An difríocht idir athruithe ar: "Maximilien Robespierre"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Robot: fr:Maximilien de Robespierre is a good article; athruithe cosmaideacha
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
Líne 24: Líne 24:
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1758]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1758]]
[[Catagóir:Básanna i 1794]]
[[Catagóir:Básanna i 1794]]

{{Link GA|fr}}

Leagan ó 09:24, 27 Márta 2015

Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir

Duine de na ceannairí ba thábhachtaí i Réabhlóid na Fraince a bhí i Maximilien François Marie Isidore de Robespierre (6 Bealtaine 175828 Iúil 1794). Bhí sé ina bhall de Choiste na Slándála Poiblí agus ghlac sé páirt lárnach sa chuid den réabhlóid ar a tugtar Ré an Uafáis, go dtí gur gabhadh agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1794. Ceannaire dian agus cruálach ab ea é, ach neamh-éillitheach ag an am céanna, rud a thuill an leasainm "Robespierre Dochlaonta" dó.

Saol

Rugadh é ar 6 Bealtaine 1758 in Arras (Artois). É ina dhlíodóir agus ina pholaiteoir. É ar an duine ba shuntasaí de na Montagnards sa Chomhdháil, agus dlúthbhaint aige le “claonadh daonlathach” na Réabhlóide. É ar na daoine is conspóidí den ré sin; thug a chairde “an fear dothruaillithe” air, agus chuir a naimhde tíorántacht ina leith. Ábhar mór díospóireachta é an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar Choiste na Slándála Poiblí agus ar an rialtas réabhlóideach, ó deir staraithe éigin nach mór a bhí a chomhghuaillithe faoina anáil. Nuair a básaíodh é in éineacht le haon duine amháin agus fiche dá chairde, ba mhór an babhta ar an rialtas réabhlóideach é. Na daoine ar éirigh leo maoin na huaisle agus na mbaincéirí saibhre a chreachadh i rith na Sceimhle d’oir sé dóibh a lán coireanna a chur i leith Robespierre.

Fuair sé bás faoin ngilitín ar 28 Iúil 1794 i bPáras, i gCearnóg na Réabhlóide.