An difríocht idir athruithe ar: "An Eilvéis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
MacTire02 (plé | dréachtaí)
stíl
Líne 41: Líne 41:
|glaochód=41
|glaochód=41
|fonótaí=|}}
|fonótaí=|}}
Is [[tír]] bheag thalamhiata atá suite in iarthar na [[an Eoraip|hEorpa]] í '''an Eilvéis''', nó ''Cónaidhm na hEilvéise''. Tá teorannacha aici leis an [[an Ostair|Ostair]], le [[Lichtinstéin]], leis an [[An Fhrainc|bhFrainc]], leis an [[an Iodáil|Iodáil]], agus leis [[an Ghearmáin|an nGearmáin]].
Is [[tír]] bheag thalamhiata atá suite in iarthar na [[an Eoraip|hEorpa]] í '''an Eilvéis''' nó '''an Eilbhéis''' (ainm oifigiúil: '''Cónaidhm na hEilvéise'''). Tá teorannacha aici leis an [[an Ostair|Ostair]], le [[Lichtinstéin]], leis an [[An Fhrainc|bhFrainc]], leis an [[an Iodáil|Iodáil]], agus leis [[an Ghearmáin|an nGearmáin]].


== Teangacha ==
== Teangacha ==
Líne 71: Líne 71:
== Tagairtí ==
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
{{Reflist}}

{{Cathracha na hEilvéise}}


[[Catagóir:An Eilvéis| ]]
[[Catagóir:An Eilvéis| ]]

Leagan ó 04:04, 12 Feabhra 2015

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Is tír bheag thalamhiata atá suite in iarthar na hEorpa í an Eilvéisan Eilbhéis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na hEilvéise). Tá teorannacha aici leis an Ostair, le Lichtinstéin, leis an bhFrainc, leis an Iodáil, agus leis an nGearmáin.

Teangacha

Tá ceithre theanga oifigiúl san Eilvéis: an Ghearmáinis (63,7 %), an Fhraincis (20,4 %), an Iodáilis (6,5 %) agus an Rómainis (0,5 %). Maidir leis an gcineál Gearmáinise a labhraítear san Eilvéis, is canúint neamhionann go leor í leis an Ard-Ghearmáinis atá in uachtar sa Ghearmáin.

Tíreolaíocht

Gleann Engadine san Eilvéis

Is tír shléibhtiúil í an Eilvéis. Roinntear an tír ina trí chuid: na Sléibhte Alpa, an tArdán Láir agus na Sléibhte Jura. I measc sléibhte cáiliúla na tíre, tá an Matterhorn. Tá na cathracha, Zürich agus an Ghinéiv mar shampla, ar an Ardán Láir, agus mar i gcéanna leis an gcuid is mó den daonra.

Neodrachas

Cé go bhfuil an Eilvéis i lár na hEorpa idir tíortha a raibh cogaidh go leor ar siúl acu le linn na 19ú agus 20ú céad, tá beart eachtrach neodrach docht ag an tír le tamall fada. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar shampla, cé go labhraítear Gearmáinis ansin agus go mbíonn teorainn leis an Ostair, an nGearmáin agus an Iodáil (is é sin, tíortha na hAise) ann, ní raibh an Eilvéis rannpháirteach sa chogadh sin. Ní raibh an Eilvéis páirteach i gcogaíocht ón mbliain 1815 i leith.

Mar sin, ní ghlacann an Eilvéis páirt san Aontas Eorpach. Ní raibh an Eilvéis lánpháirteach sna Náisiúin Aontaithe go dtí an bhliain 2002. D'ainneoin traidisiún neodrachais na hEilvéise, ar 5 Meitheamh, 2005, ghlac vótálaithe Eilvéiseacha le Conbhinsiún Schengen.

Tá a lán eagraíochtaí idirnáisiúnta lonnaithe san Eilvéis. Bunaíodh an Chros Dhearg sa tír, sa Ghinéiv, sa bhliain 1863. Tá an dara grúpa oifigí is mó de chuid na Náisiún Aontaithe suite sa Ghinéiv.

Íomhánna

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR