An difríocht idir athruithe ar: "Doire"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Meabhar (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 5: Líne 5:
Rinne an Rí Séamus II iarracht an chathair a ghabháil i 1689 ach bhí an lucht cosanta ábalta seasamh ina choinne go dtí gur tháinig an cabhlach i gcabhair orthu. Déantar léigear Dhoire a chomóradh ar an 12 Lúnasa gach bliain ag aontachtóirí agus dílseoirí na cathrach.
Rinne an Rí Séamus II iarracht an chathair a ghabháil i 1689 ach bhí an lucht cosanta ábalta seasamh ina choinne go dtí gur tháinig an cabhlach i gcabhair orthu. Déantar léigear Dhoire a chomóradh ar an 12 Lúnasa gach bliain ag aontachtóirí agus dílseoirí na cathrach.


D'fhás Doire go mór sa naoú haois déag mar gheall ar an tionsclaíocht. Bhí monarchana léinte sa chathair agus sna bailte máguaird. Ach tar éis Críochdheighilt na hÉireann tháinig meath ar an gcathair agus bhí dífhostaíocht an-ard ann, go háirithe i measc na gCaitliceach a bhí ina dtromlach sa chathair. Thosaigh feachtas ar son cearta vótála agus tithíochta sa chathair sna seascadaí. Rinne Rialtas na Sé Chontae iarracht an ghluaiseacht cearta sibhialta a chur faoi chois le lámh láidir, ach d'eascair feachtas fuilteach as an iarracht sin. Dúnadh ceantair iomlána sa chathair agus bhí ciréibeanna fuilteacha ann ó 1968 i leith. Rinne Arm na Breataine ionradh ar Thaobh an Bhogaigh, an príomhcheantar Caitliceach i 1972, ach lean feachtas buamála agus maraithe ar aghaidh ar feadh breis is fiche bliain eile. De réir a chéile rinneadh iarracht caighdeán tithíochta na cathrach a fheabhsú agus na cearta céanna a thabhairt do gach duine, agus tá an chathair ag bláthú le deich mbliana anuas, go háirithe ó chuir na Sealadaigh deireadh lena bhfeachtas míleata.
D'fhás Doire go mór sa naoú haois déag mar gheall ar an tionsclaíocht. Bhí monarchana léinte sa chathair agus sna bailte máguaird. Ach tar éis Críochdheighilt na hÉireann tháinig meath ar an gcathair agus bhí dífhostaíocht an-ard ann, go háirithe i measc na gCaitliceach a bhí ina dtromlach sa chathair. Thosaigh feachtas ar son cearta vótála agus tithíochta sa chathair sna seascadaí. Rinne Rialtas na Sé gChontaethe iarracht an ghluaiseacht cearta sibhialta a chur faoi chois le lámh láidir, ach d'eascair feachtas fuilteach as an iarracht sin. Dúnadh ceantair iomlána sa chathair agus bhí ciréibeanna fuilteacha ann ó 1968 i leith. Rinne Arm na Breataine ionradh ar Thaobh an Bhogaigh, an príomhcheantar [[Caitliceachas|Caitliceach]] i 1972, ach lean feachtas buamála agus maraithe ar aghaidh ar feadh breis is fiche bliain eile. De réir a chéile rinneadh iarracht caighdeán tithíochta na cathrach a fheabhsú agus na cearta céanna a thabhairt do gach duine, agus tá an chathair ag bláthú le deich mbliana anuas, go háirithe ó chuir na Sealadaigh deireadh lena bhfeachtas míleata.


Tá timpeall ochtó míle duine i nDoire anois.
Tá timpeall ochtó míle duine i nDoire anois.

Leagan ó 07:57, 18 Nollaig 2004

Is é Doire an dara chathair is mó i gCúige Uladh. Sa séú haois bhunaigh Colm Cille (521-597) mainistir ann. Doire Cholm Cille a tugadh ar an áit ina onóir. Tá fianaise ann áfach go raibh cónaí ar dhaoine sa chomharsanacht na mílte bliain roimhe sin agus tá iarsmaí seandálaíochta ar fud na háite. Ón chrann darach a thagann an t-ainm 'Doire'. Tá an chathair suite ar dhá thaobh abhainn an Fheabhail. Bhí an-rath ar an mhainistir faoi cheannas chlann Mhic Lochlainn sna meánaoiseanna agus is cosúil nár ionsaigh na Lochlannaigh riamh í. Chaith na Normanaigh seal gearr sa chathair ach tháinig na Gaeil i gceannas arís go gasta. Thóg na Dochartaigh caisleán ann timpeall na bliana 1500.

Ghabh arm Sasanach seilbh ar an chathair agus ar an mhainistir ag tús an seachtú haois déag. Bhí an-tábhacht leis an gharastún a bhunaigh na Sasanaigh i nDoire le linn an chogaidh in éadan Aodh Uí Néill mar go raibh siad ábalta seilbh a choinneáil uirthi le linn do airm na nGael a bheith buacach ar fud Chúige Uladh go dtí 1601. Scrios Cathaoir Ó Dochartaigh an cóilíneacht Shasanach áfach i 1608, cé go raibh sé ag troid ar son na Sasanach in aghaidh Uí Néill. Ba ansin a cuireadh Plandáil Uladh ar bun. Tógadh an chathair as an nua agus tugadh 'Londonderry' mar ainm uirthi mar gurb iad comhlachtaí Londain a bhí i mbun na plandála. D'fhás an chathair go han-mhall agus ní raibh ach 2,000 duine inti faoi 1680.

Rinne an Rí Séamus II iarracht an chathair a ghabháil i 1689 ach bhí an lucht cosanta ábalta seasamh ina choinne go dtí gur tháinig an cabhlach i gcabhair orthu. Déantar léigear Dhoire a chomóradh ar an 12 Lúnasa gach bliain ag aontachtóirí agus dílseoirí na cathrach.

D'fhás Doire go mór sa naoú haois déag mar gheall ar an tionsclaíocht. Bhí monarchana léinte sa chathair agus sna bailte máguaird. Ach tar éis Críochdheighilt na hÉireann tháinig meath ar an gcathair agus bhí dífhostaíocht an-ard ann, go háirithe i measc na gCaitliceach a bhí ina dtromlach sa chathair. Thosaigh feachtas ar son cearta vótála agus tithíochta sa chathair sna seascadaí. Rinne Rialtas na Sé gChontaethe iarracht an ghluaiseacht cearta sibhialta a chur faoi chois le lámh láidir, ach d'eascair feachtas fuilteach as an iarracht sin. Dúnadh ceantair iomlána sa chathair agus bhí ciréibeanna fuilteacha ann ó 1968 i leith. Rinne Arm na Breataine ionradh ar Thaobh an Bhogaigh, an príomhcheantar Caitliceach i 1972, ach lean feachtas buamála agus maraithe ar aghaidh ar feadh breis is fiche bliain eile. De réir a chéile rinneadh iarracht caighdeán tithíochta na cathrach a fheabhsú agus na cearta céanna a thabhairt do gach duine, agus tá an chathair ag bláthú le deich mbliana anuas, go háirithe ó chuir na Sealadaigh deireadh lena bhfeachtas míleata.

Tá timpeall ochtó míle duine i nDoire anois.