán ginearálta. Roghnaigh Obama Joe Biden mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh phost an Leas-Uachtaráin.

Toghchán 2008

D'fhan Obama chun cinn ar McCain sna pobalbhreitheanna suas go dtí lá an toghcháin agus ní raibh sé i bhfad tar éis dhúnadh na lárionaid vótála go raibh na meáin chumarsáíde ag fógairt bua Obama.

Toghchán 2012

D'fhógair Obama go raibh sé ag seasamh don dara téarma mar uachtarán ar 4 Aibreán 2011. Níor sheas aon duine eile sa Pháirtí Daonlathach ina choinne, beagnach. Fuair sé an t-ainmniúchán féin ag cruinniú náisiúnta na nDaonlathach in Charlotte, Carolina Thuaidh, in éineacht le Joe Biden mar leasuachtarán. Bill Clinton, iar-uachtarán, a d'ainmnigh iad beirt go hoifigiúil. Ar an 6 Samhain 2012 fuair Obama an bua ar Mitt Romney sa toghchán náisiúnta. Tá a dara théarma le tosnú ar an 20 Eanáir 2013.

Saol pearsanta

Tá dhá leabhar mór-ráchairte scríofa aige, Dreams of my Father, faoina óige, agus The Audacity of Hope, faoina smaointí féin maidir leis an bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe. Phós sé sa bhliain 1992 agus tá beirt iníon aige.

Tagairtí

Naisc sheachtracha