An difríocht idir athruithe ar: "Teannas dromchla"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
Líne 3: Líne 3:
{{Fréamh an Eolais}}
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
{{síol}}

{{Link GA|en}}

Leagan ó 13:10, 27 Márta 2015

Airí dromchla leachta. Soláthraíonn sé an saghas craicinn a dhealraíonn a bheith ar leachtanna, a choinníonn ola i mbraoiníní is a ligeann d'fheithidí áirithe locháin siúl ar an uisce. Éiríonn sé ón bhfíoras nach bhfuil aon mhóilín leachta sa dromchla timpeallaithe ag móilíní an leachta de bhrí go bhfuil aer i dteagmháil leis os a chionn. Bíonn fórsa aomtha na móilíní leachta faoin dromchla níos láidre ná an fórsa lag aomtha ón aer os a chionn. Tomhaistear an teannas dromchla i niútain in aghaidh an mhéadair (N m-1). Braitheann teannas dromchla leachta ar an teocht (laghdaíonn sé nuair a ardaíonn an teocht) agus an gás atá i dteagmháil leis. Bíonn cuma leaisteach ar dhromchlaí leachtanna, mar shampla i mbolgáin aeir is scannáin gallúnaí.