An difríocht idir athruithe ar: "Gaimbia"
m Removing Link FA template (handled by wikidata) |
m Removing Link GA template (handled by wikidata) |
||
Líne 53: | Líne 53: | ||
[[Catagóir:An Ghaimbia|*]] |
[[Catagóir:An Ghaimbia|*]] |
||
{{Link GA|de}} |
Leagan ó 06:49, 27 Márta 2015
Is tír í Poblacht na Gaimbia atá suite san Afraic Thiar. Is í Banjul a príomhchathair. Fuair sí neamhspleáchas ó Impireacht na Breataine i 1965.
Polaitíocht
Roimh an coup d'État i Iúil 1994, b'é an Ghaimbia ceann de na tíortha daonlathacha ilpháirtí is sine san Afraic. Ritheadh toghchán gach 5 bliana ó fuair sí neamhspleáchas ón Bhreatain. Ó aimsir an coup go dtí Iúil 2001, bhí cosc ar pholaiteoirí as páirtí an Iar-Uachtaráin Jawara agus oifigigh shinsearacha eile a rith i dtoghcháin.
I ndiaidh an coup d'état, bhí toghchán don uachtaránacht i Meán Fómhair, 1996 agus bhuaigh an Coirnéal Yahya Jammeh an rás. Ghlac ceithre pháirtí freasúra páirt i dtoghchán uachtaránachta ar 18 Deireadh Fómhair, 2001 agus bhuaigh Jammeh arís. Choimeád an APRC a dtromlach sa Chomhthionól Náisiúnta san olltoghchán in Eanáir 2002.