An difríocht idir athruithe ar: "An Córas imdhíonachta"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
Líne 3: Líne 3:
{{Fréamh an Eolais}}
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
{{síol}}

{{Link GA|de}}
{{Link GA|es}}

Leagan ó 12:03, 27 Márta 2015

An córas inmheánach sa cholainn dhaonna a dhéanann í a chosaint. Nuair a dhéanann baictéirvíris ionradh ar an gcolainn, tagann cealla bána na fola timpeall orthu, ag cruthú antashubstaintí ar leith chun iad a ionsaí. Déanann na cealla bána na hionraitheoirí ón taobh amuigh neamhurchóideach, nó daingníonn iad go n-itheann siad amach is amach iad. Fanann na hantashubstaintí seo sa cholainn le blianta tar éis ionradh baictéar nó víreas, ionas go mbíonn an cholainn réidh tuilleadh antashubstaintí a chruthú mar chosaint i gcoinne an ghalair sin agus fiú é a sheachaint, b'fhéidir ar feadh saol duine. Tá galair víreasacha áirithe ann, áfach, SEIF mar shampla, a mhilleann na cealla gníomhacha sa chóras imdhíonach agus a fhágann an cholainn gan chosaint i gcoinne a lán galar tógálach is ceall ailseach. Is é atá i gceist nuair a imdhíontar an cholainn le vacsaín de ghalar ná an cholainn a spreagadh chun antashubstaintí ar leith a chruthú le cealla neamhurchóideacha den ghalar sin. Fanann na hantashubstaintí seo sa bhfuil ar feadh na mblianta mar chosaint i gcoinne an drochghalair sin.